Page:Mo sgeal fein.djvu/130

From Wikisource
Jump to navigation Jump to search
This page has been proofread.

siúbhal go dásachtach, a gcosa acu ’á “tharac i n-aoinfheacht,” mar a deirtear i dTáin Bó Cuailgne. Nuair a bhídís ag gabháil thorm do dhúbhadh agus do dhoirchigheadh ar na gnúiseanaibh acu, agus d’fhéachaidís a’ cúinníbh a súl orm mar fhéachfadh duine ar ropaire bitheamhnaigh.


XVI
“A DHIA, SAOR ÉIRE!”

Do ghluais an dá bhliain. Tháinig an t-earach deirineach a thugas i Maigh Nuadhat. I gcaitheamh an trí rátha a tháinig roim Lá Fhéil’ Pádraig an earaigh sin bhí gach aon tsaghas ráflaí ag gluaiseacht i dtaobh na bhFíníní. Bhí an t-eirighe amach le bheith ann lá Samhna. Ansan bhí sé le teacht Lá Coille. Ansan bhí sé le teacht gan aon dabht Lá Fhéile Bríghde. Fé dheire tháinig sé. Do ghluais deich míle fear amach ó chathair Chorcaighe. Fir bhreaghtha óga láidire ab eadh iad. Dá mbéadh na h-airm acu, agus an chóir ortha, agus an stiúrughadh ceart ortha, dhéanfaidís obair a bhainfeadh cuid de’n mhóráil de’n “Times.” Mar a bhí, do chuireadar crith chos agus lámh ar a raibh de landlordibh agus de sheóiníníbh i n-Éirinn ó Dhomhnach Diagh go Tigh Mháire. Ach bhí aon nídh amháin sa n-eirighe amach san agus chuir sé áthas mór orm-sa. Bhí na buachaillí go léir sin, ’n-a gcéadtaibh agus ’n-a míltibh, ar a nglúinibh i láthair sagart, fé mar fhéadaidís na