Mo Sgéal Féin/13

From Wikisource
Jump to navigation Jump to search
Mo Sgéal Féin
by Peadar Ua Laoghaire
Mo Sgéal Féin is the autobiography of Peadar Ua Laoghaire (1839–1920), published in 1915.
[ 94 ]
XIII
MAGH NUADHAT

Sa bhliain d’aois an Tighearna míle ocht gcéad trí fichid a h-aon iseadh do chuas síos go Coláisde Mhaighe Nuadhat chun mo théarma aimsire do chaitheamh ann am’ ollmhughadh chun bheith am’ shagart.

B’ é dlígh an Choláisde an uair sin go gcaithfeadh duine ocht mbliana, nó seacht mbliana, nó sé bliana, do chaitheamh ann, ag foghluim na n-ealadhan a bhéadh riachtanach dó i dtreó go mbéadh an t-eólus ceart aige chun go ndéanfaí sagart dé. Do curtí triail ar na h-ógánaigh ag dul isteach dóibh, i n-éaghmuis na trialach a chuireadh na h-Easboig amuich ortha. Dá dtaisbeánadh an triail nár ghádh do’n ógánach na h-ocht mbliana do chaitheamh istigh do maithfí bliain dó. Ansan, dá dtaisbeánadh an triail nár ghádh dhó na seacht mbliana do chaitheamh istigh do maithfí obair dhá bhlian dó. Do maitheadh obair dhá bhlian dómh-sa. Ba mhór an tairbhe dhom é sin mar tá aer na h-áite ana dhian ar shláinte na mbuachaillí a théighean isteach ann ’ó’n dtuath. Do bhí sé dian ortha an uair sin pé’r domhan é. Ní fheadar an bhfuil aon fheabhas tar éis dul air nó ná fuil. Chuaidh buachaillí breaghtha móra láidire isteach ann an bhliain chéadna do chuas-sa isteach. Chómh luath agus bhí bliain caithte istigh acu bhí cuid acu seirgthe go maith. Nuair a théighdís abhaile i gcaitheamh rátha an tSamhraidh do chuiridís an fheóil suas airís agus thagadh a neart dóibh. Ach d’imthigheadh an fheóil agus an neart airís nuair a bhídís raint aimsire tar éis teacht thar n-ais. Nuair a bhíodh deire na h-aimsire caithte agus iad ag [ 95 ]dul amach ’n-a sagartaibh críochnuighthe bhíodh na cnámha lom go maith acu go léir, go mór mór ag an gcuid acu do tógadh ar an dtuath. An chuid acu do tógadh ins na sráideanaibh nó ins na bailtibh móra, ní ghoilleadh an áit istigh chómh mór i n-aon chor ortha. Ní bhíodh an neart ionta, ó thosach, a bhíodh ins na fearaibh óga a thagadh ó’n dtuath, ach an méid nirt a bhíodh acu do choimeádaidís é i gcaitheamh na h-aimsire. Bhídís lag, neambrígheach, i gcomparáid le buachaillíbh na tuatha, ar dtúis; ach ag déanamh amach ar dheire na h-aimsire bhídís-sin ar an gcuma gcéadna nách mór, agus bhíodh an t-anam sladaithe, nó geall leis, as an mbuachaill a tháinig isteach ó’n dtuath.

Thagadh buachaillí ana chalma isteach ann ó Chontae Thiobraid Áran. Is cuimhin liom buachaill a tháinig isteach an bhliain chéadna a chuas féin isteach. Bhí sé os cionn sé troighthe ar aoírde, agus bhí sé chómh cúmtha chómh córach san ’n-a dhéanamh gur bhreagh liom bheith ag féachaint air agus é ag siúbhal i n-aonfheacht le n-a chomrádaithib. Bhíodar go léir árd go maith, deaghchúmtha go maith, ach do mheasainn go mbíodh a cheann agus leath a mhuiníl suas glan os a gcionn go léir. Bhí neart uathbhásach ann. Bhí sé féin agus triúr eile buachaillí lá ag imirt chluiche le liathróid láimhe. Bhí ainim an nirt go léir air. Thug an triúr eile cogar d’á chéile go mbéarfaidís i dtriúr air agus go leagfaidís é. Bhíos féin ag féachaint air an imirt. Ní raibh puínn maitheasa riamh ionam chun aon chluichí gleacaidheachta de’n tsórd san. Ba ghearr go bhfeaca an triúr ag breith isteach ar an aoinne amháin. Bhí a lámha tímpal an chuím air ag beirt acu, agus bhí greim ar ghlúinibh air ag an dtrímhadh duine. Do lúb an fear láidir a ghlúinibh, agus do leig sé síos é féin go dtí go [ 96 ]raibh an bheirt uachtarach daingean aige fé n-a dhá osguil, agus greim le n-a dhá láim aige ar dhá cheathramhain an fhir iachtaraigh. Ansan do dhírigh sé suas é féin agus thóg sé an triúr i n-aonfheacht glan ó’n dtalamh agus shiúbhluigh sé mór-thímpal na cúirte leó. Nuair a leig sé uaidh iad dob’ éigean dóibh suidhe síos ar feadh tamaill chun teacht chúcha féin ó’n bhfásgadh a thug sé dhóibh. Agus ní raibh sé ach ag gáirí an fhaid a bhí an gníomh san aige ’á dhéanamh. Agus fir luatha láidire chumasacha ab eadh an triúr.

“Seadh,” ar seisean, nuair a leig sé uaidh iad, “an beag libh de’n spórt?”

“Mheasamair,” arsa duine acu, “go mbéadh sé le rádh againn gur leagamair thú. Ach cad ba ghádh dhuit mé dh’fhásgadh chómh mór? Bhainis m’anál díom, agus is ar éigin atá ionam labhairt fós!”

“Tú féin fé ndeár é,” arsa duine eile acu leis an bhfear a labhair. “Mura mbéadh tusa ní thabharfaimís féi i n-aon chor. Tá teinneas am’ dhrom agus suas am’ chúl fós!”

Bhí cathughadh ar an bhfear mór nuair a chonaic sé an cás ’n-a rabhadar, agus bhí sé ag gabháil a leathsgéil leó agus ’ghá rádh nár mhothuigh sé an neart san aige ’á chur sa bhfásgadh; nár mheas sé gur thug sé dhóibh ach an fásgadh do choimeádfadh a ghreim ortha chun iad do thógaint ó’n dtalamh.

“Dar fiadh,” arsa’n trímhadh duine acu, “ach dá bhfáisgthá a thuille mise bhíos marbh agat!”

Cúpla bliain ’n-a dhiaigh san do chonac-sa an fear san agus is ró bheag an neart a bhí ann. Do ghoill aer na h-áite air agus do ghoill an biadh air, agus do thuit sé i gceann a chos. B’éigean dó dul abhaile. Bhí sé ró imthighthe, ámhthach, sar ar chuaidh sé abhaile. Ní raibh [ 97 ]sé abhfad sa bhaile agá mhuíntir nuair imthigh sé abhaile ar an síoruidheacht, gura’ maith an mhaise dhó é!

Dúbhart gur ghoill aer na h-áite air. Do ghoill. Ach níor bh’ aon iongnadh é sin. Tá an áit ró íseal agus tá an chanáil ag gabháil tré lár na tíre, siar, lasmuich d’fhalla an Choláisde, agus fliuchan ceó na canáile sin an t-aer i dtreó go mbíon an t-aer mí-fholáin do chliabh an duine, agus go músglan sé an uile shaghas galair cléibh ann.

Ach dúbhart gur ghoill an biadh air. Ba mhó d’iongnadh an ghoilleamhaint sin ’ná an ghoilleamhaint eile. Tugtar, nó go tugtí an uair sin ar aon chuma, an chaoirfheóil ab fhearr d’ár bhlais aon daonaidhe riamh le n-ithe dhúinn. Níor bh’ fhéidir aon locht fhághail uirthi. Ní lúgha ’ná mar ab fhéidir aon locht fhághail ar an arán a tugtí dhúinn. Ach d’á fheabhas a bhíodh idir fheóil agus arán ní dheinidís puínn tairbhe do chuid againn. An chuid againn a théigheadh isteach ó’n dtuath ní bhíodh taithíghe ar an bhfeóil againn. An gráinne agus an práta agus an bainne iseadh bhíodh againn sa bhaile ar fad. Ní bhíodh an fhéoil le fághail ach go h-anamh, nó b’fhéidir go ró-anamh. Ansan, nuair a théighmís isteach sa Choláisde ní bhíodh le fághail ach an fheóil ar fad. Bhíodh an t-aer breagh foláin agus an biadh ar ar tógadh sinn fágtha i n-ár ndiaigh lasmuich againn. Bhíodh an biadh lastigh go h-ana mhaith, ach ní h-ar an mbiadh sin a tógadh sinn. Ní bhíodh an taithíghe againn air. Ní théigheadh sé chun sochair dúinn. Bhíodh a rian air, nuair a thagaimís abhaile ar ár laethantaibh saoire sa tsamhradh, is ar éigin aithnigheadh ár máithreacha sinn, bhímís ag féachaint chómh lom chómh mílítheach chómh h-ocrach san.

An fhaid a bhímís sa bhaile bhíodh ár ndóithin airís againn de’n bhiadh ar ar tógadh sinn, an t-arán coirce [ 98 ]agus an t-arán cruithneachtan ó’n muillean, an t-ubh circe agus an t-ubh lachan, an leamhnacht agus an bainne ramhar agus an bhláthach, an práta agus an gobalach, agus an blúire bagúin anois a’s airís. B’shiné an biadh a théigheadh chun sochair dúinn. Do chuirimís suas an fheóil airís go tiugh, agus na pluic, agus thagadh an neart agus an fuinneamh airís ionainn, i dtreó, nuair a bhíodh an trí mhí laethanta saoire caithte agus théighmis thar n-ais go dtí an Choláisde, gur bh’ ar éigin aithnighdís na h-uachtaráin sinn, agus gur bh’ ar éigin aithnighmís a chéile.

Chuireas féin an chéad bhliain díom ann gan aon léic a theacht am’ shláinte, bíodh go rabhas ana lom nuair a thánag abhaile sa tsamhradh. Chuas thar n-ais sa bhfoghmhar agus mé láidir go maith. Ní rabhas abhfad istigh, ámhthach, nuair a thosnuigh an goile ar bheith ag cur orm. As san amach b’ éigean dom cuid mhaith de m’ aimsir do chaitheamh i dtigh na n-easlán ann, agus níor fhéadas a thabhairt d’aireachas dom’ chuid léighinn ach oiread agus bhéarfadh saor mé tré gach sgrúdughadh fé mar a thagadh sé. Bhíodh an trí mhí go breágh fada agam sa tsamhradh, agus ba bheag ná go leighseadh san an méid díobhála a bhíodh déanta ag an gcuid eile de’n bhliain.

I gcaitheamh na sé mblian a thugas sa Choláisde sin bhínn ag machtnamh go minic ar na coláisdíbh úd a bhí i n-Éirinn i dtosach aimsire. Ní bhíodh aon tighthe breaghtha móra slinne an uair sin ag múinteóiríbh ná ag macaibh léighinn. Is amhlaidh a bhíodh a thigh beag féin ag gach aoinne, tigh beag deas clúthmhar agus díon maith tuighe air agus gan de thriosgán istigh ann ach an bórd agus an leabaidh agus cúpla cathaoir b’fhéidir, agus an tinteán. Innstear dúinn gur ghnáth leis na macaibh léighinn bheith ag dul amach mór-thímpal ar [ 99 ]fuaid na cómharsanachta ag soláthar an bhainne dhóibh féin. Ní raibh na fallaí breaghtha ’n-a dtímpal, mar a bhí i n-ár dtímpal-ne, ach measaim gur bh’fhearr an tsláinte a bhíodh acu ’ná an tsláinte a bhíodh ag macaibh léighinn Choláisde Mhaighe Nuadhat, an fhaid a bhí aithne agam-sa ar an áit, ar aon chuma. B’fhéidir go bhfuil an sgéal níos fearr anois acu.

Public domain
This work is in the public domain in countries where the copyright term is the author's life plus 70 years or less. See Copyright.