Mo Sgéal Féin/16

From Wikisource
Jump to navigation Jump to search
Mo Sgéal Féin
by Peadar Ua Laoghaire
Mo Sgéal Féin is the autobiography of Peadar Ua Laoghaire (1839–1920), published in 1915.

[ 116 ]

XVI
“A DHIA, SAOR ÉIRE!”

Do ghluais an dá bhliain. Tháinig an t-earach deirineach a thugas i Maigh Nuadhat. I gcaitheamh an trí rátha a tháinig roim Lá Fhéil’ Pádraig an earaigh sin bhí gach aon tsaghas ráflaí ag gluaiseacht i dtaobh na bhFíníní. Bhí an t-eirighe amach le bheith ann lá Samhna. Ansan bhí sé le teacht Lá Coille. Ansan bhí sé le teacht gan aon dabht Lá Fhéile Bríghde. Fé dheire tháinig sé. Do ghluais deich míle fear amach ó chathair Chorcaighe. Fir bhreaghtha óga láidire ab eadh iad. Dá mbéadh na h-airm acu, agus an chóir ortha, agus an stiúrughadh ceart ortha, dhéanfaidís obair a bhainfeadh cuid de’n mhóráil de’n “Times.” Mar a bhí, do chuireadar crith chos agus lámh ar a raibh de landlordibh agus de sheóiníníbh i n-Éirinn ó Dhomhnach Diagh go Tigh Mháire. Ach bhí aon nídh amháin sa n-eirighe amach san agus chuir sé áthas mór orm-sa. Bhí na buachaillí go léir sin, ’n-a gcéadtaibh agus ’n-a míltibh, ar a nglúinibh i láthair sagart, fé mar fhéadaidís na [ 117 ]sagairt d’fhághail, ag déanamh a bhfaoisdine dhóibh féin i dtreó go mbeidís ollamh chun dul i láthair Dé nuair a thuitfidís sa chath a bhí le teacht, dar leó. Chuir san i n-úil dom ná raibh sa droch fhéachaint úd a thugaidís orm, bliain nó cúpla bliain roimis sin, ach an éagcóir is gnáth le duine a dhéanamh, uaireanta, ar a aigne agus ar a chroídhe féin, agus ar a choinsias féin, nuair a chuirean droch chómhairle agus droch chómhluadar suas é chun rud a dhéanamh a bhíon lom díreach i gcoinnibh a thuisgeana agus i gcoinnibh a chroídhe.

Bhíomair go léir istigh sa choláisde an mhaidin do ghluais an t-eirighe amach. Bhí an uile shagas ráflaí ag teacht chúghainn. “Traénana lán de shaighdiúiribh dearga ag gluaiseacht ó-dheas! Gach aon traéin acu leath-mhíle ar faid! Traénana eile ag teacht andeas agus iad lán de shaighdiúiribh gonta! Srutháin fola ar na bóithribh iarainn ós na saighdiúiribh gonta a bhí dh’á dtabhairt andeas. An Churach agus a raibh de bharaicibh air i lámhaibh na bhFíníní!” Mar sin dóibh.

Tháinig an sneachtadh. Bhíomair go léir ag cur a’s ag cúiteamh féachaint conus a raighmís ó-dheas abhaile, nó an gcaithfimís an tslígh do shiúbhal.

Do lean an sneachtadh. Ansan tháinig atharach na sgéal. Ansan tháinig an dlígh; na prísúnaigh; an chúirt; na trialacha; agus—an seana sgéal i gcómhnuighe—an t-informer. Agus cé r’ bh’ é an t-informer, an dóich leat? Duine des na cinn uraid. Fear go raibh eólus agus fios a ngnóthaí go léir aige! Fear a bhí ag tabhairt an eóluis sin go léir do namhaid na bhFíníní, do mhuíntir an Chaisleáin i mB’l’Átha Cliath, ar feadh mórán aimsire roimis sin, a gan fhios d’aoinne beó. Fear gur mheas an uile dhuine des na Fíníníbh nár mhair an fear san riamh a bhí níba dhílse ’ná é. Bhíodh [ 118 ]sé ansúd ’n-a measg, sáidhte ins gach cómhairle leó ba dhiamhaire agus ba dhisgréidíghe ’ná ’chéile; a n-ainimneacha go léir curtha síos go Baile Átha Cliath aige agus fiacha a gcod’ fola geallta dhó, agus a lán de’n airgead fola ’n-a phóca aige an uair sin féin! Ba thúisge leó go mór a chómhairle ghlacadh ’ná cómhairle sagairt a ghlacadh—go dtí go bhfeacadar ansúd é, sa chúirt, ag freagairt ceisteana, agus gach aon fhocal d’á dtagadh as a bhéal ag fásgadh na cnáibe níba dhéine ar a muineálaibh. Ba thruagh an radharc é!

“Ach,” adéarfaidh duine, b’fhéidir, “má bhí aoinne amháin ’n-a ropaire fill féach ar na míltibh a bhí fíor-dhílis, daoine do chaillfeadh an t-anam seacht n-uaire níba thúisge ’ná mar a dhéanfaidís feall de’n tsórd san.”

Agus nách shiné donas an sgéil ar fad! Na mílte ann d’fhearaibh breaghtha cródha dílse deagh-aigeanta, agus neart d’aon ropaire amháin iad go léir do chrochadh nó do chur an loch amach, agus an gnó, gur chailleadar a raibh an tsaoghal acu leis, i dteannta a sláinte, b’ fhéidir, do chailleamhaint leis, neart dó an gnó san do chur ar neamhnídh i n-aon lá tiubaisteach amháin, tar éis blianta fada bheith caithte ’ghá shaothrughadh agus ’ghá thabhairt chun rathmhaireachta. Cuirean an t-aon informer amháin saothar na mílte fear fóghanta ar neamhnídh.

“Agus nách ait an sgéal a rádh ná féadfaí gnó dhéanamh ar shlígh ná fágfadh ar chumas aon informer dochar a dhéanamh dó?”

Ní féadfaí. Níor féadadh riamh agus ní féadfar go deó. Ní féidir é. An fhaid a bheid droch dhlighthe d’á ndéanamh, dlighthe a chuirfidh rómpa eagcóir a dhéanamh ar dhaoine macánta, beid na daoine macánta san [ 119 ]ag eirighe i gcoinnibh na ndroch dhlighthe sin. Ansan beid lucht na ndroch dhlighthe do dhéanamh ag breabadh na ropairí chun sgéidh ar na daoine macánta agus iad a thabhairt chun na croiche. Dlighthe éagcórtha, dlighthe chun robála, fé ndear an droch obair go léir. As na droch dhlighthe a dh’fhásan an t-informer.

Chuir an dlígh agus an t-informer deire leis an eirighe amach. An deich míle fear a ghluais amach ó Chorcaigh níor bh’ fhada go bhfeacadar ná raibh aon mhaith ’n-a ngnó; go raibh na cinn a bhí chun na h-oibre go léir do stiúrughadh, go rabhadar daingean fé ghlasaibh na bprísún. Ansan ní raibh le déanamh ag gach aoinne ach dul fé cheilt go dtí go bhféadfadh sé imtheacht thar faraige a gan fhios dos na slóighte lucht faire a bhí ag muíntir Shasana ar na cuantaibh.

Thánamair go léir abhaile ó’n gcoláisde nuair a tháinig an samhradh, agus ní raibh orainn siúbhal abhaile. Bhíos féin, mar a dúbhart, ag déanamh gnótha sagairt sa pharóiste sin Chill Sheanaigh. Bhí an t-informer tar éis oibre na bhFíníní do bhriseadh agus do sgaipeadh agus do chur ar neamhnídh. Bhí formhór na gceann-uraid daingean fé ghlasaibh na bprísún nó díbeartha an loch amach le daor-bhreithibh dlíghe. An dlígh nár fhéad an ceart a dhéanamh agus muíntir na h-Éirean do chosaint ar an éagcóir a bhí ag an landlord ’á dhéanamh ortha bhí sí ollamh go maith ar mhuíntir na h-Éirean do dhaoradh agus do chur thar faraige nuair a mheasadar féin iad féin do chosaint as an éagcóir sin.

Ach bíodh go raibh formhór na gceann-uraid fé ghlasaibh, nó curtha anonn, bhí raint acu fós gan tabhairt chun lámha. Bhí ar an raint sin ceann-uraid oirdheirc de mhuíntir Cheallaigh. Bhí an tóir ’n-a dhiaigh go teith, ach [ 120 ]do shleamhnuigh sé anonn go Sasana, é féin agus Captaen Déiseach. Nuair a bhíodar thall i Manchester do chonaic duine éigin de’n lucht faire é agus d’aithin sé é. Do gabhadh é láithreach. Bhí sé féin agus an Captaen i gcarra dúnta d’á mbreith chun an phrísúin. D’airigh Fíníní na catharach an sgéal. Chruinnigheadar tímpal ar an gcarra. Do bhriseadar an glas agus do leigeadar an bheirt amach. Do marbhuigheadh an fear a bhí ’ghá gcoimeád, ach tionóisg ab eadh an marbhughadh. D’imthigh an bheirt, ach do rugadh ar chúigear de’n lucht fuasgalta, agus do trialadh i marbhughadh an duine iad, agus do daoradh chun báis iad, chun a gcrochta. Do fuaradh ar ball go raibh duine de’n chúigear agus ná raibh sé sa n-áit i n-aon cor an lá san. Bhí duine eile de’n chúigear agus Cúnún ab ainim dó. Americánach ab eadh é ó ghéillsine. Ní raibh aon úghdarás ag dlígh Shasana ós a chionn. Chómh luath agus do h-airigheadh thall i n-America go rabhthas chun é chrochadh tháinig teachtaireach dhána anall ó riaghaltas America ’ghá rádh le muíntir Shasana gan baint le h-é chur chun báis nó gur dhóibh ba mheasa. Do sgaoileadh chun siúbhail é. Do crochadh an triúr eile. Bhíos i gCeann Tuirc ar Caibidiol, mé féin agus na sagairt eile a bhain leis an áit, agus tháinig an tásg chúghainn. Bhí iongnadh agus fearg orainn go léir. Bhí fhios againn go léir gur le tionóisg a marbhuigheadh an duine; ná raibh aoinne ciontach ’n-a bhás. Bhí fhios againn, leis, go raibh muíntir Shasana ag imtheacht as a meabhair le sgannradh roimis na Fíníní agus go rabhadar ar buile le feirg, a rádh gur fhéad na Fíníní a leithéid de sgeón a chur ionta. Mar gheall ar an ngráin a bhí ag muíntir Shasana ar na Fíníníbh agus ar mhuíntir na h-Eirean iseadh do crochadh an triúr fear [ 121 ]san. Mura mbéadh an sgeón agus an sgannradh agus an ghráin a bhí istigh i gcroídhe mhuíntir Shasana ní crochfaí na fir.

Nuair a bhí an triúr ’n-a seasamh ar chlár na croiche agus an téad ar mhuineál gach fir acu, do phógadar a chéile agus díreach sar ar baineadh an clár ó n-a gcosaibh, “A Dhia, saor Éire!” ar siad. Do lean an focal san i mbéalaibh Éireanach ó shin, agus leanfaidh an fhaid a bheidh duine de shliocht Gaedhal beó ar thalamh na h-Éirean. Agus, an fhaid chéadna díreach, beidh clú an trír sin ag dul i méid agus i n-oirdhearcas, agus beidh aithis Shasana ag dul i ngráinneamhlacht.

Public domain
This work is in the public domain in countries where the copyright term is the author's life plus 70 years or less. See Copyright.