Page:Mo sgeal fein.djvu/122

From Wikisource
Jump to navigation Jump to search
This page has been proofread.
“Chúig céad gabhar odhar ar aon dath;
Chúig céad tona d’ór na Gréige;
Chúig céad loiligheach ceanfhion, bléinfhion;
Chúig céad caoira ar ínse taobh leó.”

Níor fhéad sé a thuille thabhairt dom, agus ní fheadar ar thug sé an méid sin sa cheart dom. B’fhéidir go bhfuil tuille dhé ag duine éigin eile.

Ní foláir dom trácht, sar a ndruidead níos sia ó aimsir an choláisde, ar nídh do thárla an fhaid a bhíos ann. I dtreó go dtuigfear an nídh sin i gceart ní mór dom dul siar tamall. Nuair a bhíos ag dul ar sgoil go Caraig an Ime bhí ar an sgoil gcéadna buachaill gur bh’ainim dó Muircheartach ua Muíneacháin. Bhí sé eirighthe suas i n’fhear, geall leis, an uair sin. Bhí an ceann agus an éirim agus an chúil-fhéith go maith aige. D’imthigh sé ó-dheas go dtí an Sgibirín, is dóich liom, ag múineadh sgoile, nuair fhág sé sgoil Charaig an Ime.

Níor airigheas a thuille cúntais air go dtí go rabhas ar sgoil i gCeann Tuirc ag foghluim na Laidne. Ansan do tháinig chúghainn ráfla éigin ó’n Sgibirín agus ó’n ndúthaigh sin mór-thímpal, .i. go raibh buidhean éigin ar bun ann agus go rabhadar ceapaithe ar eirighe amach do dhéanamh, agus ar chómhacht Sacsan do bhriseadh i n-Éirinn agus ar Ghaedhlaibh d’fhuasgailt ó dhaor-smacht na Sacsan. “Phœnixmen” a tugtí ar an mbuidhin sin. Níor mheasas gur chuir riaghaltas na h-Éirean puínn suime ionta. Fé dheire do shrois ráfla grána sinn ’n-a dtaobh. Do h-innseadh dúinn gur dhein duine acu féinig feall ar an gcuid eile acu; gur imthigh sé agus gur dhíol sé iad; gur thug sé a n-ainimneacha do’n namhaid, agus go raibh beirthe ortha