Page:Mo sgeal fein.djvu/156

From Wikisource
Jump to navigation Jump to search
This page has been proofread.

agus d’ólaimís sláinte ár naoímh, sláinte Bhríghde, “Muire na nGaedhal,” mar a tugtí uirthi fadó. Tá tobar breagh fíoruisge thíos i mBaile-’dir-dhá-Abhainn agus “Tobar an Dúna” an ainim atá ar an dtobar san. Chuirimís capall agus trucail, agus meadar bhreagh mhór istigh sa trucail, síos chun an tobair sin agus do tugtí chúghainn ainíos lán na meidire de’n uisge sin, agus i nglaine de’n uisge sin iseadh d’óladh gach duine againn sláinte Bhríghde Naomhtha.

Bhí cárta eile againn agus sidiad na smuínte a bhí ar an gcárta san.

Mo ghrádh Dia!
Mo ghrádh an Creideamh!
Mo ghrádh Éire!
Gráin ar uabhar aigne!
Gráin ar ainbhfios!
Gráin ar easaontacht!
Ní dhéanfad maoidheamh.
Ní dhéanfad acharan.
Ní bhéad ar meisge.

Cárta bán ab eadh an cárta san. Cárta glas ab eadh an cárta eile. Bhí an dá chárta san ag gach duine d’ár mbuidhin. Do rugadar leó abhaile na cártaí. Ní deirim ná go bhfuil foth chárta acu le fághail fós i gcuid des na tighthib ar fuid na paróiste sin.

I mBéarla iseadh bhí na focail ar na cártaibh. Níor bh’fhéidir na focail do chur ortha i nGaeluinn an uair sin, bíodh gur mhó go mór an Ghaeluinn a bhí d’á labhairt sa pharóiste ’ná an Béarla a bhí d’á labhairt inti.