Page:Mo sgeal fein.djvu/134

From Wikisource
Jump to navigation Jump to search
This page has been proofread.

do shleamhnuigh sé anonn go Sasana, é féin agus Captaen Déiseach. Nuair a bhíodar thall i Manchester do chonaic duine éigin de’n lucht faire é agus d’aithin sé é. Do gabhadh é láithreach. Bhí sé féin agus an Captaen i gcarra dúnta d’á mbreith chun an phrísúin. D’airigh Fíníní na catharach an sgéal. Chruinnigheadar tímpal ar an gcarra. Do bhriseadar an glas agus do leigeadar an bheirt amach. Do marbhuigheadh an fear a bhí ’ghá gcoimeád, ach tionóisg ab eadh an marbhughadh. D’imthigh an bheirt, ach do rugadh ar chúigear de’n lucht fuasgalta, agus do trialadh i marbhughadh an duine iad, agus do daoradh chun báis iad, chun a gcrochta. Do fuaradh ar ball go raibh duine de’n chúigear agus ná raibh sé sa n-áit i n-aon cor an lá san. Bhí duine eile de’n chúigear agus Cúnún ab ainim dó. Americánach ab eadh é ó ghéillsine. Ní raibh aon úghdarás ag dlígh Shasana ós a chionn. Chómh luath agus do h-airigheadh thall i n-America go rabhthas chun é chrochadh tháinig teachtaireach dhána anall ó riaghaltas America ’ghá rádh le muíntir Shasana gan baint le h-é chur chun báis nó gur dhóibh ba mheasa. Do sgaoileadh chun siúbhail é. Do crochadh an triúr eile. Bhíos i gCeann Tuirc ar Caibidiol, mé féin agus na sagairt eile a bhain leis an áit, agus tháinig an tásg chúghainn. Bhí iongnadh agus fearg orainn go léir. Bhí fhios againn go léir gur le tionóisg a marbhuigheadh an duine; ná raibh aoinne ciontach ’n-a bhás. Bhí fhios againn, leis, go raibh muíntir Shasana ag imtheacht as a meabhair le sgannradh roimis na Fíníní agus go rabhadar ar buile le feirg, a rádh gur fhéad na Fíníní a leithéid de sgeón a chur ionta. Mar gheall ar an ngráin a bhí ag muíntir Shasana ar na Fíníníbh agus ar mhuíntir na h-Eirean iseadh do crochadh an triúr fear