Page:Niamh - Peadar Ua Laoghaire.djvu/254

From Wikisource
Jump to navigation Jump to search
This page has not been proofread.
250
NIAṀ

siúḃal idir an dtriúr, istiġ i ríġṫeiġlaċ Sitric i n-Áṫ Cliaṫ, nuair a ḃíodar 'ġá ṁaoiḋeaṁ agus 'ġá ḋearḃuġaḋ go ndéanfaidís so 's súd leis an Lonán a ḃuail an bob orṫa, ċóṁ luaṫ agus ġeóḃdís greim air.

Isiad a ḃí go loisgiṫe sgólta 'n-a gcroíḋe agus 'n-a n-aigne, ag cuiṁneaṁ ar an gcuma 'n-ar ḃuail sé an bob san orṫa, díreaċ nuair a ṁeasadar gur ḃ' iad féin a ḃí 'á ḃualaḋ air-sean go h-áluinn. Ḃí Caoilte i gCeann Cora an uair ċéadna agus is 'mó gáire ṁaiṫ a ḃí aige féin agus ag Lonán agus ag Murċaḋ agus Lonán ag seanaċus do'n ḃeirt eile ar an gcuma 'na mbíoḋ sé féin agus Gormḟlaiṫ ag toġaḋ na luiḃneaċa agus ag áireaṁ na gcóṁaċt a ḃí ionta.

“Tá an méid seo agam le ráḋ, áṁṫaċ,” arsa Lonán leis an mbeirt. “Tríd an obair go léir ní mise do ċúm ná do ċeap ná do ḃeartuiġ ná do ṫusnuiġ aon droċ níḋ. Í féin a ṫusnuiġeaḋ gaċ aon rud. Níor ṫugas di aon ḃlúire droċ eóluis ná raiḃ aici ċeana. Nuair a ḃí an bia againn d'á ollaṁuġaḋ ċun an ġníṁ a ḋéanaṁ, níor ḋeineas aċ gaċ aon rud do ṡocaruġaḋ agus do ċóruġaḋ díreaċ mar a ḋ'órduiġ sí ḋom é ḋéanaṁ.”

“Tá ḟios agam-sa aon rud aṁáin a ḋeinis, a ḃiṫeaṁnaiġ, agus níor órduiġ sí ḋuit é ḋéanaṁ,” arsa Murċaḋ.

“Cad é an rud é sin, a ríġ?” arsa Lonán agus iongnaḋ ag teaċt air.

“Níor órduiġ sí ḋuit an ḃagairt úd a ḋéanaṁ orm-sa,” arsa Murċaḋ.

“Ó!” arsa Lonán. “Is fíor ḋuit, a ríġ,” agus ġáireadar, mar do baineaḋ iaraċt de ġeit a' Lonán.

“Tá aon níḋ aṁáin sa sgéal agus ní ró ṁaiṫ a ṫaiṫnean sé liom,” arsa Caoilte.

“Cad é an rud é?” arsa Murċaḋ.

“Tá Gormḟlaiṫ i n-Áṫ Cliaṫ,” ar seisean, “agus tá cead