Page:Mo sgeal fein.djvu/127

From Wikisource
Jump to navigation Jump to search
This page has been proofread.

mhuíntir a bhí i mbun an pháipéir sin. Bhí eólus acu agus bhí tabhairt suas ortha agus bhí tuisgint acu. Bhí Diarmuid ua Donabháin Rossa i n’fhear eagair ar an bpáipéar, agus ba láidir dána neamhsgáthmhar an fear é. Bhí daoine ag sgrí’ do’n pháipéar san agus, chómh fada ’s chuaidh mo bhreitheamhantas féin, ó’n radharc a gheibhinn anois agus airís ar an bpáipéar, ba ró dheacair fir ba threise aigne ná ba ghéire caint a dh’fhághail an uair sin i n-aon pháirt de’n domhan go raibh Béarla d’á labhairt ann. Béarla ar fad a bhí sa pháipéar. Ní raibh aon fhocal Gaeluinne ag dul i n-aon pháipéar an uair sin. Níor dhóich leat ar chaint an pháipéir go raibh aon nídh i n-aon chor ag an mbuidhin d’á dhéanamh ná raibh acu d’á innsint sa pháipéar. Chuiridís síos an uile ghníomh éagcórtha a dheineadh tighearna talmhan ar thineóntaidhe, agus deiridís go dána, mura gcuireadh muíntir Shasana, ó’s acu a bhí déanamh na ndlighthe, cosg leis na h-éagcóraibh sin, gur dhóibh ba mheasa; go n-eireóchadh muíntir na h-Éirean ’n-a gcoinnibh agus go gcomáinfaidís amach as oileán na h-Éirean iad idir chorp ceart.

Bhí san go maith, ach dhein muíntir an pháipéir sin nídh eile, nídh nár cheart dóibh a dhéanamh. Bhí sean aithne ag cléir na h-Éirean agus ag seandaoine na h-Éirean, an uair sin, ar na h-iarachtaíbh a deintí ar eirighe amach i gcoinnibh cómhachta Shasana. Chonacadar cad é an deire a bhí ar an iaracht a dhein an [1]Brianach. Chonacadar cad é an deire a bhí ar obair na mBuachaillí mBán. Chonacadar an feall agus an crochadh a dhein M’leachlainn ó Dúbhgáin. Bhí sé daingean ’n-a n-aigne ná béadh ar obair na bhFíníní ach deire de’n

  1. Smith O’Brien.