Jump to content

Page:Mo sgeal fein.djvu/128

From Wikisource
This page has been proofread.

tsaghas chéadna, fir óga d’á seóladh ar aimhleas ar feadh tamaill, agus ansan, feall agus éitheach agus airgead fola agus crochadh agus ruagadh thar na faraigíbh ar fhearaibh óga na h-Éirean, agus an “Times,” diabhal coímhdeachta Shasana, ag tromaidheacht ortha go malluighthe, agus ag guidhe gur bh’ imtheacht gan teacht ortha é. Do thuig an chléir agus na sagairt an méid sin go dian mhaith agus, nídh nár bh’ iongnadh, bhíodar a d’iaraidh na mbuachaillí do chómhairliughadh agus do chur ar a leas, agus iad a choimeád amach a’ buidhnibh na bhFíníní. Do thuig na cinn a bhí ar na buidhnibh sin an taobh san de’n sgéal.

“Ní h-aon mhaith dhúinne,” ar siad le n-a chéile, “bheith a d’iaraidh na bhfear óg so do ghléasadh mar is cóir i gcoinnibh Shasana an fhaid atá greim chómh daingean ag na sagartaibh seo ortha. Ní foláir dúinn aghaidh a thabhairt ar an ngreim sin do bhogadh.”

Thugadar aghaidh air. Thug an páipéar a bhí acu aghaidh bhéil ar aon tsagart n-a raibh sé de mhisneach aige a rádh le buachaillíbh óga a pharóiste fanamhaint amach ós na Fíníníbh nó go mbéadh cathughadh ortha; gur bh’ í an chroch a gheóbhaidís ar ball, nó an loch amach. Bhí an páipéar san coitchianta ’á chur ’n-a luíghe ar na buachaillibh go raibh na sagairt sin ag gabháil páirte le muíntir Shasana. Bréag ghrána ab eadh é sin. Bhí a lán neithe chun na bréige sin do chur i bhfeidhm. Bhí na buachaillí ró óg. Ní raibh cuimhne acu ar an sean aimsir, ar aimsir na mBuachaillí mBán, agus ar Mh’leaclainn, agus ar chrochadh na gCárthach. Bhí fhios acu go maith, ámh, conus a bhí a saoghal acu féin ’á chaitheamh; conus mar a bhí ar an uile dhuine acu bheith ag obair go cruaidh gach aon lá ’an tseachtmhain, agus an uile bhlúire do thoradh na h-oibre sin ag imtheacht