agus mar sin. Bhí an t-Árd Bharún Pigott beó an uair sin i mBaile Átha Cliath. D’airigh sé an sgéal i dtaobh na mbuachaillí agus i dtaobh na leabhar, agus chuir sé deich bpúint chúghainn chun tuille leabhar do cheannach. Ansan do cheannaigheamair tuille des na leabhraibh, leabhair mhaithe bhunúsacha Bhéarla, Shakespeare, agus Milton, agus a leithéidí, agus bhí cuid mhaith leabhar againn ansan, leabhair nár airigh na buachaillí aon trácht riamh ortha go dtí san. Thagaidís isteach gach aon tosach oídhche, nuair a bhíodh na h-oídhcheanta fada againn, agus bhídís ag léigheadh na leabhar, a leabhar féin ag gach duine, go dtí go mbíodh sé i n’ am staid. Ansan do léighinn féin blúire beag de bheatha naoimh éigin dóibh, agus chuirinn abhaile iad. Is cuimhin liom gur thugas mórán oídhcheanta ag léigheadh Beatha an Churé d’Ars dóibh, agus gur chuireadar ana spéis ann.
Tar éis tamaill do mheallas iad chun staonadh ó gach deoch meisgeamhail, agus do dheineadar é go fonnmhar. Dheineas cárta beag dóibh agus chuireas an gheallamhaint ar an gcárta, i gcló, mar seo:
“Mar shásamh am’ peacaíbh, agus chun gach peaca do sheachaint feasta le congnamh Dé, agus i n-onóir do Bhríghid Naomhtha, staonfad ó gach deoch meisgeamhail.”
Bhí an obair go léir, agus sinn fein, agus an leabharlann, fé chomairce Bhríghde Naomhtha againn. D’airigheas ’n-a dhiaigh san gur lean a lán acu de’n gheallamhaint sin ar feadh abhfad, agus gur lean cuid acu dhé i gcaitheamh a saoghal.
Nuair a thagadh Lá Fhéile Bríghde bhíodh féasta beag againn; mísleáin, agus cácaí, agus sóghluistí eile de’n tsórd san. Bhíodh ólachán áirighthe, leis, againn,