[ 136 ]
AN STAONADH Ó’N ÓLACHÁN
Ní ró fhada a bhíos tagaithe amach as an gcoláisde, críochnuighthe am’ shagart agus ag déanamh oibre sagairt ameasg na ndaoine, nuair a thugas nídh fé ndeara. Thugas fé ndeara an díobháil tiubaisteach a bhí ag an ólachán ’á dhéanamh do mhuíntir na h-Éirean. Chonac an ceárdaidhe sáidhte i dtigh an tabhairne gach aon tráthnóna Dé Satharainn, agus é ag fanmhaint ann go dtí go mbíodh págh na seachtmhaine imthighthe, nó an chuid ba mhó dhé, agus an bhean agus an chlann sa bhaile gan béile na h-oídhche acu, gan, b’ fhéidir, balcuis éadaigh ar aon tslacht; ansan, an fear san ar a leabaidh ar maidin Dé Domhnaigh agus gan é ábalta ar eirighe ná ar dhul fé dhéin aon Aifrinn. Chonac an bhean agus a meabhair bainte dhi ó bheith a d’iaraidh aire thabhairt do’n fhear san agus d’á chlainn agus d’á thigh, agus gan an t-airgead aici chuige, í féin leath lomrachta agus an chlann leath lomrachta agus an tínteán fuar folamh, gan teine ná adhbhar teine, gan teas gan compórd. Chonac an feirmeóir ag teacht abhaile [ 137 ]ar meisge ó’n aonach nó ó’n margadh, agus é féin agus a chapall i gcontabhairt tuitim i ndíg an bhóthair agus bheith báithte nó basgaithe, agus an t-airgead ba cheart dó a thabhairt leis abhaile fágtha aige ins na tighthibh tabhairne a bhí ar na crosairíbh roimis; fághaltas fial fágtha ins gach tigh acu aige; nár mhó leis seile tobac ’ná leath choróinn gheal do chaitheamh uaidh ins gach tigh tabhairne acu; agus ansan, nuair a thagadh a chiall dó amáireach ’n-a dhiaigh san, gur dhóich le duine air gur bh’ fhiú leath-shobhran an leathphinne ruadh nuair a bhéadh raint bheag éigin aige ’á thabhairt d’á mhnaoi chun rudaí sholáthar do’n tigh! Chonac na h-uilc sin go léir agus na mílte olc eile ’n-a dteannta, agus do buaileadh isteach am’ aigne gur cheart dom iaracht éigin do dhéanamh ar chur ’n-a gcoinnibh, a bheag nó a mhór; dá mba ná tiocfadh liom a dhéanamh ach a bheag féin, gur bh’ fhearr é dhéanamh ’ná gan aon rud a dhéanamh.
Seo mar a tuigeadh dom ba cheart tabhairt fé’n obair, .i. a iaraidh ar gach aoinne staonadh ó gach deoch meisgeamhail. Bhí fhios agam go maith go mbéadh mórán daoine agus gur dheacair iad do thabhairt chun an staonadh san do dhéanamh. Bhí fhios agam, leis, nár bhfoláir dom éadan ana dhána bheith orm chun a iaraidh ar aon duine an staonadh san do dhéanamh gan mé féin ’á dhéanamh chómh maith le cách. Thuigeas nár bhfoláir dom féin an tosnughadh do dhéanamh. Chómh maith do dheineas. Do dheineas an tosnughadh. Shocaruigheas m’ aigne i lathair Dé ar gan deoch meisgeamhail a dh’ól a thuille. Ansan do chromas ar dhaoine eile do chómhairliughadh chuige. Is cuimhin liom aon fhear amháin agus bhíos ’á rádh leis gur cheart dó an staonadh dhéanamh. Bhí gach aon leathsgéal aige ar bhara a theangan dom chun gan é dhéanamh. Gach aon chúis d’ár thug [ 138 ]sé dhom chun gan é dhéanamh, thugas-sa cúis i gcoinnibh na cúise sin dó chun a dhéanta. Fé dheire do bhris ar an bhfoidhne aige agus dúbhairt sé mar seo:
“Mhaise go deimhin féin, a Athair, ní fearr bheith siar ná aniar ar an sgéal, is maith leis an sagart féin, nuair a bhíon dínnéar maith ithte aige, a bhraon beag puins do chur anuas ar an ndínnéar!”
“Tá dearmhad sa méid sin ort,” arsa mise. “Ní bhlaisim aon bhraon puins choídhche ná aon bhraon d’aon tsaghas eile díghe a chuirfeadh meisge ar dhuine.”
Do stad sé ar feadh tamall agus iongnadh air. Ansan: “Asdó, a Athair,” ar seisean, “caithim-se bheith amuich sa n-oídhche fé fhuacht agus fé fhliuchra, agus do raghadh an fuacht tré m’ chroídhe dá mba ná h-ólfainn braon biotáile nó braon de rud éigin teith mar sin.”
“Bím-se amuich sa n-oídhche, fé fhuacht agus fé fhliuchra níos minicíghe ’ná mar a bhíon tusa,” arsa mise. “Bín tú go sámh ar do leabaidh go minic nuair a bhím-se sa n-iallait, ar bhóthar Ghort na Sgeithe, nó ar bhóthar Ínse an Léime, agus fearthainn d’á stealladh orm le fuinneamh gaoithe, agus ní bhíon aon ghádh agam le h-aon bhraon biotáile nuair a thagaim abhaile.”
“Asdó, a Athair,” ar seisean, “b’fhéidir ná goillean anródh ort-sa chómh mór agus ghoillfeadh sé ar dhuine eile. Dá bhfaighinn droch fhliuchadh thiocfadh, b’fhéidir, luíghchán trom orm mura n-ólfainn deoch mhaith láidir biotáile chun an fhuachta do chur amach as mo chroídhe.”
“Tá dearmhad sa méid sin ort,” arsa mise leis. “Is amhlaidh a chuirean an biotáile tuille fuachta [ 139 ]isteach ionat i dteannta an fhuachta a bhíon istigh ionat roimis.”
D’féach sé idir an dá shúil orm agus sult ar lasadh ’n-a shúilibh féin.
“Dar fiadh, a Athair, ach siné an sgéal is greannmhaire d’ár airigheas-sa de sgéaltaibh greannmhara riamh! Nuair ólaim braon de bhiotáile mhaith, mothuighim an teas aige d’á chur isteach am’ chroídhe agus tré m’ ballaibh beatha go léir.”
“Teas bréagach iseadh an teas san,” arsa mise leis. “Imthighean sé go luath ’n-a dhiaigh san, agus beirean sé leis, as do chuid fola, pé teas a bhí ann roimis. Ansan téighean an fuacht isteach ad’ chroídhe dáiríribh, agus ní mhothuighean tú an fuacht san mar bhainean an biotáile an mothughadh asat.”
B’ éigean dom eirighe dhé. Bhí raint cainte de’n tsaghas chéadna agam leis uaireanta ’n-a dhiaigh san. Ní raibh aon mhaith dhom ann. Ní fhéadfainn a chur ’n-a luíghe ar a aigne go raibh aon díobháil sláinte sa “bhraon díghe.” Ach pé caint a bhí eadrainn ní dúbhairt sé focal amach as a bhéal, airís, i dtaobh “gur mhaith leis an sagart féin a bhraon puins a dh’fhághail.”
Nuair a bhíos am’ chómhnuighe thíos ar an gcnucán os cionn drochaid Araiglinn bhíodh orm teacht aníos go Cill Úird chun an Aifrinn do rádh agus chun glaodhach ola d’fhreagairt sa tsráid bheag. Agus is minic gur i lár na h-oídhche do thagadh an glaodhach ola. Thuigeas dá mbeinn am’ chómhnuighe thuas sa tsráid bheag go mbeinn i n-aice mo ghnótha ann, do ló agus d’oídhche. Ach ní raibh tigh le fághail sa tsráid bheag.
Do lean an sgéal ar an gcuma san ar feadh breis agus bliain. Fé dheire do tháinig atharughadh. Bhí dochtúir ’n-a chómhnuighe sa tsráid. Shocaruigh sé ar [ 140 ]dhul chun cómhnuighthe ó-thuaidh go Baile Mhistéala. Chómh luath agus bhí sé imthighthe as an dtigh a bhí i gCill Úird aige do thógas-sa an tigh, agus thánag ainíos chun cómhnuighthe ann. Bhíos i n-aice mo ghnótha ansan. D’á éaghmuis sin bhíos meadhonach sa pharóiste, agus ná bóithre díreach ó’n dtigh agam soir go h-Ínse an Léime; agus soir ó-thuaidh go Baile na mBodach agus go Gort na Sgeithe; agus ó-thuaidh go dtí an barrac, mar a mbíodh an foghluidhe, lá éigin; agus siar ó-thuaidh go dtí Bearna na Gaoithe, agus go dtí Cathair Druinne, agus go dtí an Cnucán. Bóithre fada iseadh iad go léir, ach bhíodh dúbailt faid ionta nuair a bhíos thíos ag drochad Araiglinn, mar do chaithinn teacht ainíos chun na sráide chun dul ar na bóithribh eile ach amháin bóthar Ghort na Sgeithe agus bóthar Ínse an Léime.
Bíodh gur theip cuid de na seandaoinibh orm agus cuid des na daoinibh a bhí i meadhon aois, i dtaobh an ólacháin, níor theip na daoine óga orm. Ní rabhas abhfad am’ chómhnuighe sa tsráid bheag nuair a thugas fé ndeara na garsúin bheaga agus iad ag imtheacht fiain ar fuid na h-áite gach aon tráthnóna. Chuimhnígheas gur mhaith an rud seómra beag a dh’fhághail dóibh, agus leabhair dheasa, agus iad do chruinniughadh ag léigheadh na leabhar ar feadh uair a’ chluig nó cúpla uair a’ chluig gach aon tráthnóna. Ní raibh aon leabhar Gaeluinne le fághail i n-aon bhall an uair sin, mura soláthróchadh duine Bíobla Gallda, ach níor bh’fhéidir baint i n-aon chor leis an mBíobla san toisg an droch ainim a bheith fachta aige ós na Soupers.
Do sgríobhas go Baile Átha Cliath agus fuaras leabhair a bhí chómh Gaedhlach agus d’fhéadfadh leabhair Bhéarla bheith; an “Story of Ireland,” agus “Poets and Poetry of Ireland,” agus “Speeches from the Dock,” [ 141 ]agus mar sin. Bhí an t-Árd Bharún Pigott beó an uair sin i mBaile Átha Cliath. D’airigh sé an sgéal i dtaobh na mbuachaillí agus i dtaobh na leabhar, agus chuir sé deich bpúint chúghainn chun tuille leabhar do cheannach. Ansan do cheannaigheamair tuille des na leabhraibh, leabhair mhaithe bhunúsacha Bhéarla, Shakespeare, agus Milton, agus a leithéidí, agus bhí cuid mhaith leabhar againn ansan, leabhair nár airigh na buachaillí aon trácht riamh ortha go dtí san. Thagaidís isteach gach aon tosach oídhche, nuair a bhíodh na h-oídhcheanta fada againn, agus bhídís ag léigheadh na leabhar, a leabhar féin ag gach duine, go dtí go mbíodh sé i n’ am staid. Ansan do léighinn féin blúire beag de bheatha naoimh éigin dóibh, agus chuirinn abhaile iad. Is cuimhin liom gur thugas mórán oídhcheanta ag léigheadh Beatha an Churé d’Ars dóibh, agus gur chuireadar ana spéis ann.
Tar éis tamaill do mheallas iad chun staonadh ó gach deoch meisgeamhail, agus do dheineadar é go fonnmhar. Dheineas cárta beag dóibh agus chuireas an gheallamhaint ar an gcárta, i gcló, mar seo:
“Mar shásamh am’ peacaíbh, agus chun gach peaca do sheachaint feasta le congnamh Dé, agus i n-onóir do Bhríghid Naomhtha, staonfad ó gach deoch meisgeamhail.”
Bhí an obair go léir, agus sinn fein, agus an leabharlann, fé chomairce Bhríghde Naomhtha againn. D’airigheas ’n-a dhiaigh san gur lean a lán acu de’n gheallamhaint sin ar feadh abhfad, agus gur lean cuid acu dhé i gcaitheamh a saoghal.
Nuair a thagadh Lá Fhéile Bríghde bhíodh féasta beag againn; mísleáin, agus cácaí, agus sóghluistí eile de’n tsórd san. Bhíodh ólachán áirighthe, leis, againn, [ 142 ]agus d’ólaimís sláinte ár naoímh, sláinte Bhríghde, “Muire na nGaedhal,” mar a tugtí uirthi fadó. Tá tobar breagh fíoruisge thíos i mBaile-’dir-dhá-Abhainn agus “Tobar an Dúna” an ainim atá ar an dtobar san. Chuirimís capall agus trucail, agus meadar bhreagh mhór istigh sa trucail, síos chun an tobair sin agus do tugtí chúghainn ainíos lán na meidire de’n uisge sin, agus i nglaine de’n uisge sin iseadh d’óladh gach duine againn sláinte Bhríghde Naomhtha.
Bhí cárta eile againn agus sidiad na smuínte a bhí ar an gcárta san.
- Mo ghrádh Dia!
- Mo ghrádh an Creideamh!
- Mo ghrádh Éire!
- Gráin ar uabhar aigne!
- Gráin ar ainbhfios!
- Gráin ar easaontacht!
- Ní dhéanfad maoidheamh.
- Ní dhéanfad acharan.
- Ní bhéad ar meisge.
Cárta bán ab eadh an cárta san. Cárta glas ab eadh an cárta eile. Bhí an dá chárta san ag gach duine d’ár mbuidhin. Do rugadar leó abhaile na cártaí. Ní deirim ná go bhfuil foth chárta acu le fághail fós i gcuid des na tighthib ar fuid na paróiste sin.
I mBéarla iseadh bhí na focail ar na cártaibh. Níor bh’fhéidir na focail do chur ortha i nGaeluinn an uair sin, bíodh gur mhó go mór an Ghaeluinn a bhí d’á labhairt sa pharóiste ’ná an Béarla a bhí d’á labhairt inti. [ 143 ]D’á éaghmuis sin, bhí an Ghaeluinn a labharthaí bhí sí ar áilleacht. Ba bhreagh liom bheith ag éisteacht leis na seandaoinibh ’gha labhairt. Nuair a chuirinn an ola dhéanach ar sheanduine acu, agus nuair a thugainn an Corp Naomhtha dhó, agus nuair adeireadh sé ansan, ó chroídhe amach, “Mo ghrádh mo Thighearna Íosa Críosd! Mo ghrádh go daingean É!” do stadadh m’ anál orm agus thagadh luas croídhe orm agus do sgeinneadh deóracha ó’m shúilibh i dtreó go n-iompuighinn i leith taoibh beagán.
Siní an chaint go raibh an creideamh inti. Siniad saghas daoine naomhtha a bhí i n-Éirinn an uair sin agus roimis sin, agus gan aon fhocal Béarla acu. Ba bhaoth an gnó do’n namhaid bheith a d’iaraidh a chur fhéachaint ortha súd an creideamh do shéanadh.
Bhí cheithre sgoileana “Náisúnda” sa pharóiste, agus ní raibh oiread agus aon fhocal amháin Gaeluinne ag aon duine des na múinteóiribh a bhí ag múineadh aos óg ins na sgoileanaibh sin. B’uathbhásach an éagcóir é d’á dhéanamh ar mhúinteóiribh agus ar aos óg i n-aonfheacht. Na múinteóirí ’ghá marbhughadh féin a d’iaraidh múineadh dhéanamh le caint nár tuigeadh, agus aigne an lucht foghluma d’á ciapadh agus d’á dalladh agus d’á cur amú, ó bheith a d’iaraidh eóluis do ghlacadh tré chaint nár tuigeadh. Agus ansan, éagcóir eile ba thiubaistíghe ná an dá éagcóir i dteannta chéile, cigire, nó “inspector,” ag teacht ó’n mBórd agus ag dul isteach ins na sgoileanaibh sin, ’ghá bhféachaint agus ag breithniughadh ortha, agus gan aon léus eóluis aige ar an dá éagcóir úd, an éagcóir ar na múinteóiribh agus an éagcóir ar an aos óg.
Tá so agam le rádh, ámhthach. Chómh fada agus chuaidh [ 144 ]an obair a deineadh ins na sgoileanaibh, an méid oibre dob’ fhéidir a dhéanamh i n-aimhdheóin na n-éagcórtha go léir, do deineadh é ar chuma do chuir iongnadh orm-sa. Do tugadh an t-eólus do’n mhuíntir óg agus do ghlac an mhuíntir óg an t-eólus, tré bhóthar chruaidh an Bhéarla, tré bhóthar iasachta an Bhéarla, ar chuma do dhéanfadh creideamhaint do mhúinteóiribh agus do lucht foghluma i n-aonfheacht dá mba ná béadh an bóthar cruaidh ná iasachta. An éirim aigne a bhí ar gach taobh fé ndear an toradh san a bheith ar an obair.
Ach na daoine a bhí i meadhon aois an uair sin, na daoine a bhí idir na seandaoine agus muíntir na sgoileana, bhí Béarla acu san d’á labhairt agus ní dóich liom gur labhradh riamh amach a’ béalaibh daoine caint ba ghráinne ’ná an Béarla san. Féach ansan an sglábhaidheacht a bhí ar na múinteóiribh agus ar na leanbhaíbh. An Béarla grána san d’á labhairt coitchianta leis na leanbhaíbh sa bhaile, agus ansan na múinteóiribh a d’iaraidh Béarla éigin slachtmhar a mhúineadh dos na leanbhaíbh sin ar an sgoil. Ansan, an cigire ag teacht agus ag gabháil de chosaibh ins gach aon rud; ag spídiúchán ar na múinteóiribh, os comhair na leanbh go minic, nuair ná cuiridís Béarla cruinn i mbéalaibh na leanbh, agus ag spídiúchán ar na leanbhaíbh nuair a déarfadh leanbh acu, “I do be,” nó, “We does be.”
Bhíos ag éisteacht le cigire acu lá. Chuir sé ceist éigin chun leinbh i dtaobh cad a choimeád sa bhaile é an lá roimis sin, nó rud éigin de’n tsórd san.
“I does be thinning turnops, sir,” arsa’n leanbh.
“And what does your brother be doing?” arsa’n cigire.
“He do be minding the cows, sir,” arsa’n leanbh.
“‘I does be,’ ‘He do be.’ That is nice teaching!” [ 145 ]ar seisean leis an múinteóir. “Well, Mr. ‘Do be,’” ar seisean leis an leanbh, “how are you to-day, Mr. ‘Do be’? And how is old Mr. ‘Do be’? And how is Mrs. ‘Do be’? And how are all the other little ‘Do be’s’ and ‘Does be’s’?”
B’ shin iad athair agus máthair an leinbh, agus an chuid eile de’n chlainn a bhí i ndiaigh an leinbh sin sa bhaile. Féach air sin mar tharcuisne ’á thabhairt do’n lín-tíghe sin! Tarcuisne phoibilídhe, os cómhair na sgoile go léir!
Ná measadh aoinne ná tuiteadh rud de’n tsórd san amach ach go h-anamh. Do thuiteadh sé amach go minic, go h-ana mhinic. Tá sé ag tuitim amach fós, uaireanta. Do chonac féin cigire go minic ag rástáil isteach i sgoil agus a hata ar a cheann aige, agus gan aige do’n mhúinteóir, os comhair na leanbh, ach an focal ba tharcuisníghe ’n-a phluic.
Thugas cheithre bliana i gCill Úird an uair sin. Bhí an leabharlann mór go maith i ndeire na h-aimsire sin. I gcaitheamh na h-aimsire sin iseadh tháinig an cogadh mór úd idir an Fhrainnc agus an Almáinn. I gcaitheamh bliana an chogaidh sin do bhíodh na páipéir againn sa leabharlann agus sinn ag faire ar an gcuma ’n-a raibh an cogadh ag gluaiseacht, agus gan amhras is leis an bhFrainnc a bhíodh ár mbáidh go léir idir óg agus críona againn. Bhí brón mór orainn nuair a chonacamair an buadh ag an Almáinn.
I gcaitheamh na h-aimsire sin, leis, iseadh bhí ár bhfeisirí Éireanacha, agus Isaac Butt ’n-a cheann-uraid ortha, “ag seasamh a gcirt” thall i bPárlimint Shasana. Bhíodh cruinniucháin mhóra againn ins gach aon pháirt d’Éirinn ag gabháil páirte le Butt sa ghnó san, agus le n-a bhuidhin. Is cuimhin liom go ndeigh gasra mór [ 146 ]de mhuíntir Chill Úird ó-thuaidh go Baile Mhistéala lá Domhnaigh, go dtí cruinniughadh mór díobh a bhí ann, agus go mb’ éigean dom dul leó, agus gur mheasamair go raibh árd obair déanta againn nuair a bhí obair an lae sin déanta againn. Ba bheag ná go raibh Éire saor againn ó dhaor-smacht Gall, dar linn.