Page:Mo sgeal fein.djvu/158

From Wikisource
Jump to navigation Jump to search
This page has been proofread.

an obair a deineadh ins na sgoileanaibh, an méid oibre dob’ fhéidir a dhéanamh i n-aimhdheóin na n-éagcórtha go léir, do deineadh é ar chuma do chuir iongnadh orm-sa. Do tugadh an t-eólus do’n mhuíntir óg agus do ghlac an mhuíntir óg an t-eólus, tré bhóthar chruaidh an Bhéarla, tré bhóthar iasachta an Bhéarla, ar chuma do dhéanfadh creideamhaint do mhúinteóiribh agus do lucht foghluma i n-aonfheacht dá mba ná béadh an bóthar cruaidh ná iasachta. An éirim aigne a bhí ar gach taobh fé ndear an toradh san a bheith ar an obair.

Ach na daoine a bhí i meadhon aois an uair sin, na daoine a bhí idir na seandaoine agus muíntir na sgoileana, bhí Béarla acu san d’á labhairt agus ní dóich liom gur labhradh riamh amach a’ béalaibh daoine caint ba ghráinne ’ná an Béarla san. Féach ansan an sglábhaidheacht a bhí ar na múinteóiribh agus ar na leanbhaíbh. An Béarla grána san d’á labhairt coitchianta leis na leanbhaíbh sa bhaile, agus ansan na múinteóiribh a d’iaraidh Béarla éigin slachtmhar a mhúineadh dos na leanbhaíbh sin ar an sgoil. Ansan, an cigire ag teacht agus ag gabháil de chosaibh ins gach aon rud; ag spídiúchán ar na múinteóiribh, os comhair na leanbh go minic, nuair ná cuiridís Béarla cruinn i mbéalaibh na leanbh, agus ag spídiúchán ar na leanbhaíbh nuair a déarfadh leanbh acu, “I do be,” nó, “We does be.”

Bhíos ag éisteacht le cigire acu lá. Chuir sé ceist éigin chun leinbh i dtaobh cad a choimeád sa bhaile é an lá roimis sin, nó rud éigin de’n tsórd san.

“I does be thinning turnops, sir,” arsa’n leanbh.

“And what does your brother be doing?” arsa’n cigire.

“He do be minding the cows, sir,” arsa’n leanbh.

“‘I does be,’ ‘He do be.’ That is nice teaching!”