Page:Mo sgeal fein.djvu/146

From Wikisource
Jump to navigation Jump to search
This page has been proofread.

dhóich leis go raibh aon bhaoghal go mbuailfeadh Fréiní úmpa.

“Tá míle púnt anso agam,” adeireadh sí, anois agus airís, “agus cad a dheanfad i n-aon chor má bhuailean sé umainn!”

Do chuireadar an bóthar díobh gan aon bhárthan go dtí gur fhágadar Cill Úird laisteas díobh agus go rabhadar ag déanamh ar an sliabh. Nuair a bhíodar sa n-áit ab uaigníghe de’n tsliabh siúd chúcha Fréiní. Chómh luath agus do labhair Fréiní le fear na gcapall do stad an cóiste. Tháinig Fréiní go dorus an chóiste agus a phiostal ar leibhéal aige.

“Seadh, a cháirde ionmhuine, ná bíodh aon achran againn, ach sínidh amach chúgham pé airgead atá agaibh.”

Bhí fear ann nár labhair puínn ó fhág sé Corcaigh. Do bhéic sé amach, agus é ag gol le sgannradh, chómh luath agus do labhair Fréiní.

“Ó, a dhuin’uasail,” ar seisean, agus tharaing sé amach a raibh d’airgead ’n-a phóca aige, lán a ghlaice de mhion-airgead, “sin abhfuil d’airgead agam-sa agus ná lámhaigh mé! Seo dhuit é ach gan mé mharbhughadh. Ní fheadar an mór an t-airgead atá ag aoinne eile anso, ach féach, tá míle púnt ag an mnaoí uasail sin ansan. Sín chuige an míle púnt san atá agat, a bhean uasal, i dtreó ná lámhfaidh sé sinn!”

B’éigean di an míle púnt a thabhairt do Fréiní. Bhí Fréiní ag gáirí agus a chúis aige. Níor chuaidh sé ró dhian ar an gcuid eile acu. Thóg sé pé méid a thugadar dó agus d’imthigh sé. Ansan iseadh bhí an chaint ag an mnaoi a chaill an míle púnt. Níor stad a béal ach ag mallachtaighe agus ag spídiúchán ar an bhfear a sgéidh uirthi. Níor labhair seisean a thuille. Do shroiseadar cathair Bhaile Átha Chliath. Chómh luath agus