Page:Mo sgeal fein.djvu/152

From Wikisource
Jump to navigation Jump to search
This page has been proofread.

sé dhom chun gan é dhéanamh, thugas-sa cúis i gcoinnibh na cúise sin dó chun a dhéanta. Fé dheire do bhris ar an bhfoidhne aige agus dúbhairt sé mar seo:

“Mhaise go deimhin féin, a Athair, ní fearr bheith siar ná aniar ar an sgéal, is maith leis an sagart féin, nuair a bhíon dínnéar maith ithte aige, a bhraon beag puins do chur anuas ar an ndínnéar!”

“Tá dearmhad sa méid sin ort,” arsa mise. “Ní bhlaisim aon bhraon puins choídhche ná aon bhraon d’aon tsaghas eile díghe a chuirfeadh meisge ar dhuine.”

Do stad sé ar feadh tamall agus iongnadh air. Ansan: “Asdó, a Athair,” ar seisean, “caithim-se bheith amuich sa n-oídhche fé fhuacht agus fé fhliuchra, agus do raghadh an fuacht tré m’ chroídhe dá mba ná h-ólfainn braon biotáile nó braon de rud éigin teith mar sin.”

“Bím-se amuich sa n-oídhche, fé fhuacht agus fé fhliuchra níos minicíghe ’ná mar a bhíon tusa,” arsa mise. “Bín tú go sámh ar do leabaidh go minic nuair a bhím-se sa n-iallait, ar bhóthar Ghort na Sgeithe, nó ar bhóthar Ínse an Léime, agus fearthainn d’á stealladh orm le fuinneamh gaoithe, agus ní bhíon aon ghádh agam le h-aon bhraon biotáile nuair a thagaim abhaile.”

“Asdó, a Athair,” ar seisean, “b’fhéidir ná goillean anródh ort-sa chómh mór agus ghoillfeadh sé ar dhuine eile. Dá bhfaighinn droch fhliuchadh thiocfadh, b’fhéidir, luíghchán trom orm mura n-ólfainn deoch mhaith láidir biotáile chun an fhuachta do chur amach as mo chroídhe.”

“Tá dearmhad sa méid sin ort,” arsa mise leis. “Is amhlaidh a chuirean an biotáile tuille fuachta