Page:Mo sgeal fein.djvu/114

From Wikisource
Jump to navigation Jump to search
This page has been proofread.

aigne tháinig uaigneas thar bárr orm agus brón agus ceann-fé. Ba bheag ná gur bh’ fhearr liom imtheacht go dtí dúthaigh éigin iasachta, agus mo shaoghal do chaitheamh agus do chríochnughadh ann, ’ná bheith i n-Éirinn agus Éire ag iompáil ’n-a dúthaigh iasachta. Dar liom níor bh’ í Éire i n-aon chor í nuair a bhéadh sí gan aon fhocal Gaeluinne d’á labhairt inti.

Isé rud a tháinig dom as an machtnamh, agus as an mbrón agus as an uaigneas, ’ná gur shocaruigheas am’ aigne, pé rud a dhéanfadh aon duine eile, go gcoimeádfainn féin mo chion de’n Ghaeluinn gan dul ar neamhnídh. Chromas láithreach ar bheith ag rádh na Coróinneach Muire as Gaeluinn fé mar a deirimís sa bhaile í, agus fé mar a deirimís thuaidh ar Doire na Móna í an fhaid a bhíos ann. Do choimeád san mé gan dul as taithíghe na cainte. Do chromas, leis, ar bheith ag léigheadh na Gaeluinne dhom féin as na leabhraibh Gaeluinne a gheibhinn i leabharlann an Choláisde, agus do sgríbhinn síos aon rud a thaithneadh liom i leabhar beag a bhíodh am’ póca agam.

Bhínn ag déanamh na h-oibre sin, ach, tríd agus tríd, bhínn coitchianta ’ghá fhiafraighe dhíom féin an raibh aon mhaith am’ ghnó; nó an bhféadfadh mo dhícheal cosg do chur leis an meathalughadh a bhí ar an nGaeluinn. Bhí a lán rudaí os cómhair mo shúl, am’ thímpal, a bhí coitchianta ’á chur ’n-a luighe ar m’ aigne “gur bhaoth mo ghnó.” An chuid ba mhó des na buachaillíbh eile, nuair a chídís an obair a bhíodh ar siúbhal agam, ní dheinidís ach a gceann do chrothadh agus gáire dhéanamh agus sgaoileadh liom. I ndiaigh ar ndiaigh do thuigeas am’ aigne go mb’ fhéidir go raibh dearmhad agam ’á dhéanamh. Chínn gach aoinne a d’iaraidh é féin do chur ar aghaidh agus do bheachtughadh i n-eólus agus i