Mo Sgéal Féin/17

From Wikisource
Jump to navigation Jump to search
Mo Sgéal Féin
by Peadar Ua Laoghaire
Mo Sgéal Féin is the autobiography of Peadar Ua Laoghaire (1839–1920), published in 1915.

[ 121 ]

XVII
I GCILL SHEANAIGH AGUS I GCILL ÚIRD

An fhaid a bhíos i bparóiste Chill Sheanaigh bhí orm dhá Aifrean do rádh gach aon Domhnach agus gach aon lá saoire. Thugainn seanmóin uaim ag gach Aifrean díobh, seanmóin as Béarla ag Aifrean díobh, agus seanmóin as Gaeluinn ag an Aifrean eile. Tá trí séipéil sa pharóiste, séipéal i gCill Pheadair, séipéal sa Ghleanntán, agus séipéal ag Beinn na Míol. Ní foláir Beinn na Míol a thabhairt air, mar tá Beinn eile siar ó-dheas uaidh agus Beinn na Leacht a tugtar air. Is minic a tháinig glaodhach ola sa n-oídhche chúgham ó Bheinn na Leacht.

Is cuimhin liom aon ghlaodhach ola amháin díobh agus [ 122 ]ní baoghal ná go gcoimeádfad cuimhne air. Do rith buachaill chúgham isteach agus saothar air i dtreó gur ar éigin fhéad sé labhairt.

“Tá fear ag fághail bháis, a Athair,” ar seisean.

“Canad?” arsa mise.

“Thiar ar Beinn na Leacht, a Athair,” ar seisean.

“Cad ’tá air?” arsa mise.

“Do shloig sé a theanga, a Athair!” ar seisean.

“Aililiú!” arsa mise, “conus fheadfadh sé a theanga do shlogadh?”

“Bhí sé ag ól bhainne raímhir, a Athair,” ar seisean, “agus do shloig sé siar a theanga i n-aonfheacht leis an mbainne. Ní’l aon fhocal cainte aige,” ar seisean, “agus nuair fhéachamair isteach ’n-a bhéal níor fhéadamair aon radharc fhághail ar a theangain. Is baoghalach ná béarfair ’n-a bheathaigh air, a Athair,” ar seisean.

Chomáineas liom siar. Do rugas ’n-a bheathaigh air. Bhí a chaint aige nuair a shroiseas é.

“Airiú, cad fé ndeara dhuit do theanga shlogadh!” arsa mise leis.

“Ó mhaise!” ar seisean, “an breallán buachalla san!” ar seisean. “Bhí tart orm agus d’ólas an deoch ró thapaidh, agus tháinig crampa nó rud éigin de’n tsórd san am’ sgórnaigh i dtreó gur crap mo theanga siar ar fad am’ chúlcraos agus gur mheas sé siúd gur b’ amhlaidh a shloigeas mo theanga! Ní’l aon chiall aige!”

Bhí an crampa imthighthe a’ sgórnaigh an fhir bhoicht i dtreó ná raibh aon ghádh le h-ola aige, agus thánag-sa abhaile air mo shuaimhneas.

Ní gan chúis a tugtar Beinn na Leacht ar an mbaile sin. Táid na leachtana ann. Tá ar dtúis ann dhá roth mhóra leathana cloch, roth mór lasmuich agus an roth [ 123 ]eile laistigh dé sin agus iad aoninneach. De chlochaibh, curtha ’n-a seasamh, mar bhéadh clocha roilighe, atá an dá roth san déanta. Tá ansan, siar ó-dheas ó’n roth amuich, dhá líne cloch agus na clocha ’n-a seasamh ar an gcuma gcéadna, agus an dá líne fan a chéile, agus gan iad ró fhada amach ó chéile. Ní cuimhin liom anois cad é an fhaid a déarfainn a tá ionta, ach is dóich liom go rabhadar ceathair nó cúig de shlataibh nó mar sin. Bhí cúpla cloch nó trí thiar ag an gceann thiar díobh ’ghá dtabhairt chun a cheile i dtreó gur pharallelogram iad. Tá breis agus cheithre bliana agus dachad ó chonac iad.

Tá bóthar siar ó Bheinn na Míol go Nead an Fhiolair agus go Cill Chóirne. Mórán blianta sar a dtánag-sa go Beinn na Míol bhí sagart áirighthe ’n-a chómhnuighe i gCill Chóirne. Do buaileadh breóite é. Cheap sé go mbéadh sé tagaithe chuige féin i gcóir an Domhnaigh a bhí chuige, ach ní raibh. Bhí sagart a bhí báidheamhail leis thoir i mBaile na Móna. Chomáin sé teachtaire soir um thráthnóna Dé Satharainn ’ghá iaraidh ar shagart Bhaile na Móna teacht, dá mb’ fhéidir é, agus an t-Aifrean do rádh thar a cheann i gCill Chóirne. Bhí capall ana mhaith ag sagart Bhaile na Móna agus “Gríosach” an ainim a bhí aige ar an gcapall. D’eirigh sé go moch ar maidin Dé Domhnaigh agus siúd siar é, siar Ath an Dalláin, siar Beinn na Míol, siar Gleann na h-Aithrighe, siar go Nead an Fhiolair agus go dtí séipéal Chill Chóirne. Dúbhairt sé an t-Aifrean díreach ar an uair a bhí ceapaithe, gan aon neómat ríghnis. Is dócha go mb’ fhéidir go raibh taithíghe ag cuid de’n phobul ar an Aifrean a bheith tamall beag deirineach. Pé sgéal é, bhí a lán acu déanach chun an Aifrinn an mhaidean san. Bhí an sagart ag dul soir [ 124 ]a bhaile airís tar éis an Aifrinn do rádh, agus bhuail cuid de’n phobul uime ar an mbóthar. Iadsan ag teacht go dtí an t-Aifrean agus an t-Aifrean ráidhte aige-sean. Bhí air bheith i n-am chun Aifrinn do rádh an lá céadna i mBaile na Móna tar éis dul abhaile dhó. Do labhair sé le cuid des na daoine a bhí déanach.

“Ohó!” ar seisean.

“Gríosach, a chodail i mBaile na Móna,
Do sgiob sé an t-Aifrean ó mhuintir Chill Chóirne!”

Thagadh glaodhach ola chúgham go minic ainíos ar fad ó bhruach Abhan Móire, agus is minic gur i lár na h-óidhche thagadh sé. Uaireanta, b’ fhéidir, bheinn tar éis bheith thíos ann i gcaitheamh an lae, ag déanamh gnótha Domhnaigh nó ag tabhairt turus ar sgoileanaibh. Ansan b’ fhéidir, nuair a bheinn am’ shámh-chodla, i lár na h-oídhche, thiocfadh an glaodhach ola, agus chaithinn eirighe agus imtheacht síos airís. Ach bhíos óg láidir an uair sin agus ní bhíodh puínn binne agam ar neithibh de’n tsórd san.

Gaeluinn a labhradh gach aoinne liom an uair sin nuair a théighinn mar sin ag cur na h-ola ortha. Na teachtairí féin, bíodh go mbíodh cuid acu óg go maith, is Gaeluinn a labhraidís liom.

An sagart paróiste a bhí os a gcionn bhí Gaeluinn bhreagh aige. An t-Athair Tomás ua Muirithe ab ainim dó. Andeas ó Chairbre a thainig sé. Tháinig sé andeas sar ar deineadh dá dhóiseas de dhóiseas Chluanach agus Rosa. Bhí sé suas le deich mbliana agus trí fichid nuair a bhíos-sa agus é féin i bparóiste Chille Sheanaigh. Do mhair sé go dtí go raibh sé aon bhliain [ 125 ]déag agus cheithre fichid. Nuair a bhíos-sa bliain agus rátha i gCill Sheanaigh chuir an t-Easbog soir go Cill Úird mé, agus beagán aimsire ’n-a dhiaigh san chuaidh an t-athair Tomás ó-dheas go h-Iniscairthe. Ansan iseadh fuair sé bás agus é aon bhliain déag agus cheithre fichid, tar éis é bheith trí fichid blian ’n-a shagart. Bhí obair chruaidh air cuid de’n aimsir sin. Chonaic sé an droch shaoghal go léir. Chonaic sé na daoine ag fághail bháis cois na gclathach agus ar na bóithribh —— agus an biadh ag imtheacht thar faraige chun cíosa dhéanamh dos na máighistiríbh talmhan. Ní féidir liom cuimhneamh air anois féin gan buile feirge theacht orm.

Is cuimhin liom go maith an lá fhágas Beinn na Míol agus mé ag dul go Cill Úird soir. Do cuireadh ríghneas éigin ar leitir an Easboig. Níor tháinig sí chúgham go dtí ar maidin Dé Satharainn. Níor mhór dhom bheith i gCill Úird ar maidin Dé Domhnaigh a bhí chúghainn chun dá Aifrean do rádh, an chéad Aifrean acu amuich i n-Araiglinn, agus Aifrean a dódhéag i gCill Úird.

Bhí láir mhaith agam agus trap beag deas éadtrom. Chomáineas liom isteach go Malla agus an bóthar soir ó Mhalla. Nuair a bhíos cúpla míle soir ó Mhalla thugas fé ndeara an lá ag dorchughadh.

“Tá eagal orm go mbeidh tóirthneach againn,” arsa mise am’ aigne féin.

Le n-a linn sin d’airigheas fothram trom láidir éigin nár airigheas riamh a leithéid eile.

“Ní tóirthneach é sin!” arsa mise am’ aigne.

Do stadas an láir agus d’fhanas tamall am’ stad féachaint an aireóchainn airís é. Níor airigheas. Bhíos ag cuimhneamh agus ag cuimhneam féachaint cad leis [ 126 ]go samhlóchainn é. Theip orm cuimhneamh ar aon tsaghas fothraim a chuirfinn i gcomparáid leis. Bhí sé ana láidir, ana throm. Ba dhóich le duine go raibh sé sa spéir agus fé thalamh i n-aonfheacht. Dá gcuireadh sé an tarna guth as d’fhéadfainn, b’ fhéidir, tuairim éigin a thabhairt fé cad é an saghas fothraim é, ach níor chuir. Chomáineas liom agus d’imthigh sé as mo cheann.

Fuaras an bóthar ó Mhalla go Cill Úird níba shia go mór ’ná mar a shíleas. Bhí sé ag déanamh amach ar a dódhéag sa n-oídhche nuair a shroiseas an áit. Do chailleas raint mhaith aimsire, tar éis na h-oídhche theacht orm, ag glaodhach ar dhaoine a bhí n-a gcodla agus ag cur tuairisge na slíghe ortha. Do shroiseas Cill Úird. Bhí na dóirse go léir dúnta agus na daoine ’n-a gcodla. Chonac solus i n-aon tigh amháin. Thugas aghaidh ar an solus. Do ghlaodhas ar mhuíntir an thíghe. Tháinig bean chun an doruis chúgham. D’innseas di cé r’ b’ é mé, agus d’fhiafraigheas di a’ bhféadfadh sí bheith istigh a thabhairt dom go lá, mar go raibh orm dul amach go moch ar maidin go h-Araiglinn chun an Aifrinn do rádh ann.

“Ochón, a Athair,” ar sisi, “tabharfad agus fáilte; agus go deimhin féin ní ró mhaith an chóir is féidir dom a chur ort, a Athair,” ar sisi. “Ach bíodh an chóir olc nó maith ní ró fhada a bheidh an tigh seo againn chun bheith istigh a thabhairt d’aoinne ann. Táimíd féin le cur amach as ar maidin Dé Luain! Tar isteach, a Athair,” ar sisi.

Chuas isteach. Bhí tigh folamh amuich sa chlós agus chuireas mo láir isteach ann agus thugas rud le n-ithe dhi. Bhí san agam sa trap bheag. Do cuireadh cóir chodlata orm féin chómh maith agus d’fhéad na daoine bochta é. Bhíos am’ shuidhe ar maidin ar an gcéad [ 127 ]sholus. Thug bean an tíghe stiúrughadh agus cómharthaí an bhóthair dom agus do ghluaiseas, am’ charra bheag, soir go dtí an drochad atá ar abhainn Araiglinn; soir ó-thuaidh tré Bhaile na Páirce, mór-thímpal i radharc an tseana chaisleáin atá ’n-a sheasamh ar mhullach cnucáin ar an dtaobh thiar de’n abhainn, d’ abhainn Araiglinn; fan na h-abhan airís, soir ó-thuaidh, go dtí gur shroiseas an crosaire mar a n-iompuighthear siar go dtí Cúil Múchan. Do leanas an bóthar díreach soir ó-thuaidh fé bhun Bhaile na mBodach. Ansan do shroiseas drochad eile agus chuadhas thar abhainn siar agus suas cnucán, agus bhíos ag séipéal Araiglinn. Séipéal nua ab eadh é. Bhí sé ana árd, agus do luigheadh an ghaoth go mór ar an gcnucán nuair a bhíodh aon phuínn nirt inti. Tá dhá shruthán dheasa ag teacht chun a chéile thoir thíos ag bun an chnucáin, agus deinean an cnucán foithin mhór do’n ínse bheag atá thíos idir an dá shruth. Níor fhéadas gan a mheas gur mhór an truagh nár deineadh an séipeál thíos ar an ínse sin i n-inead é dhéanamh thuas ar mhullach an chnucáin. Ínse an Chlampair an ainim a tugtar ar an ínse sin.

Nuair a bhí an pobal cruinnighthe dúbhart an t-Aifrean dóibh, agus ansan thugas aghaidh siar ó-dheas airís ar Cill Úird, agus bhíos ann ar a dódhéag chun an tarna h-Aifrinn do rádh ann. Bhí iongnadh a chroídhe ar an sagart paróiste nuair a chonaic sé ag teacht mé. Bhí fhios aige go raibh an sagart a bhí aige rómham imthighthe, ach ní raibh fhios aige go rabhas-sa tagaithe. Bhí sé ar buile chúgham nuair nár thugas aghaidh ar a thigh féin. D’innseas dó conus mar a bhí sé ró dhéanach sa n-oídhche nuair a shroiseas an áit agus ná raibh fhios agam cá raibh a thigh.

Ar maidin Dé Luain a bhí chúghainn bhíos ag féachaint [ 128 ]ar pháipéar. Níor chuireas suím ró mór i n-aon rud d’á bhfeaca ann go dtí gur luigh mo shúil ar an méid seo, .i. “Extraordinary occurrence. About 2 o’clock, p.m. on Saturday last a distinct shock of earthquake was felt in the neighbourhood of Mallow. It was accompanied by a loud subterranean noise which lasted only a moment. Several persons felt the shock and heard the sound.”

Thuigeas ansan cad é an brígh a bhí leis an bhfuaim úd d’airigheas agus mé cúpla míle soir ó Mhalla Dé Satharainn roimis sin. Tráth éigin sa bhfóghmhar, sa bhliain d’aois an Tighearna míle ocht gcéad trí fichid a h-ocht, iseadh do h-airigheadh an fothrom san agus do mothuigheadh an t-aon luasgadh talmhan amháin sin, i n-aice Mhalla. Níor mhothuigheas-sa an luasg, toisg mé bheith sa charra, is dócha, agus an carra ag gluaiseacht.

An fhaid a bhíos i gCill Úird an uair sin thugas breis agus bliain am’ chómhnuighe i dtigh athá ar chnucán os cionn drochaid Araiglinn, tímpal míle soir síos ó’n mbaile bheag ar a dtugtar Cill Úird. Do h-innseadh dom go raibh an Barún Pigott ’n-a chómhnuighe sa tigh chéadna nuair a bhí sé óg, nuair a bhí sé ’n-a mhacléighinn, agus go raibh seómra beag aige ar mhullach caraige laistiar de’n tigh agus go dtugadh sé a lán d’á aimsir sa tseómra san i n’aonar ag déanamh foghluma. Bhí sé ’n-a bhreitheamh i mB’l’Átha Cliath nuair a bhíos-sa am’ chómhnuighe sa tigh. Tigh ana dheas chun cómhnuighthe iseadh an tigh an fhaid a bhíon an samhradh ann, ach tá sé ’n-a sheasamh ar ghruadh an chnucáin ar an dtaobh thuaidh, agus nuair a thagan an geimhre beirean an fuacht air go h-ana dhian. Baile-idir-dhá-abhainn an ainim a tugtar ar an mbaile. Ruithean abha Araiglinn isteach [ 129 ]sa n-Abhainn Mhór lastoir de’n bhaile, agus ruithean an Fhuinsion isteach sa n-Abhainn Mhór chéadna laistiar de’n bhaile, agus fágan san an baile idir an dá abhainn. Tá seana chaisleán tamall ó-dheas ó’n áit ’n-a bhfuil an tigh, agus an Ríghtheaghlach a tugtar mar ainim air. “Rathealy” a tugtar i mBéarla air, i dtreó gur dhóich le duine gur ó dhuine éigin de mhuíntir Éalaighthe a tugadh an ainim. Sin mar a loitean an Béarla gach aon rud Gaedhlach go mbíon aon teangabháil aige leis. Tá bóthar breagh réidh fan bhruach Abhan Móire soir go h-Ínse an Léime agus go dtí an Baile Dubh agus go Lios Mór, agus as san go Ceapach Chuinn.

Ní fada a bhíos ar an gcnucán úd i mBaile ’-dir-dhá-Abhainn nuair a bhí eolus maith curtha agam ar na bóithribh go léir, a bhfuil tríd an bparóiste dhíobh. Do h-innseadh dom go raibh tobar beannuighthe sa chúinne thoir de’n pharóiste agus gur “Tobar na h-Ola” a tugtí air. Chómh luath agus d’airigheas é bheith ann chuas soir go bhfeicfinn é. Áit ana uaigneach iseadh an áit ’n-a bhfuil sé. Tobairín deas iseadh é, agus uisge ana bhreagh ann. D’ólas deoch as agus thaithn sé go mór liom. Do h-innseadh dom go mbíodh daoine ag tabhairt turus ann, mór-thímpal an tobair, agus go mbíodh cómhchalán ann uair sa mbliain. Do h-innseadh dom gur thárla, nuair a bhí cómhchalán éigin acu ann agus mórán daoine cruinnighthe ann, gur eirigh bruighean fíochmhar eatartha agus gur doirteadh fuil ann, mórán dé, agus ansan gur cuireadh mallacht ar an áit, agus gur tugadh “Tobar na Fola” ar an dtobar i n-inead “Tobar na h-Ola.”

Public domain
This work is in the public domain in countries where the copyright term is the author's life plus 70 years or less. See Copyright.