Page:Mo sgeal fein.djvu/124

From Wikisource
Jump to navigation Jump to search
This page has been proofread.

Tá eagal uirthi go gcurfar as an mbínse í. Tá súil agam gur b’ é eagla na h-áirighthe dhi é.

Níor cuireadh an dlígh ró dhian ar na Phœnixmen. Ní feacathas sa ghnó ach rud suarach. Do tuigeadh gur bh’ fhearr gan iomad suime chur ann. Chuaidh gach aon rud chun suaimhnis ’n-a thaobh, chómh fada agus do feiceadh ar aon chuma. Bhí fear sa ghnó agus Diarmuid ó Donabháin Rossa ab ainim dó. Do h-airigheadh an ainim sin airís, agus go minic, ’n-a dhiaigh san.

Ní ró fhada a bhíos istigh sa choláisde nuair a thosnuigh ráflaí ar theacht chúghainn isteach i dtaobh uisge-fé-thalamh eile a bhí ar siúbhal ar fuid na h-Éirean i gcoinnibh Shasana. “Fíníní” a tugtí ar an mbuidhin a bhí ag déanamh na h-oibre an uair sin. Ó’n sean ainim .i. “Fiana Éirean” a shíolraidh an ainim “Fíníní.” Is dócha gur “Fiana” a tugadh ar dtúis ortha; ansan gur cuireadh “Fenians” mar Bhéarla ar an bhfocal; ansan gur cuireadh “Fíníní” mar Ghaeluinn airís ar an bhfocal Béarla Fenians. Mheasadar go bhféadfaidís iad féin do chosaint ar an informer ach gan aon eólus a thabhairt d’aoinne ar a ngnó ach eólus ná féadfí a dhíol, eólus ná béadh aon tairbhe do’n namhaid ann, agus, d’á bhrígh sin, ná ceannófaí ó aoinne. Níor dhein san, ámhthach, ach an t-eólus tairbheach do choimeád ag uachtaránaibh áirighthe, agus d’fhág san ag na h-uachtaránáibh sin rud a ceannófaí go daor uatha dá mba mhaith leó é dhíol. Ansan, dá mbéadh fiche duine acu ná díolfadh é, b’ fhéidir go mbéadh aoinne amháin do dhíolfadh, agus, donas an sgéil—do bhí. Níor bh’ fhéidir gan a bheith.

Airighim daoine, uaireanta, ag tromaidheacht ar mhuíntir na h-Éirean, ’á rádh, “dá gcurtí Éireanach