dhul chun cómhnuighthe ó-thuaidh go Baile Mhistéala. Chómh luath agus bhí sé imthighthe as an dtigh a bhí i gCill Úird aige do thógas-sa an tigh, agus thánag ainíos chun cómhnuighthe ann. Bhíos i n-aice mo ghnótha ansan. D’á éaghmuis sin bhíos meadhonach sa pharóiste, agus ná bóithre díreach ó’n dtigh agam soir go h-Ínse an Léime; agus soir ó-thuaidh go Baile na mBodach agus go Gort na Sgeithe; agus ó-thuaidh go dtí an barrac, mar a mbíodh an foghluidhe, lá éigin; agus siar ó-thuaidh go dtí Bearna na Gaoithe, agus go dtí Cathair Druinne, agus go dtí an Cnucán. Bóithre fada iseadh iad go léir, ach bhíodh dúbailt faid ionta nuair a bhíos thíos ag drochad Araiglinn, mar do chaithinn teacht ainíos chun na sráide chun dul ar na bóithribh eile ach amháin bóthar Ghort na Sgeithe agus bóthar Ínse an Léime.
Bíodh gur theip cuid de na seandaoinibh orm agus cuid des na daoinibh a bhí i meadhon aois, i dtaobh an ólacháin, níor theip na daoine óga orm. Ní rabhas abhfad am’ chómhnuighe sa tsráid bheag nuair a thugas fé ndeara na garsúin bheaga agus iad ag imtheacht fiain ar fuid na h-áite gach aon tráthnóna. Chuimhnígheas gur mhaith an rud seómra beag a dh’fhághail dóibh, agus leabhair dheasa, agus iad do chruinniughadh ag léigheadh na leabhar ar feadh uair a’ chluig nó cúpla uair a’ chluig gach aon tráthnóna. Ní raibh aon leabhar Gaeluinne le fághail i n-aon bhall an uair sin, mura soláthróchadh duine Bíobla Gallda, ach níor bh’fhéidir baint i n-aon chor leis an mBíobla san toisg an droch ainim a bheith fachta aige ós na Soupers.
Do sgríobhas go Baile Átha Cliath agus fuaras leabhair a bhí chómh Gaedhlach agus d’fhéadfadh leabhair Bhéarla bheith; an “Story of Ireland,” agus “Poets and Poetry of Ireland,” agus “Speeches from the Dock,”