Page:Niamh - Peadar Ua Laoghaire.djvu/253

From Wikisource
Jump to navigation Jump to search
This page has not been proofread.
249
NIAṀ

CAIBIDIOL III.

AN DÁ LONÁN.

Ċóṁ luaṫ agus ḃí an cogar taḃarṫa ag Lonán do Ṁurċaḋ agus an bosca tógṫa ag Murċaḋ as an gcárbat, d'imṫiġ Lonán isteaċ ċun an tseómra a ḃí aige sa ríġṫeiġlaċ ó ṫáinig sé ann 'n-a ḋoċtúir, agus 'n-a stíoḃard ar gaċ córuġaḋ bíḋ d'á mbéaḋ le déanaṁ ann. Ní ḟeacaiḋ aoinne riaṁ ó ṡin an Lonán céadna ag teaċt amaċ as an seómra san. Ṫáinig fear amaċ as an seómra, aċ níor ḃ' é an Lonán céadna é, dar le h-aoinne a ċonaic an Lonán a ċuaiḋ isteaċ, agus ansan, an Lonán a ṫáinig amaċ. Ḃí folt oḋar, ag tuitim siar síos ar a ṡlinneánaiḃ, ar an Lonán a ċuaiḋ isteaċ. Ḃí folt breaġ fionn-ruaḋ, ag tuitim siar síos ar a ṡlinneánaiḃ, ar an Lonán a ṫáinig amaċ. Ḃí féasóg ḟada liaṫ-ġorm ar an Lonán a ċuaiḋ isteaċ. Ḃí féasóg ruaḋ ná raiḃ ró ḟada, ar an Lonán a ṫáinig amaċ. Firín beag agus ceann mór air ab eaḋ an Lonán a ċuaiḋ isteaċ. Níor ḃ' ḟear ró ṁór an Lonán a ṫáinig amaċ, aċ ḃí an ceann tar éis dul i luiġead, agus ansan níor ḟeuċ an fear ċóṁ beag agus d'ḟeuċ sé fé'n gceann mór. Ḃí na fáibrí imṫiġṫe as an éadan, aċ ḃí an t-éadan leaṫan go maiṫ agus árd go maiṫ ag an Lonán a ṫáinig amaċ, díreaċ mar a ḃí ag an Lonán a ċuaiḋ isteaċ. Ḃí an Lonán a ċuaiḋ isteaċ trí fiċid, mura raiḃ sé os a ċionn. Ní raiḃ an Lonán a ṫáinig amaċ aon lá os cionn seaċt mbliana fiċid. Dá ḃfeiceaḋ Aṁlaoiḃ, nó Sitric, nó Gormḟlaiṫ, an Lonán a ṫáinig amaċ ṫaḃarfaidís an leaḃar ná feacadar riaṁ é. D'á ḃríġ sin níor ġáḋ do'n Lonán a ṫáinig amaċ puínn eagla ḃeiṫ aige roimis an gcaint a ḃí ar