Page:Mo sgeal fein.djvu/111

From Wikisource
Jump to navigation Jump to search
This page has been proofread.

sé abhfad sa bhaile agá mhuíntir nuair imthigh sé abhaile ar an síoruidheacht, gura’ maith an mhaise dhó é!

Dúbhart gur ghoill aer na h-áite air. Do ghoill. Ach níor bh’ aon iongnadh é sin. Tá an áit ró íseal agus tá an chanáil ag gabháil tré lár na tíre, siar, lasmuich d’fhalla an Choláisde, agus fliuchan ceó na canáile sin an t-aer i dtreó go mbíon an t-aer mí-fholáin do chliabh an duine, agus go músglan sé an uile shaghas galair cléibh ann.

Ach dúbhart gur ghoill an biadh air. Ba mhó d’iongnadh an ghoilleamhaint sin ’ná an ghoilleamhaint eile. Tugtar, nó go tugtí an uair sin ar aon chuma, an chaoirfheóil ab fhearr d’ár bhlais aon daonaidhe riamh le n-ithe dhúinn. Níor bh’ fhéidir aon locht fhághail uirthi. Ní lúgha ’ná mar ab fhéidir aon locht fhághail ar an arán a tugtí dhúinn. Ach d’á fheabhas a bhíodh idir fheóil agus arán ní dheinidís puínn tairbhe do chuid againn. An chuid againn a théigheadh isteach ó’n dtuath ní bhíodh taithíghe ar an bhfeóil againn. An gráinne agus an práta agus an bainne iseadh bhíodh againn sa bhaile ar fad. Ní bhíodh an fhéoil le fághail ach go h-anamh, nó b’fhéidir go ró-anamh. Ansan, nuair a théighmís isteach sa Choláisde ní bhíodh le fághail ach an fheóil ar fad. Bhíodh an t-aer breagh foláin agus an biadh ar ar tógadh sinn fágtha i n-ár ndiaigh lasmuich againn. Bhíodh an biadh lastigh go h-ana mhaith, ach ní h-ar an mbiadh sin a tógadh sinn. Ní bhíodh an taithíghe againn air. Ní théigheadh sé chun sochair dúinn. Bhíodh a rian air, nuair a thagaimís abhaile ar ár laethantaibh saoire sa tsamhradh, is ar éigin aithnigheadh ár máithreacha sinn, bhímís ag féachaint chómh lom chómh mílítheach chómh h-ocrach san.

An fhaid a bhímís sa bhaile bhíodh ár ndóithin airís againn de’n bhiadh ar ar tógadh sinn, an t-arán coirce