Page:Mo sgeal fein.djvu/150

From Wikisource
Jump to navigation Jump to search
This page has been proofread.


iad ach gur bh’ ana dheacair iad a choimeád glan ar an dtaobh istigh; gur dhócha ná glantí an t-iaran i gceart sa teine, nó sa bhfúirnéis. Tugtar “an Fúirnéis,” leis, mar ainim ar an mbaile.


XIX
AN STAONADH Ó’N ÓLACHÁN

Ní ró fhada a bhíos tagaithe amach as an gcoláisde, críochnuighthe am’ shagart agus ag déanamh oibre sagairt ameasg na ndaoine, nuair a thugas nídh fé ndeara. Thugas fé ndeara an díobháil tiubaisteach a bhí ag an ólachán ’á dhéanamh do mhuíntir na h-Éirean. Chonac an ceárdaidhe sáidhte i dtigh an tabhairne gach aon tráthnóna Dé Satharainn, agus é ag fanmhaint ann go dtí go mbíodh págh na seachtmhaine imthighthe, nó an chuid ba mhó dhé, agus an bhean agus an chlann sa bhaile gan béile na h-oídhche acu, gan, b’ fhéidir, balcuis éadaigh ar aon tslacht; ansan, an fear san ar a leabaidh ar maidin Dé Domhnaigh agus gan é ábalta ar eirighe ná ar dhul fé dhéin aon Aifrinn. Chonac an bhean agus a meabhair bainte dhi ó bheith a d’iaraidh aire thabhairt do’n fhear san agus d’á chlainn agus d’á thigh, agus gan an t-airgead aici chuige, í féin leath lomrachta agus an chlann leath lomrachta agus an tínteán fuar folamh, gan teine ná adhbhar teine, gan teas gan compórd. Chonac an feirmeóir ag teacht abhaile