Mo Sgéal Féin/15

From Wikisource
Jump to navigation Jump to search
Mo Sgéal Féin
by Peadar Ua Laoghaire
Mo Sgéal Féin is the autobiography of Peadar Ua Laoghaire (1839–1920), published in 1915.
[ 106 ]
XV
GNÓ SAGAIRT; AGUS TEACHT NA BHFÍNÍNÍ

Do ghluais na sé bliana a thugas sa choláisde agus ba mhar a chéile, geall leis, iad go léir. Ní raibh de dheifrigheacht eatartha ach an deifrigheacht a bhí idir na céimeanaibh oibre a bhí againn le déanamh. Bhí a céim oibre féin ceapaithe do gach bliain díobh, bliain abhcóididheachta, bliain ealadhandachta, agus ansan, cheithre bliana diadhachta. Chuireas díom iad gan aon rud neamhchoitchianta do thuitim amach dom. Ní bhfuaras a thuille duaiseana. Níor dheineas aon iaracht ar iad fhághail. Bhí a mhalairt de chúram orm. Ó’n gcéad bhliain amach bhí an tsláinte ag bagairt orm agus bhí an bhagairt ag dul i ngéire i n-aghaidh gach bliana, i dtreó, nuair a bhí deire na h-aimsire ag druidim liom, gur chuma liom ach go mbéarfainn na cosa liom as an áit. Thug Diad dhom, moladh ’s buidhchas leis, gur rugas. Fuaras na h-úird, gach órd acu fé mar a tháinig mo theidiol chuige, go dtí gur cuireadh fé ghrád sagairt mé an t-aonmhadh lá déag de Mheitheamh an tSamhraidh sa bhliain d’aois an Tighearna, míle ocht gcéad, trí fichid, a seacht. Thánag abhaile, agus ní rabhas sa bhaile ach raint laethanta nuair a tháinig leitir an Easboig chúgham ’á rádh liom dul ag déanamh gnótha sagairt i bparóiste Chille Sheanaigh, i n-aice Mhalla. Paróiste mhór fhada leathan iseadh í, ó Nead an Fhiolair soir go teórainn Bhaile na Móna agus ó bhruach Abhan Móire ó-dheas go dtí Áth an Dalláin agus go dtí Bárr an Chárthainn geall leis. Sa taobh theas [ 107 ]de’n pharóiste a cuireadh am’ chómhnuighe mé, ar an mBeinn. “Beinn na Míol” an ainim iomlán. “Míol mhaíghe” a tugtí ar “ghiorfhiadh,” agus bhíodh mórán giorfhithe sa n-áit, agus uime sin a tugadh “Beinn na Míol” ar an sliabh san. Sin mar a mhínígheadar muíntir na h-áite dhómh-sa an ainim. Is dócha gur acu b’fhearr fios an sgéil.

Tá caraig sa taobh thoir de’n pharóiste agus is orm-sa a bhí an iongnadh nuair airigheas “Caraig Clíodhna” mar ainim ar an gcaraig sin, agus ar an mbaile n-a bhfuil an charaig ann. Ní féidir liom a dhéanamh amach an bhfuil aon bhaint ag an “gCaraig Clíodhna” so le “Clíodhna na Caraige Léithe.” Deir an “Giolla Ruadh” sa n-amhrán adúbhart, go raibh “Aoibhil agus Meas agus Clíodhna na Caraige Léithe” ag gluaiseacht ar tosach sa tsluagh sídhe a chuaidh leis go h-Eóchaill chun an Duineárdaigh do chosaint ar an mbás. Bhí sluagh sídhe a tháinig a-dtuaidh ó Chonnachtaibh a d’iaraidh an Duineárdaigh a bhreith leó. Do troideadh cath idir iad agus sluagh sídhe na Múmhan. Do bhuaidh sluagh sídhe na Múmhan ar an sluagh sídhe a-dtuaidh, ar “Dhaoraicme Chonnacht,” agus tháinig an Duineárdach saor ó’n mbreóiteacht a bhí air. Tá an t-amhrán le fághail i gclódh anois.

D’inis seanduine éigin sa n-áit dom go raibh duin’uasal ’n-a chómhnuighe i n-áit éigin ar bruach Abhan Móire sa tsean aimsir fadó riamh; gur b’ógánach ana dhathamhail é; gur thuit Clíodhna na caraige sin Chille Sheanaigh i ngrádh leis; gur chuir sí chuige mar theachtaire seana chailleach ar a dtugtí Caitilín Dubh; gur órduigh sí do Chaitilín a dh’innsint do’n ógánach uasal cad é an spré a bhí le fághail aige léi dá bpósadh sé í:

[ 108 ]

“Chúig céad gabhar odhar ar aon dath;
Chúig céad tona d’ór na Gréige;
Chúig céad loiligheach ceanfhion, bléinfhion;
Chúig céad caoira ar ínse taobh leó.”

Níor fhéad sé a thuille thabhairt dom, agus ní fheadar ar thug sé an méid sin sa cheart dom. B’fhéidir go bhfuil tuille dhé ag duine éigin eile.

Ní foláir dom trácht, sar a ndruidead níos sia ó aimsir an choláisde, ar nídh do thárla an fhaid a bhíos ann. I dtreó go dtuigfear an nídh sin i gceart ní mór dom dul siar tamall. Nuair a bhíos ag dul ar sgoil go Caraig an Ime bhí ar an sgoil gcéadna buachaill gur bh’ainim dó Muircheartach ua Muíneacháin. Bhí sé eirighthe suas i n’fhear, geall leis, an uair sin. Bhí an ceann agus an éirim agus an chúil-fhéith go maith aige. D’imthigh sé ó-dheas go dtí an Sgibirín, is dóich liom, ag múineadh sgoile, nuair fhág sé sgoil Charaig an Ime.

Níor airigheas a thuille cúntais air go dtí go rabhas ar sgoil i gCeann Tuirc ag foghluim na Laidne. Ansan do tháinig chúghainn ráfla éigin ó’n Sgibirín agus ó’n ndúthaigh sin mór-thímpal, .i. go raibh buidhean éigin ar bun ann agus go rabhadar ceapaithe ar eirighe amach do dhéanamh, agus ar chómhacht Sacsan do bhriseadh i n-Éirinn agus ar Ghaedhlaibh d’fhuasgailt ó dhaor-smacht na Sacsan. “Phœnixmen” a tugtí ar an mbuidhin sin. Níor mheasas gur chuir riaghaltas na h-Éirean puínn suime ionta. Fé dheire do shrois ráfla grána sinn ’n-a dtaobh. Do h-innseadh dúinn gur dhein duine acu féinig feall ar an gcuid eile acu; gur imthigh sé agus gur dhíol sé iad; gur thug sé a n-ainimneacha do’n namhaid, agus go raibh beirthe ortha [ 109 ]agus go rabhadar istigh i bprísún go daingean fé ghlasaibh dubha. Is cuimhin liom go bhfeaca ainim Mhuircheartaigh uí Mhuíneacháin ar ainimneachaibh na bhfear a bhí curtha isteach. De mhuíntir Shúilliobháin ab eadh an fear a dhein an feall. “Ó Súilliobháin Gallda” a tugtí air. An seana sgéal i gcómhnuighe!

“Oh for a tongue to curse the slave
Whose treason like a withering blight
Comes o’er the counsels of the brave
To blast them in their hour of might!”

Ba dhóich liom féin go mbéadh an fhilidheacht níos fearr dá n-abarthí

“Oh for a rope to hang the slave” ⁊ml.

Ach is cuma é. Níor chuir an easgaine ná an téad aon chosg riamh leis an informer i n-Éirinn. Níor bh’ fhéidir é an fhaid a bhí an éagcóir chómh trom chómh tiubaisteach san nár bh’ fhéidir le daoine macánta í dh’fhulang gan iaracht éigin a dhéanamh fé cheilt ’n-a coinnibh, agus ansan, an t-airgead chómh flúirseach ag lucht na h-éagcóra do dhéanamh, chun na breibe thabhairt go fial do’n informer. Ba thruagh an sgéal é! “Clocha ceangailte agus madraí sgaoilte!” Éagcóir i riocht cirt. An bhréag i riocht na fírinne. Cos-ar-bolg i riocht dlíghe. An éagcóir ’n-a suidhe thuas go dána “ar bhínse an tsaor chirt,” agus daor bhreith ’á thabhairt ar an macántacht. Sin mar atá an sgéal anso i n-Éirinn againn an fhaid atá cuimhne am’ cheann-sa. Tá súil le h-atharughadh againn anois agus tá a rian air, tá an éagcóir ar dearg-bhuile. [ 110 ]Tá eagal uirthi go gcurfar as an mbínse í. Tá súil agam gur b’ é eagla na h-áirighthe dhi é.

Níor cuireadh an dlígh ró dhian ar na Phœnixmen. Ní feacathas sa ghnó ach rud suarach. Do tuigeadh gur bh’ fhearr gan iomad suime chur ann. Chuaidh gach aon rud chun suaimhnis ’n-a thaobh, chómh fada agus do feiceadh ar aon chuma. Bhí fear sa ghnó agus Diarmuid ó Donabháin Rossa ab ainim dó. Do h-airigheadh an ainim sin airís, agus go minic, ’n-a dhiaigh san.

Ní ró fhada a bhíos istigh sa choláisde nuair a thosnuigh ráflaí ar theacht chúghainn isteach i dtaobh uisge-fé-thalamh eile a bhí ar siúbhal ar fuid na h-Éirean i gcoinnibh Shasana. “Fíníní” a tugtí ar an mbuidhin a bhí ag déanamh na h-oibre an uair sin. Ó’n sean ainim .i. “Fiana Éirean” a shíolraidh an ainim “Fíníní.” Is dócha gur “Fiana” a tugadh ar dtúis ortha; ansan gur cuireadh “Fenians” mar Bhéarla ar an bhfocal; ansan gur cuireadh “Fíníní” mar Ghaeluinn airís ar an bhfocal Béarla Fenians. Mheasadar go bhféadfaidís iad féin do chosaint ar an informer ach gan aon eólus a thabhairt d’aoinne ar a ngnó ach eólus ná féadfí a dhíol, eólus ná béadh aon tairbhe do’n namhaid ann, agus, d’á bhrígh sin, ná ceannófaí ó aoinne. Níor dhein san, ámhthach, ach an t-eólus tairbheach do choimeád ag uachtaránaibh áirighthe, agus d’fhág san ag na h-uachtaránáibh sin rud a ceannófaí go daor uatha dá mba mhaith leó é dhíol. Ansan, dá mbéadh fiche duine acu ná díolfadh é, b’ fhéidir go mbéadh aoinne amháin do dhíolfadh, agus, donas an sgéil—do bhí. Níor bh’ fhéidir gan a bheith.

Airighim daoine, uaireanta, ag tromaidheacht ar mhuíntir na h-Éirean, ’á rádh, “dá gcurtí Éireanach [ 111 ]ar bhior os cómhair na teine go bhfaighfí Éireanach eile do chasfadh an bior.” Is fíor é, b’féidir. Ach tá rud eile chómh fíor leis. Dá gcurtí duine de mhuíntir Shasana ar bhior os cómhair teine do gheóbhfaí duine eile acu do chasfadh an bior. Dá gcurtí Spáinneach, nó Almáinneach, nó Franncach, nó duine ó aon náisiún eile sa domhan, ar bhior os cómhair teine do gheóbhfaí duine eile de’n náisiún céadna, ní h-eadh ach beirt, triúr, ceathrar, do chasfadh an bior. Tá maoidheamh ana mhór d’á dhéanamh le breis agus céad blian as an gcuma ’n-ar throid muíntir America i gcoinnibh Shasana agus as an gcuma ’n-ar bhuadhdar ortha, agus as an gcuma ’n-ar chaitheadar díobh smacht Shasana. Léigheadh aoinne tuairisg an troda san agus chífidh sé go soiléir nách fiú trácht ar an bhfeallaire Éireanach seachas na feallairí a bhí tímpal ar Washington gach aon ré sholuis, ag dul isteach ’n-a bhéal le dílse dhó, mar ’dh eadh, agus sa n-am gcéadna na breabana móra ’n-a bpócaíbh acu ar é thabhairt suas, beó nó marbh, do chómhacht Shasana. Dá ndeintí comórtas idir na tíorthaibh isé mo thuairim láidir go bhfaighfí níos mó daoine dílse ar Ghaedhlaibh ’ná mar a gheóbhfí i náisiúnaibh eile, agus níos lúgha ropairí. Ní ró mhór an sásamh aigne é sin, ámh, agus go bhféadfadh aon ropaire amháin, go mór mór dá mbéadh iontaoibh as agus eólus aige ar na neithibh bunaidh, ná mílte do chrochadh agus a saothar do chur ar neamhnídh.

Nuair a chonaic na Phœnixmen an rud a dhein Ó Súilliobháin Gallda leó do shocaruigheadar a n-aigne ar an gcluiche d’imirt feasta ar chuma ná fágfadh ar chumas Shúilliobháin Ghallda eile an feall san do dhéanamh ortha. D’atharuigheadar a n-ainim, leis. Thugadar Fíníní ortha féin. Chuadar siar go h-aimsir [ 112 ]Fhinn mhic Cúmhail chun na h-ainime dh’fhághail. Dar leó, agus dob’ fhíor dóibh é, do dhein Fionn agus Fiana Éirean an tír seo na h-Éirean do chosaint ar gach namhaid iasachta an fhaid a mhair a réim i n-Éirinn. Níor neamhoireamhnach an ainim “Fiana” le tabhairt, ’n-a n-aimsir féin, ar bhuidhin a bhí ceapaithe ar an namhaid iasachta do dhíbirt a h-Éirinn.

“Nár bh’ fhearr an chiall dóibh,” adéarfaidh duine, b’fhéidir, “éirighe as an obair ar fad, ó bhí fhios acu, pé dícheal a dhéanfaidís air, nár bh’ fhéidir dóibh gan Ó Súilliobháin Gallda éigin do bheith le fághail, luath nó mall, istigh i lár na cómhairle ba phríomhóidíghe a bhéadh ar bun acu?”

D’eireóchaidís as an obair tapaidh go maith dá mb’ fhéidir dóibh é. Níor bh’ fhéidir dóibh eirighe as an obair, mar bhí an cos-ar-bolg ró thiubaisteach ar fad ’á dhéanamh ar mhuíntir na h-Éirean. Na cíosana ag eirighe go dtí ná raibh biadh ná deoch, ná fiú balcais éadaigh ar aon tslacht, ag an dtineóntaidhe. Na daoine ar mhullach a gcinn ag obair ó dhubh go dubh agus ó cheann ceann de’n bhliain, agus an uile bhlúire de thoradh na sglábhaidheachta go léir agus de thoradh an alluis go léir ag imtheacht sa chíos. Níor bh’ fhéidir cur suas leis. Níor cuireadh suas leis.

Bhí cúpla bliain caithte istigh i Maigh Nuadhat agam sar ar h-airigheadh, i mbéalaibh daoine, puínn trácht ar na Fíníníbh. Ansan do tosnuigheadh ar bheith ’ghá innsint go raibh a leithéidí ann; go mbídís amuich sa n-oídhche i n-áiteanaibh uaigneacha ag foghluim conus arm teine agus arm faobhair do láimhseáil. Buidhean fé cheilt ab eadh iad, ach ní rabhadar fé cheilt ar fad. Bhí páipéar poibilidhe i mBaile Átha Cliath acu agus níor dhaoine maola ná daoine gan acfuinn aigne an [ 113 ]mhuíntir a bhí i mbun an pháipéir sin. Bhí eólus acu agus bhí tabhairt suas ortha agus bhí tuisgint acu. Bhí Diarmuid ua Donabháin Rossa i n’fhear eagair ar an bpáipéar, agus ba láidir dána neamhsgáthmhar an fear é. Bhí daoine ag sgrí’ do’n pháipéar san agus, chómh fada ’s chuaidh mo bhreitheamhantas féin, ó’n radharc a gheibhinn anois agus airís ar an bpáipéar, ba ró dheacair fir ba threise aigne ná ba ghéire caint a dh’fhághail an uair sin i n-aon pháirt de’n domhan go raibh Béarla d’á labhairt ann. Béarla ar fad a bhí sa pháipéar. Ní raibh aon fhocal Gaeluinne ag dul i n-aon pháipéar an uair sin. Níor dhóich leat ar chaint an pháipéir go raibh aon nídh i n-aon chor ag an mbuidhin d’á dhéanamh ná raibh acu d’á innsint sa pháipéar. Chuiridís síos an uile ghníomh éagcórtha a dheineadh tighearna talmhan ar thineóntaidhe, agus deiridís go dána, mura gcuireadh muíntir Shasana, ó’s acu a bhí déanamh na ndlighthe, cosg leis na h-éagcóraibh sin, gur dhóibh ba mheasa; go n-eireóchadh muíntir na h-Éirean ’n-a gcoinnibh agus go gcomáinfaidís amach as oileán na h-Éirean iad idir chorp ceart.

Bhí san go maith, ach dhein muíntir an pháipéir sin nídh eile, nídh nár cheart dóibh a dhéanamh. Bhí sean aithne ag cléir na h-Éirean agus ag seandaoine na h-Éirean, an uair sin, ar na h-iarachtaíbh a deintí ar eirighe amach i gcoinnibh cómhachta Shasana. Chonacadar cad é an deire a bhí ar an iaracht a dhein an [1]Brianach. Chonacadar cad é an deire a bhí ar obair na mBuachaillí mBán. Chonacadar an feall agus an crochadh a dhein M’leachlainn ó Dúbhgáin. Bhí sé daingean ’n-a n-aigne ná béadh ar obair na bhFíníní ach deire de’n [ 114 ]tsaghas chéadna, fir óga d’á seóladh ar aimhleas ar feadh tamaill, agus ansan, feall agus éitheach agus airgead fola agus crochadh agus ruagadh thar na faraigíbh ar fhearaibh óga na h-Éirean, agus an “Times,” diabhal coímhdeachta Shasana, ag tromaidheacht ortha go malluighthe, agus ag guidhe gur bh’ imtheacht gan teacht ortha é. Do thuig an chléir agus na sagairt an méid sin go dian mhaith agus, nídh nár bh’ iongnadh, bhíodar a d’iaraidh na mbuachaillí do chómhairliughadh agus do chur ar a leas, agus iad a choimeád amach a’ buidhnibh na bhFíníní. Do thuig na cinn a bhí ar na buidhnibh sin an taobh san de’n sgéal.

“Ní h-aon mhaith dhúinne,” ar siad le n-a chéile, “bheith a d’iaraidh na bhfear óg so do ghléasadh mar is cóir i gcoinnibh Shasana an fhaid atá greim chómh daingean ag na sagartaibh seo ortha. Ní foláir dúinn aghaidh a thabhairt ar an ngreim sin do bhogadh.”

Thugadar aghaidh air. Thug an páipéar a bhí acu aghaidh bhéil ar aon tsagart n-a raibh sé de mhisneach aige a rádh le buachaillíbh óga a pharóiste fanamhaint amach ós na Fíníníbh nó go mbéadh cathughadh ortha; gur bh’ í an chroch a gheóbhaidís ar ball, nó an loch amach. Bhí an páipéar san coitchianta ’á chur ’n-a luíghe ar na buachaillibh go raibh na sagairt sin ag gabháil páirte le muíntir Shasana. Bréag ghrána ab eadh é sin. Bhí a lán neithe chun na bréige sin do chur i bhfeidhm. Bhí na buachaillí ró óg. Ní raibh cuimhne acu ar an sean aimsir, ar aimsir na mBuachaillí mBán, agus ar Mh’leaclainn, agus ar chrochadh na gCárthach. Bhí fhios acu go maith, ámh, conus a bhí a saoghal acu féin ’á chaitheamh; conus mar a bhí ar an uile dhuine acu bheith ag obair go cruaidh gach aon lá ’an tseachtmhain, agus an uile bhlúire do thoradh na h-oibre sin ag imtheacht [ 115 ]sa chíos. Agus anois, dar leis an bpáipéar úd, b’ shiniad na sagairt ag cabhrughadh leis an éagcóir sin. Do cuireadh ’n-a luighe ortha gur namhaid gur bh’ eadh an sagart, go raibh sé ’n-a namhaid ag Éirinn agus ’n-a charaid ag namhadaibh na h-Éirean.

Nuair a chídhinn féin an obair sin ’á dhéanamh sa pháipéar san do bhínn ar buile chun an pháipéar. Bhí fhios agam go maith go raibh an cos-ar-bolg ag muíntir Shasana ’á dhéanamh ar Éirinn. Bhí fuath fíochmhar agam do mhuíntir Shasana mar gheall air sin. Ní cuimhin liom riamh gan an fuath san a bheith ar lasadh istigh am’ chroídhe. Is cuimhin liom, agus mé ana bheag, gur taisbeánadh dom caint éigin a bhí sa “Times” ’á rádh ná raibh dlighthe Shasana cruaidh a ndóithin i n-aon chor ar na cuirptheachaibh sin, .i. muíntir na h-Éirean. Is cuimhin liom gur rugas ar an bpáipéar, agus gur chuireas anuas ar an dtalamh é, agus gur ghabhas do chosaibh ann go dtí go raibh sé ’n-a ghiobalaibh. Agus b’shiné anois an páipéar Éireanach so ’ghá innsint os cómhair an domhain go rabhas am’ charaid ag an Sasana céadna san agus am’ namhaid ag Éirinn!

Rud ba mheasa ’ná san féin. Chuaidh an bhréag i bhfeidhm ar a lán des na buachaillíbh. Chuaidh an bhréag i bhfeidhm ar feadh tamaill ortha pé’r domhan é. Thagainn abhaile gach aon tsamhradh, mar adúbhart, ó’n gcoláisde. Nuair a bhuaileadh na buachaillí umam ar an dtuath, nó ar bhóthar Maghchromtha, bhídís go léir ana mhuínteartha liom agus ana uramamhail d’adhbhar an tsagairt, dar leó. An dá shamhradh dheirineacha thugas fé ndeara atharughadh, atharughadh grána, atharughadh a chuir seirbhthean agus diombádh agus buairt mhór go léir orm. Do bhuaileadh ceathrar nó cúigear buachaillí umam ar bhóthar Maghchromtha agus iad ag [ 116 ]siúbhal go dásachtach, a gcosa acu ’á “tharac i n-aoinfheacht,” mar a deirtear i dTáin Bó Cuailgne. Nuair a bhídís ag gabháil thorm do dhúbhadh agus do dhoirchigheadh ar na gnúiseanaibh acu, agus d’fhéachaidís a’ cúinníbh a súl orm mar fhéachfadh duine ar ropaire bitheamhnaigh.

  1. Smith O’Brien.
Public domain
This work is in the public domain in countries where the copyright term is the author's life plus 70 years or less. See Copyright.