phóca féin, agus chuir sé pléar tríd an bhfear a bhí ar a chromadh. Do ghoin an pléar san é, ach níor mhairbh sé ar an spota é. Do dhírigh sé é féin agus thug sé aghaidh a phiostail féin ar an duin’uasal go raibh uair a bháis tagaithe. Do stad Fréiní gan an t-urchar do chaitheamh.
“Ní bheidh t’anam-sa orm,” ar seisean. “Táim ag dul i láthair Dé. Ní beag dom a bhfuil am’ choinnibh.”
D’imthigh sé thar claidh. Raint laethanta ’n-a dhiaigh san do fuaradh marbh é tamall ó’n áit.
Bhí ana bháidh ag na daoine leis. Do rainneadh sé ar dhaoinibh bochta cuid mhór de’n airgead a bhaineadh sé de dhaoinibh saidhbhre. Gan amhras ní raibh sa rabairne sin ach “fial stial de leathar dhuine eile.” Mar sin féin bhíodh daoine buidheach dé, agus thugaidís beith istigh dó nuair a bhíodh gádh aige leis go minic.
Ní le daoine bochta amháin a bhíodh sé fial uaireanta. Bhuail duin’uasal uime oídhche.
“Sín chúgham a bhfuil d’airgead agat!” arsa Fréiní leis.
Do shín an duin’uasal chuige sparán mór airgid a bhí aige.
“Féach anois, a Shéamuis,” arsa’n duin’uasal, “ní h-é mo thuairim go ndéanfá an méid sin orm dá dtuigthá i gceart conus atá an sgéal agam.”
“Cad ’tá sa sgéal ná tuigim?” arsa Séamus.
“Ní liom-sa an t-airgead san i n-aon chor,” arsa’n duin’uasal. “Cíos é sin atá fághalta agam indiu ó thineóntaithibh a leithéid seo de thighearna talmhan,” ’ghá innsint dó cé r’ bh’ é, “agus caithfead-sa an cíos san do thabhairt do’n tighearna talmhan san pé ball