Page:Mo sgeal fein.djvu/147

From Wikisource
Jump to navigation Jump to search
This page has been proofread.

do stad an cóiste, istigh sa chathair, chuir an fear ciúin a lámh ’n-a phóca agus tharaing sé amach blúire páipéir agus shín sé chun mná na cainte é.

“Seo,” ar seisean, “siné do mhíle púnt agat.” Órdughadh míle púnt ar bhanc Bhaile Átha Cliath ab eadh an blúire páipéar.

“Féach,” ar seisean, “tá deich míle púnt anso agam-sa, agus tá an t-airgead san agam ’á thabhairt anso ó bhanc Chorcaighe go dtí banc Bhaile Átha Cliath. I n-ór atá sé agam. Bhí eagal orainn an t-ór d’fágáilt i gCorcaigh mar d’ airigheamair go rabhthas ar tí an banc i gCorcaigh do bhriseadh. B’éigean dom mo sheans a ghlacadh le Fréiní agus an t-ór a thabhairt liom. Mura mbéadh tusa agus do mhíle púnt bhí mo dheich míle imthighthe uaim-se.”

Nuair a chonaic an bhean an ainim a bhí thíos ar an mblúire páipéir bhí sí sásta. Bhí aithne mhaith aici ar an bhfear n-a raibh a ainim ar an mblúire páipéir. B’ é an fear céadna a thug dí an blúire páipéir, ach níor aithin sí i n-aon chor é bhí an cheilt chómh maith san air. Nuair inis sé dhi cé r’ bh’ é bhí áthas mór uirthi.

Ní fheadar-sa an fíor an sgéal. Ní’lim ach ’á innsint fé mar a h-innseadh dom é.

Do h-innseadh dom conus a marbhuigheadh Fréiní sa deire. Do bhuail sé uime dhuin’uasal a bhí tar éis raint mhaith airgid d’fhághail an lá san.

“Sín chúgham an t-airgead san atá ansan agat,” arsa Fréiní leis.

“Is dócha ná fuil aon dul uaidh agam,” arsa’n duin’uasal, agus chaith sé sparán trom ar an dtalamh uaidh. Do chrom Fréiní chun an sparáin do thógaint. Le n-a linn sin do shnap an duin’uasal piostal as a