Page:Mo sgeal fein.djvu/129

From Wikisource
Jump to navigation Jump to search
This page has been proofread.

sa chíos. Agus anois, dar leis an bpáipéar úd, b’ shiniad na sagairt ag cabhrughadh leis an éagcóir sin. Do cuireadh ’n-a luighe ortha gur namhaid gur bh’ eadh an sagart, go raibh sé ’n-a namhaid ag Éirinn agus ’n-a charaid ag namhadaibh na h-Éirean.

Nuair a chídhinn féin an obair sin ’á dhéanamh sa pháipéar san do bhínn ar buile chun an pháipéar. Bhí fhios agam go maith go raibh an cos-ar-bolg ag muíntir Shasana ’á dhéanamh ar Éirinn. Bhí fuath fíochmhar agam do mhuíntir Shasana mar gheall air sin. Ní cuimhin liom riamh gan an fuath san a bheith ar lasadh istigh am’ chroídhe. Is cuimhin liom, agus mé ana bheag, gur taisbeánadh dom caint éigin a bhí sa “Times” ’á rádh ná raibh dlighthe Shasana cruaidh a ndóithin i n-aon chor ar na cuirptheachaibh sin, .i. muíntir na h-Éirean. Is cuimhin liom gur rugas ar an bpáipéar, agus gur chuireas anuas ar an dtalamh é, agus gur ghabhas do chosaibh ann go dtí go raibh sé ’n-a ghiobalaibh. Agus b’shiné anois an páipéar Éireanach so ’ghá innsint os cómhair an domhain go rabhas am’ charaid ag an Sasana céadna san agus am’ namhaid ag Éirinn!

Rud ba mheasa ’ná san féin. Chuaidh an bhréag i bhfeidhm ar a lán des na buachaillíbh. Chuaidh an bhréag i bhfeidhm ar feadh tamaill ortha pé’r domhan é. Thagainn abhaile gach aon tsamhradh, mar adúbhart, ó’n gcoláisde. Nuair a bhuaileadh na buachaillí umam ar an dtuath, nó ar bhóthar Maghchromtha, bhídís go léir ana mhuínteartha liom agus ana uramamhail d’adhbhar an tsagairt, dar leó. An dá shamhradh dheirineacha thugas fé ndeara atharughadh, atharughadh grána, atharughadh a chuir seirbhthean agus diombádh agus buairt mhór go léir orm. Do bhuaileadh ceathrar nó cúigear buachaillí umam ar bhóthar Maghchromtha agus iad ag