a cos aici, agus cead a cinn, agus cead a béil. Is truaġ nár coimeádaḋ anso í. Déanfaiḋ an ḃean san díoḃáil dúinn. Tá sí ar dearg ḃuile mar ġeall ar an gcuma 'n-a ḃfuil stáicín áiféis déanta ḋi os cóṁair an doṁain. Ní ċuirfeaḋ sé blúire iongnaḋ orm d'á dtéiḋeaḋ sí féin, do ṡiúḃal a cos dá mb' ḟéidir é, soir ċun cainte le ríġ Loċlan, agus as san óṫuaiḋ ċun cainte le ríġ na h-Ioruaiḋe, agus mór-ṫímpal ċun gaċ ríġ agus ċun gaċ tíre 'n-ar ḋóiċ léi go ḃfaġaḋ sí a ḃeag nó a ṁór d' aon rud i ḃfuirm nirt slóġ le taḃairt léi ċun díoltais a ḋéanaṁ ar Árdríġ Éirean agus orainn go léir. Daoine ná cuiṁneóċ' i n-aon ċor ar ṫeaċt meallfaiḋ sí léi iad agus tiocfaid siad. Is mór an truaġ nár coimeádaḋ anso í!”
“Tá an ceart agat sa méid sin, a Ċaoilte,” arsa Murċaḋ. “Dúḃairt féin leis an Árdríġ gur í ċoimeád anso ba ċeart. Ní ḋéanfaḋ. Ba lag leis é. Ni'l againn aċ aon ġnó aṁáin a ḋéanaṁ de pé neart a ṫiocfaiḋ. D'á ṁéid a ṫiocfaiḋ díoḃ, má ṫugaimíd Gleann Ṁáma an tarna h-uair dóiḃ, rud a ṫaḃarfaimíd, iseaḋ is lúġa is baoġal iad do ṫeaċt go deó airís ċúġainn. Táid siad fada a ndóṫin ag teaċt. Is miṫid deire ċur le n-a gcuardaiḃ. Ní raiḃ fir Éirean riaṁ ċóṁ ceapaiṫe ar ḋeire ċur le cóṁaċt Loċlan agus atáid siad anois. Aċ ní h-ag caint is ceart dúinn a ḃeiṫ. Téanaíg. Tá caint ag an Árdríġ le déanaṁ liom-sa agus le beirt agaiḃ-se.”
Ċuadar i láṫair an Árdríġ. Ḃí a lán eile des na giollaíḃ turais cruinniġṫe rómpa ann. Ḃí Maolṡuaṫain ann agus leitireaċa aige 'á sgrí' ċóṁ tiuġ agus d' ḟéadaḋ sé an cleite ċomáint. Fé mar a ḃíoḋ gaċ leitir sgríoḃṫa aige ċuireaḋ Brian a ainim ṫíos léi, agus do tugtí do ḋuine des na giollaíḃ turais í agus ċuireaḋ sé sin an talaṁ dé.
Ag triall ar na ríġṫiḃ agus ar na taoiseaċaiḃ a ḃí cuid