Mo Sgéal Féin/14

From Wikisource
Jump to navigation Jump to search
Mo Sgéal Féin
by Peadar Ua Laoghaire
Mo Sgéal Féin is the autobiography of Peadar Ua Laoghaire (1839–1920), published in 1915.

[ 99 ]

XIV
BAOGHAL AR AN nGAELUINN

An fhaid a bhíos-sa sa bhaile agus gan taithíghe ná eólus agam ach ar na cómharsain a bhí am’ thímpal i bparóiste Chluandrochad agus i bparóiste Bhaile Mhúirne, níor tháinig lá d’á chuimhneamh riamh chúgham go raibh aon bhaoghal ar an nGaeluinn. Ach nuair a chuas isteach sa Choláisde agus chuireas aithne ar bhuachaillíbh a tógadh i n-áiteanaibh eile, agus nuair a fuaras ná raibh aon fhocal Gaeluinne acu, bhí iongnadh agus alltacht orm. Ansan iseadh do buaileadh isteach am’ aigne go raibh an Ghaeluinn ag imtheacht; go mbéadh sí ag imtheacht fé mar a bhéadh na seandaoine ag imtheacht agus na daoine óga ag teacht; go n-eireóchadh sliocht agus an dá theanga acu, Gaeluinn agus Béarla i n-aonfheacht; ansan go n-eireóchadh sliocht i ndiaigh an tsleachta san, agus gan aon fhocal Gaeluinne acu. Nuair a buaileadh an méid sin isteach am’ [ 100 ]aigne tháinig uaigneas thar bárr orm agus brón agus ceann-fé. Ba bheag ná gur bh’ fhearr liom imtheacht go dtí dúthaigh éigin iasachta, agus mo shaoghal do chaitheamh agus do chríochnughadh ann, ’ná bheith i n-Éirinn agus Éire ag iompáil ’n-a dúthaigh iasachta. Dar liom níor bh’ í Éire i n-aon chor í nuair a bhéadh sí gan aon fhocal Gaeluinne d’á labhairt inti.

Isé rud a tháinig dom as an machtnamh, agus as an mbrón agus as an uaigneas, ’ná gur shocaruigheas am’ aigne, pé rud a dhéanfadh aon duine eile, go gcoimeádfainn féin mo chion de’n Ghaeluinn gan dul ar neamhnídh. Chromas láithreach ar bheith ag rádh na Coróinneach Muire as Gaeluinn fé mar a deirimís sa bhaile í, agus fé mar a deirimís thuaidh ar Doire na Móna í an fhaid a bhíos ann. Do choimeád san mé gan dul as taithíghe na cainte. Do chromas, leis, ar bheith ag léigheadh na Gaeluinne dhom féin as na leabhraibh Gaeluinne a gheibhinn i leabharlann an Choláisde, agus do sgríbhinn síos aon rud a thaithneadh liom i leabhar beag a bhíodh am’ póca agam.

Bhínn ag déanamh na h-oibre sin, ach, tríd agus tríd, bhínn coitchianta ’ghá fhiafraighe dhíom féin an raibh aon mhaith am’ ghnó; nó an bhféadfadh mo dhícheal cosg do chur leis an meathalughadh a bhí ar an nGaeluinn. Bhí a lán rudaí os cómhair mo shúl, am’ thímpal, a bhí coitchianta ’á chur ’n-a luighe ar m’ aigne “gur bhaoth mo ghnó.” An chuid ba mhó des na buachaillíbh eile, nuair a chídís an obair a bhíodh ar siúbhal agam, ní dheinidís ach a gceann do chrothadh agus gáire dhéanamh agus sgaoileadh liom. I ndiaigh ar ndiaigh do thuigeas am’ aigne go mb’ fhéidir go raibh dearmhad agam ’á dhéanamh. Chínn gach aoinne a d’iaraidh é féin do chur ar aghaidh agus do bheachtughadh i n-eólus agus i [ 101 ]gclisteacht agus i gcumas ar an mBéarla. Cad fhéadfadh aoinne amháin a dhéanamh?

I ndiaigh chéile do mhaoluigh an díogras ionam agus thugas aghaidh ar na gnóthaíbh a bhain le h-obair an Choláisde i mBéarla agus i Laidin agus sa bhFrainncis. Do leanas, ámhthach, ar mo Choróinn Mhuire do rádh as Gaeluinn nuair a bhínn ag dul a chodla. Do sgríbhinn síos am’ leabhar sgríbhinne, anois agus airís, blúire beag Gaeluinne nuair a bhuaileadh sé umam. Is cuimhin liom conus mar a bhíos lá ag féachaint ar leabhar Gaeluinne sa leabharlann. Chonac ar chiúmhais leathanaigh ann an dán beag so:—

“A choluim an cheóil bhrónaigh sa ndún dubh thall,
Is doilbh an róimh nósmhar san fút go fann.
Tulach Uí Róig mhórdha na múrtha meann
Gan choire, gan spórt seólta, gan lúbadh lann!”

Thuigeas gur b’ amhlaidh a bhí an file ag féachaint uaidh ar sheana chaisleán bhriste éigin, agus go bhfeacaidh sé colúr ’n-a sheasamh anáirde ar bhara an tseana chaisleáin agus “Cú-ú! cú-ú!” aige, agus gur bheartuigh an file i n’ aigne an colúr san a bheith “ag éigheamh ’s ag osnadhal,” ag caoineadh na h-uaisleachta a bhí ar an gcaisleán san sar ar deineadh seana chaisleán briste dhé. Ní raibh aon tuairisg sa leabhar, ná ar chiúmhais an leabhair, ar cad é an caisleán é ná ar cá raibh sé. Bhíos féin ’á chuimhneamh go mb’ fhéidir gur “Tulach Uí Ruairc” ba cheart a bheith sa dán agus gur bh’ ar sheana chaisleán éigin le Brian na Múrtha do chonaic an file an colúr.

Nuair a bhí sé ag dul ’n-a luíghe ar m’ aigne ná raibh ach cailleamhaint aimsire dhom ann, bheith ag casadh [ 102 ]le h-aon rud a dhéanamh a chuirfeadh cosg leis an meathalughadh a bhí ag cur na Gaeluinne as an saoghal, do chonac i leabhar éigin caint a dúbhairt Eoghan Ó Camhraighe i dtaobh na h-oibre a bhí aige féin agus ag cuid de lucht a chómhaimsire ’á dhéanamh, .i. “go rabhadar ag cruinniughadh agus ag míniughadh na seana Ghaeluinne a bhí ins na leabhraibh a sgríobhadh fadó, i dtreó, nuair a bhéadh an Ghaeluinn a bhí d’á labhairt imthighthe as an saoghal, go mbéadh fuíghleach éigin nó iarsma éigin fágtha i n-Éirinn ’n-a diaigh.”

“Dar fiadh,” arsa mise am’ aigne, “má bhíodar súd chómh deimhnightheach, agus an Ghaeluinn chómh beó agus a bhí sí an uair sin, go raibh sí ag dul chun báis agus ná raibh aon bhreith acu féin, d’á fheabhas éirim aigne a bhí acu, ar í choimeád ó bhás, cad déarfaidís dá mbéidís beó an uair seo agus go bhfeicfidís conus mar atá an Ghaeluinn imthighthe a’ breis agus leath an oileáin! Má thuigeadar súd ná raibh aon bhreith acu féin ar an meathalughadh do chosg an uair sin, cad déarfaidís leis an t-é a mheasfadh go mbéadh aon bhreith ag aoinne ar an meathalughadh do chosg anois!”

B’ é crích an mhachtnamh agam é gur stadas. Ach, mar adúbhart, do leanas ag rádh na Coróinneach Muire as Gaeluinn.

Le linn na h-aimsire sin do thárla go raibh buidhean des na macaibh léighinn a bhíodh d’á dtabhairt i n-aonfheacht isteach i halla mór gach aon tráthnóna, chun raint foghluma dhéanamh ar conus Béarla do léigheadh agus do sgríobhadh agus do labhairt mar ba chóir agus mar ba chuibhe agus mar ba cheart do dhaoine foghlumanta. Do ráinig go rabhas-sa ar an mbuidhin sin. Bhí sagart óg ó dhóiseas Chorcaighe i mbun na h-oibre sin dúinn. Chuireadh sé i n-ár suidhe sinn uaireanta agus thugadh [ 103 ]sé dhúinn nídh éigin ar a sgríbhfimís aiste Bhéarla dhó. Is cuimhin liom gur thug sé dhúinn, aon tráthnóna amháin, an rádh so chun na h-aiste do sgrí’ air, .i. “Perseverando vinces,” .i. “Beirean buan buadh.”

Bhíomair go léir i n-ár suidhe go ciúin, a pheann agus a dhubh agus a bhlúire páipéir ag gach aoinne agus é ag machtnamh ar a dhícheal a d’iaraidh cuimhneamh ar rud éigin a chuirfeadh sé síos. Uair a’ chluig a tugadh dúinn chun na h-oibre do dhéanamh. D’imthigh an aimsir, agus ba ghairid an mhoill uirthi imtheacht. Ba dhóich le duine ná raibh tar chúig neómataí sa n-uair a’ chloig sin. Do buaileadh an cloigín. Do shín gach aoinne suas a pháipéirín pé beag mór a bhí sgríobhtha aige air.

Um thráthnóna amáireach a bhí chúghainn thánamair go léir chun an halla chéadna. Is orm-sa a bhí an iongnadh nuair a glaodhadh m’ ainim ar dtúis. Do síneadh chúgham anuas an páipéirín chun go léighfinn amach é os a gcómhair go léir. Ansan d’imthigh rud greannmhar orm. Bhí sé air agam mo sgríbhinn féin do léigheadh, rud atá thar éis imtheacht orm go minic ó shin, leis. Bhíos ag treabhadh thríd ar feadh cúpla neómat.

“Tabhair dómh-sa é,” arsa’n múinteóir.

Shíneas chuige suas é. Do léigh sé amach é chómh breágh chómh réidh agus dá mb’ é féin do bhéadh tar éis é sgrí’. Admhuighim gur thaithn sé go maith liom. Thaithn sé go maith leó go léir. Mholadar go mór é pé’r domhan é.

Nuair a bhí deire na bliana ag teacht do ceapadh aiste dhúinn go léir le sgrí’ agus bhí duais aonair le fághail ag an t-é do sgríobhfadh an aiste ab fhearr. Sidé an rud ar a raibh orainn an aiste do sgrí’ .i. “The Elizabethan Age of English Literature.”

Tháinig deire na bliana. Chuamair go léir isteach sa halla mór. Bhí seisear nó mórsheisear Easbog [ 104 ]ar an árdán thuas. Do tugadh dómh-sa an duais aonair. Bhí orm raint de’n aiste do léigheadh i láthair na n-Easbog.

Is cuimhin liom, i dtosach na sgríbhinne, gur thráchtas ar léighean na Gréige agus gur mholas é; gur thráchtas ar léighean na Rómha agus gur mholas é; gur thráchtas ar na léigheanaibh eile ar fuaid na h-Euróipe, an Fhrainncis agus an Almáinnis agus an Spáinnis, na saighseana leighinn sin a shíolraidh ó’n nGréigis agus ó’n Laidin, agus do mholas iad. Ansan do thráchtas ar léighean agus ar úghdaraibh Shasana i n-aimsir Elisabet, agus do mholas idir léighean agus úghdair. Níor dheacair dom iad do mholadh. Bhí eólus maith agam ar a lán acu. Bhíodar agam sa bhaile. Thug mo mháthair léi a-dtuaidh ó’n Mullach Ruadh iad, beannacht Dé le n-a h-anam!

Siné díreach an pháirt de’n sgríbhinn a marcáladh dom le léigheadh os cómhair na n-Easbog. Do léigheas amach é go h-árd agus go neamhsgáthmhar.

Bhí duine des na h-Easbogaibh ’n-a shuidhe thuas i lár baill, díreach ar m’ aghaidh amach. Nuair a stadas d’eirigh sé ’n-a sheasamh agus d’fhéach sé idir an dá shúil orm.

“Dheinis an méid sin go maith, a bhuachaill,” ar seisean. “Thugais do chuaird mór-thímpal ortha go léir. Do mholais léighean na Gréige. Do mholais léighean na Rómha. Do mholais léighean na Frainnce agus léighean na Spáinne agus léighean na h-Almáinne. Ansan do mholais go h-árd léighean Shasana. Agus féach, oiread agus aon fhocal amháin amach as do bhéal ní dúbhraís i dtaobh léighinn na h-Éirean.”

Dúbhairt sé a lán eile ansan ’á chur ar mo shúilibh dom go raibh dearmhad mór déanta agam, mar go [ 105 ]raibh léighean na h-Éirean níb’ fhearr agus níob’ uaisle agus níba shine ’ná aon léighean des na léigheanaibh eile sin a dh’ainimnigheas.

Bhíomair araon ag féachaint go daingean agus go dlúth agus go díreach idir an dá shúil ar a chéile an fhaid a bhí sé ag caint.

Seághan mac Éil, Árd-easbog Thuama, isé do chas an t-asachán san liom-sa an lá san, i gColáisde Maighe Nuadhat, os cómhair na n-Easbog eile a bhí ann, agus os cómhair na n-uachtarán, agus os cómhair na gcoláisteánach go léir, agus admhuighim ó chroídhe gur bhain sé an mhóráil díom i gceart. D’ athruigh m’ aigne láithreach. D’imthigh an mhór-uraim a bhí tagaithe agam do’n Bhéarla, agus do lais airís am’ chroídhe an meas a bhí agam riamh roimis sin ar an nGaeluinn. Do chromas airís ar na leabhraibh Gaeluinne sa leabharlann do léigeadh agus do sgrúdadh, agus ar na blúiríní beaga filidheachta do thaithneadh liom do chur síos am’ leabhar sgríbhinne. Nuair a thagainn abhaile ar laethantaibh saoire bhínn ag gluaiseacht anso agus ansúd ar fuid na cómharsanachta ag bailiughadh amhrán agus seana chainteana Gaeluinne ó sheandaoine go mbíodh a leithéidí acu. Is cuimhin liom go ndeigheas siar lá go dtí an Tóchar, mar a raibh Dómhnall ua Loingsigh ’n-a chómhnuighe, agus go bhfuaras ó sheanduine bheag a bhí ’n-a chómhnuighe i n-aice Locha an Bhogaigh, amhrán ar a dtugtí “An Bodach beag tóstalach.” Tá an t-amhrán san i gclódh anois agus ní gádh é chur síos anso. Fuaras uaidh, leis, “An Giolla Ruadh,” an t-amhrán a chuir am’ aigne an tuairisg úd ar an gceól sídhe atá curtha síos agam i “Séadna.”

Public domain
This work is in the public domain in countries where the copyright term is the author's life plus 70 years or less. See Copyright.