Page:Mo sgeal fein.djvu/126

From Wikisource
Jump to navigation Jump to search
This page has been proofread.


Fhinn mhic Cúmhail chun na h-ainime dh’fhághail. Dar leó, agus dob’ fhíor dóibh é, do dhein Fionn agus Fiana Éirean an tír seo na h-Éirean do chosaint ar gach namhaid iasachta an fhaid a mhair a réim i n-Éirinn. Níor neamhoireamhnach an ainim “Fiana” le tabhairt, ’n-a n-aimsir féin, ar bhuidhin a bhí ceapaithe ar an namhaid iasachta do dhíbirt a h-Éirinn.

“Nár bh’ fhearr an chiall dóibh,” adéarfaidh duine, b’fhéidir, “éirighe as an obair ar fad, ó bhí fhios acu, pé dícheal a dhéanfaidís air, nár bh’ fhéidir dóibh gan Ó Súilliobháin Gallda éigin do bheith le fághail, luath nó mall, istigh i lár na cómhairle ba phríomhóidíghe a bhéadh ar bun acu?”

D’eireóchaidís as an obair tapaidh go maith dá mb’ fhéidir dóibh é. Níor bh’ fhéidir dóibh eirighe as an obair, mar bhí an cos-ar-bolg ró thiubaisteach ar fad ’á dhéanamh ar mhuíntir na h-Éirean. Na cíosana ag eirighe go dtí ná raibh biadh ná deoch, ná fiú balcais éadaigh ar aon tslacht, ag an dtineóntaidhe. Na daoine ar mhullach a gcinn ag obair ó dhubh go dubh agus ó cheann ceann de’n bhliain, agus an uile bhlúire de thoradh na sglábhaidheachta go léir agus de thoradh an alluis go léir ag imtheacht sa chíos. Níor bh’ fhéidir cur suas leis. Níor cuireadh suas leis.

Bhí cúpla bliain caithte istigh i Maigh Nuadhat agam sar ar h-airigheadh, i mbéalaibh daoine, puínn trácht ar na Fíníníbh. Ansan do tosnuigheadh ar bheith ’ghá innsint go raibh a leithéidí ann; go mbídís amuich sa n-oídhche i n-áiteanaibh uaigneacha ag foghluim conus arm teine agus arm faobhair do láimhseáil. Buidhean fé cheilt ab eadh iad, ach ní rabhadar fé cheilt ar fad. Bhí páipéar poibilidhe i mBaile Átha Cliath acu agus níor dhaoine maola ná daoine gan acfuinn aigne an