Page:Mo sgeal fein.djvu/123

From Wikisource
Jump to navigation Jump to search
This page has been proofread.

agus go rabhadar istigh i bprísún go daingean fé ghlasaibh dubha. Is cuimhin liom go bhfeaca ainim Mhuircheartaigh uí Mhuíneacháin ar ainimneachaibh na bhfear a bhí curtha isteach. De mhuíntir Shúilliobháin ab eadh an fear a dhein an feall. “Ó Súilliobháin Gallda” a tugtí air. An seana sgéal i gcómhnuighe!

“Oh for a tongue to curse the slave
Whose treason like a withering blight
Comes o’er the counsels of the brave
To blast them in their hour of might!”

Ba dhóich liom féin go mbéadh an fhilidheacht níos fearr dá n-abarthí

“Oh for a rope to hang the slave” ⁊ml.

Ach is cuma é. Níor chuir an easgaine ná an téad aon chosg riamh leis an informer i n-Éirinn. Níor bh’ fhéidir é an fhaid a bhí an éagcóir chómh trom chómh tiubaisteach san nár bh’ fhéidir le daoine macánta í dh’fhulang gan iaracht éigin a dhéanamh fé cheilt ’n-a coinnibh, agus ansan, an t-airgead chómh flúirseach ag lucht na h-éagcóra do dhéanamh, chun na breibe thabhairt go fial do’n informer. Ba thruagh an sgéal é! “Clocha ceangailte agus madraí sgaoilte!” Éagcóir i riocht cirt. An bhréag i riocht na fírinne. Cos-ar-bolg i riocht dlíghe. An éagcóir ’n-a suidhe thuas go dána “ar bhínse an tsaor chirt,” agus daor bhreith ’á thabhairt ar an macántacht. Sin mar atá an sgéal anso i n-Éirinn againn an fhaid atá cuimhne am’ cheann-sa. Tá súil le h-atharughadh againn anois agus tá a rian air, tá an éagcóir ar dearg-bhuile.