Page:Mo sgeal fein.djvu/149

From Wikisource
Jump to navigation Jump to search
This page has been proofread.

’n-a sholáthróchadh é. Ní bheidh sé siúd aon leathphinne chun deirigh leis an obair seo.”

“An mar sin é?” arsa Séamus.

“Iseadh go deimhin,” arsa’n fear eile.

“Tá go maith,” arsa Séamus. “Ní chuirfead-sa an cruadhtan san ort-sa. Dá bhféadainn an t-airgead a bhaint dé féin bheinn sásta, ach ní díot-sa is ceart dom a chuid siúd a bhaint. Seo dhuit do sparán, ach tabhair dom uait féin cúpla púnt ar iasacht. Tá gnó áirighthe agam dé.”

Do thug. Agus is ’mó lóisdín oídhche agus béile mhaith bhídh a fhuair Séamus i dtigh an duin’uasal sin ’n-a dhiaigh san nuair a bhíodh gádh go cruaidh aige le lóisdín oídhche agus le béile bhídh.

Tá baile sa taobh thoir thuaidh de’n pharóiste agus Gort na Sgeithe an ainim a tugtar air. Tá an baile sin naoi míle ó Chill Úird. Is minic a thagadh glaodhach ola chúgham ó’n mbaile sin i lár na h-oídhche. Do bhínn am’ dhúiseacht uaireanta agus d’airighinn an teachtaire agus é ag teacht, ar sodar, ar muin capaill, agus “Gort na Sgeithe! Gort na Sgeithe!” adeireadh cosa an chapaill sa tsodar ar an mbóthar, agus mise am’ dhúiseacht sa leabaidh ag éisteacht leis an sodar, “Gort na Sgeithe! Gort na Sgeithe!” agus mé ag cuimhneamh ar an naoí míle ’shlígh a bhíodh rómham. Ní ghoilleadh an sgéal puínn orm, ámhthach. Chómh luath agus bhínn sa n-iallait agus ar an mbóthar níor bh’ fhearr liom bheith sa leabaidh. Bhíos óg an uair sin.

Tá áit ag bun Ghort na Sgeithe agus na Mianacha a tugtar ar an áit. Do h-innseadh dom go raibh iaran d’á thógaint as an dtalamh ann raint aimsire ó shin, agus go ndéintí corcáin ann agus go gceannaigheadh na cómharsain na corcáin sin, agus gur chorcáin mhaithe