Page:Mo sgeal fein.djvu/153

From Wikisource
Jump to navigation Jump to search
This page has been proofread.

isteach ionat i dteannta an fhuachta a bhíon istigh ionat roimis.”

D’féach sé idir an dá shúil orm agus sult ar lasadh ’n-a shúilibh féin.

“Dar fiadh, a Athair, ach siné an sgéal is greannmhaire d’ár airigheas-sa de sgéaltaibh greannmhara riamh! Nuair ólaim braon de bhiotáile mhaith, mothuighim an teas aige d’á chur isteach am’ chroídhe agus tré m’ ballaibh beatha go léir.”

“Teas bréagach iseadh an teas san,” arsa mise leis. “Imthighean sé go luath ’n-a dhiaigh san, agus beirean sé leis, as do chuid fola, pé teas a bhí ann roimis. Ansan téighean an fuacht isteach ad’ chroídhe dáiríribh, agus ní mhothuighean tú an fuacht san mar bhainean an biotáile an mothughadh asat.”

B’ éigean dom eirighe dhé. Bhí raint cainte de’n tsaghas chéadna agam leis uaireanta ’n-a dhiaigh san. Ní raibh aon mhaith dhom ann. Ní fhéadfainn a chur ’n-a luíghe ar a aigne go raibh aon díobháil sláinte sa “bhraon díghe.” Ach pé caint a bhí eadrainn ní dúbhairt sé focal amach as a bhéal, airís, i dtaobh “gur mhaith leis an sagart féin a bhraon puins a dh’fhághail.”

Nuair a bhíos am’ chómhnuighe thíos ar an gcnucán os cionn drochaid Araiglinn bhíodh orm teacht aníos go Cill Úird chun an Aifrinn do rádh agus chun glaodhach ola d’fhreagairt sa tsráid bheag. Agus is minic gur i lár na h-oídhche do thagadh an glaodhach ola. Thuigeas dá mbeinn am’ chómhnuighe thuas sa tsráid bheag go mbeinn i n-aice mo ghnótha ann, do ló agus d’oídhche. Ach ní raibh tigh le fághail sa tsráid bheag.

Do lean an sgéal ar an gcuma san ar feadh breis agus bliain. Fé dheire do tháinig atharughadh. Bhí dochtúir ’n-a chómhnuighe sa tsráid. Shocaruigh sé ar