Mo Sgéal Féin/18

From Wikisource
Jump to navigation Jump to search
Mo Sgéal Féin
by Peadar Ua Laoghaire
Mo Sgéal Féin is the autobiography of Peadar Ua Laoghaire (1839–1920), published in 1915.
[ 130 ]
XVIII
SÉAMUS FRÉINÍ, AN FOGHLUIDHE

An bóthar mór ó Chorcaigh go Baile Átha Cliath, bóthar an chóiste, mar a tugtar air, is tré Chill Úird ó-thuaidh a ghabhan sé, tré lár na gcnuc. Táid na cnuic ana uaigneach. Raint aimsire ó shin bhíodar níos uaignighe go mór ’ná mar atáid siad anois, agus ’ná mar a bhíodar nuair a bhíos-sa sa pharóiste. Bhíodh foghluidhe ar an mbóthar san agus bhíodh sé ag robáil na ndaoine. Do thárla go raibh file n-ar bh’ ainim dó Éamonn de Bhál ag gabháil an bóthar lá. Tháinig sé chun áite a bhí ana uaigneach. Do phreab an foghluidhe chuige amach ó chlaidh an bhóthair. Séamus Fréiní ab ainim do’n fhoghluidhe. Thóg sé suas a phiostal ar aghaidh an fhile amach.

“Sín chúgham aon airgead atá agat,” ar seisean.

“Ní’l aon leathphinne airgid agam-sa, a mhic ó,” arsa’n file. “Tar anso agus cuardaigh mé má’s dóich leat go bhfuil,” ar seisean.

D’fhéach Fréiní air.

“Pé ’cu ’tá airgead agat nó ná fuil,” ar seisean, “ní’l puínn d’á dheabhramh ort. Chím go bhfuil bróga nua ort,” ar seisean, “pé ball ’n-a bhfuarais iad.” D’fhéach sé síos ar a chosaibh féin agus ar na seana bhrógaibh briste a bhí ortha. “Is dóich liom,” ar seisean, “go n-oireamhnfadh na bróga nua san mise. Bain díot iad.” B’éigean dó. “Caith chúgham a leith iad,” arsa Fréiní. Do chaith. “Druid uaim síos ansan tamall anois,” arsa Fréiní.

Do dhruid. Ansan do bhain Fréiní dhé a sheana [ 131 ]bhróga féin agus chuir sé uime na bróga nua. Nuair a bhíodar ar a chosaibh do sheasaimh sé suas agus do bhreithnigh sé conus a dh’oireamhnadar é.

“Ó,” ar seisean, “táid siad go h-áluinn! go h-áluinn ar fad! Táid siad chómh h-oireamhnach dom agus dá mba dhom féin a déanfaí iad. Seo,” ar seisean, “bídís sin agat-sa,” agus caith sé na seana bhróga chun an fhile.

Chuir an file na seana bhróga uime agus chomáin sé leis ar a chuaird féin agus d’imthigh Fréiní an cnuc amach.

D’airigh file eile sgéal na mbróg. Dhein sé an bhérsa so:—

“Is brón liom an sgeón so do ghlacais, a Éamoinn,
Mar chóbach neamhchródha gan neart ’n-a ghéagaibh;
’S gur dhóich linn, dar ndóchaint, gur cheap le céad tú!
’S do bhróga do sheóladh ’n-a ghlaic chun Fréiní!”

Bhí an bhérsa san ag dul ó bhéal go béal. D’airigh Éamonn é. Thug sé an freagra so air:—

“A óigfhir nach feóllta do chanas bhérsa,
Ní dreóileacht neamhchródha do bhain dom féinig,
Ach rógaire ar bhóthar do ghread le pléir mé,
’S nár mhó aige siúd feóirling ’ná anam Éamoinn!”

Do h-innseadh dom gníomh eile a dhein an Fréiní céadna. Do ghluais an cóiste lá ó Chorcaigh. Bhí bean ó Bhaile Átha Cliath ar an gcóiste agus níor fhéad sí gan bheith ag caint. Níor stad a béal ach ’ghá fhiafraighe de gach aoinne eile d’á raibh ar an gcóiste ar [ 132 ]dhóich leis go raibh aon bhaoghal go mbuailfeadh Fréiní úmpa.

“Tá míle púnt anso agam,” adeireadh sí, anois agus airís, “agus cad a dheanfad i n-aon chor má bhuailean sé umainn!”

Do chuireadar an bóthar díobh gan aon bhárthan go dtí gur fhágadar Cill Úird laisteas díobh agus go rabhadar ag déanamh ar an sliabh. Nuair a bhíodar sa n-áit ab uaigníghe de’n tsliabh siúd chúcha Fréiní. Chómh luath agus do labhair Fréiní le fear na gcapall do stad an cóiste. Tháinig Fréiní go dorus an chóiste agus a phiostal ar leibhéal aige.

“Seadh, a cháirde ionmhuine, ná bíodh aon achran againn, ach sínidh amach chúgham pé airgead atá agaibh.”

Bhí fear ann nár labhair puínn ó fhág sé Corcaigh. Do bhéic sé amach, agus é ag gol le sgannradh, chómh luath agus do labhair Fréiní.

“Ó, a dhuin’uasail,” ar seisean, agus tharaing sé amach a raibh d’airgead ’n-a phóca aige, lán a ghlaice de mhion-airgead, “sin abhfuil d’airgead agam-sa agus ná lámhaigh mé! Seo dhuit é ach gan mé mharbhughadh. Ní fheadar an mór an t-airgead atá ag aoinne eile anso, ach féach, tá míle púnt ag an mnaoí uasail sin ansan. Sín chuige an míle púnt san atá agat, a bhean uasal, i dtreó ná lámhfaidh sé sinn!”

B’éigean di an míle púnt a thabhairt do Fréiní. Bhí Fréiní ag gáirí agus a chúis aige. Níor chuaidh sé ró dhian ar an gcuid eile acu. Thóg sé pé méid a thugadar dó agus d’imthigh sé. Ansan iseadh bhí an chaint ag an mnaoi a chaill an míle púnt. Níor stad a béal ach ag mallachtaighe agus ag spídiúchán ar an bhfear a sgéidh uirthi. Níor labhair seisean a thuille. Do shroiseadar cathair Bhaile Átha Chliath. Chómh luath agus [ 133 ]do stad an cóiste, istigh sa chathair, chuir an fear ciúin a lámh ’n-a phóca agus tharaing sé amach blúire páipéir agus shín sé chun mná na cainte é.

“Seo,” ar seisean, “siné do mhíle púnt agat.” Órdughadh míle púnt ar bhanc Bhaile Átha Cliath ab eadh an blúire páipéar.

“Féach,” ar seisean, “tá deich míle púnt anso agam-sa, agus tá an t-airgead san agam ’á thabhairt anso ó bhanc Chorcaighe go dtí banc Bhaile Átha Cliath. I n-ór atá sé agam. Bhí eagal orainn an t-ór d’fágáilt i gCorcaigh mar d’ airigheamair go rabhthas ar tí an banc i gCorcaigh do bhriseadh. B’éigean dom mo sheans a ghlacadh le Fréiní agus an t-ór a thabhairt liom. Mura mbéadh tusa agus do mhíle púnt bhí mo dheich míle imthighthe uaim-se.”

Nuair a chonaic an bhean an ainim a bhí thíos ar an mblúire páipéir bhí sí sásta. Bhí aithne mhaith aici ar an bhfear n-a raibh a ainim ar an mblúire páipéir. B’ é an fear céadna a thug dí an blúire páipéir, ach níor aithin sí i n-aon chor é bhí an cheilt chómh maith san air. Nuair inis sé dhi cé r’ bh’ é bhí áthas mór uirthi.

Ní fheadar-sa an fíor an sgéal. Ní’lim ach ’á innsint fé mar a h-innseadh dom é.

Do h-innseadh dom conus a marbhuigheadh Fréiní sa deire. Do bhuail sé uime dhuin’uasal a bhí tar éis raint mhaith airgid d’fhághail an lá san.

“Sín chúgham an t-airgead san atá ansan agat,” arsa Fréiní leis.

“Is dócha ná fuil aon dul uaidh agam,” arsa’n duin’uasal, agus chaith sé sparán trom ar an dtalamh uaidh. Do chrom Fréiní chun an sparáin do thógaint. Le n-a linn sin do shnap an duin’uasal piostal as a [ 134 ]phóca féin, agus chuir sé pléar tríd an bhfear a bhí ar a chromadh. Do ghoin an pléar san é, ach níor mhairbh sé ar an spota é. Do dhírigh sé é féin agus thug sé aghaidh a phiostail féin ar an duin’uasal go raibh uair a bháis tagaithe. Do stad Fréiní gan an t-urchar do chaitheamh.

“Ní bheidh t’anam-sa orm,” ar seisean. “Táim ag dul i láthair Dé. Ní beag dom a bhfuil am’ choinnibh.”

D’imthigh sé thar claidh. Raint laethanta ’n-a dhiaigh san do fuaradh marbh é tamall ó’n áit.

Bhí ana bháidh ag na daoine leis. Do rainneadh sé ar dhaoinibh bochta cuid mhór de’n airgead a bhaineadh sé de dhaoinibh saidhbhre. Gan amhras ní raibh sa rabairne sin ach “fial stial de leathar dhuine eile.” Mar sin féin bhíodh daoine buidheach dé, agus thugaidís beith istigh dó nuair a bhíodh gádh aige leis go minic.

Ní le daoine bochta amháin a bhíodh sé fial uaireanta. Bhuail duin’uasal uime oídhche.

“Sín chúgham a bhfuil d’airgead agat!” arsa Fréiní leis.

Do shín an duin’uasal chuige sparán mór airgid a bhí aige.

“Féach anois, a Shéamuis,” arsa’n duin’uasal, “ní h-é mo thuairim go ndéanfá an méid sin orm dá dtuigthá i gceart conus atá an sgéal agam.”

“Cad ’tá sa sgéal ná tuigim?” arsa Séamus.

“Ní liom-sa an t-airgead san i n-aon chor,” arsa’n duin’uasal. “Cíos é sin atá fághalta agam indiu ó thineóntaithibh a leithéid seo de thighearna talmhan,” ’ghá innsint dó cé r’ bh’ é, “agus caithfead-sa an cíos san do thabhairt do’n tighearna talmhan san pé ball [ 135 ]’n-a sholáthróchadh é. Ní bheidh sé siúd aon leathphinne chun deirigh leis an obair seo.”

“An mar sin é?” arsa Séamus.

“Iseadh go deimhin,” arsa’n fear eile.

“Tá go maith,” arsa Séamus. “Ní chuirfead-sa an cruadhtan san ort-sa. Dá bhféadainn an t-airgead a bhaint dé féin bheinn sásta, ach ní díot-sa is ceart dom a chuid siúd a bhaint. Seo dhuit do sparán, ach tabhair dom uait féin cúpla púnt ar iasacht. Tá gnó áirighthe agam dé.”

Do thug. Agus is ’mó lóisdín oídhche agus béile mhaith bhídh a fhuair Séamus i dtigh an duin’uasal sin ’n-a dhiaigh san nuair a bhíodh gádh go cruaidh aige le lóisdín oídhche agus le béile bhídh.

Tá baile sa taobh thoir thuaidh de’n pharóiste agus Gort na Sgeithe an ainim a tugtar air. Tá an baile sin naoi míle ó Chill Úird. Is minic a thagadh glaodhach ola chúgham ó’n mbaile sin i lár na h-oídhche. Do bhínn am’ dhúiseacht uaireanta agus d’airighinn an teachtaire agus é ag teacht, ar sodar, ar muin capaill, agus “Gort na Sgeithe! Gort na Sgeithe!” adeireadh cosa an chapaill sa tsodar ar an mbóthar, agus mise am’ dhúiseacht sa leabaidh ag éisteacht leis an sodar, “Gort na Sgeithe! Gort na Sgeithe!” agus mé ag cuimhneamh ar an naoí míle ’shlígh a bhíodh rómham. Ní ghoilleadh an sgéal puínn orm, ámhthach. Chómh luath agus bhínn sa n-iallait agus ar an mbóthar níor bh’ fhearr liom bheith sa leabaidh. Bhíos óg an uair sin.

Tá áit ag bun Ghort na Sgeithe agus na Mianacha a tugtar ar an áit. Do h-innseadh dom go raibh iaran d’á thógaint as an dtalamh ann raint aimsire ó shin, agus go ndéintí corcáin ann agus go gceannaigheadh na cómharsain na corcáin sin, agus gur chorcáin mhaithe [ 136 ]iad ach gur bh’ ana dheacair iad a choimeád glan ar an dtaobh istigh; gur dhócha ná glantí an t-iaran i gceart sa teine, nó sa bhfúirnéis. Tugtar “an Fúirnéis,” leis, mar ainim ar an mbaile.

Public domain
This work is in the public domain in countries where the copyright term is the author's life plus 70 years or less. See Copyright.