Mo Sgéal Féin/12

From Wikisource
Jump to navigation Jump to search
Mo Sgéal Féin
by Peadar Ua Laoghaire
Mo Sgéal Féin is the autobiography of Peadar Ua Laoghaire (1839–1920), published in 1915.

[ 85 ]

XII
AR MHULLACH NA MANGARTAN

Abhfad ’n-a dhiaigh san, leis, do chuas go mullach na Mangartan, ach is ó’n dtaobh thuaidh a chuas anáirde air, ó Chill Áirne. Bhíos níba shine agus níba threise an uair sin ’ná mar a bhíos an lá a chuas siar go dtí an “Leitir ná léightear.” Bhíos am’ aonar agus bhí an lá ana bhreagh. D’fhágas Cnuc an Eirbaill chómh luath agus bhí mo bhrecfaist ithte agam, agus chuireas gach aon chómhgar díom siar ó-dheas go dtí go rabhas ag bun an chnuic. Ansan do chuardaigheas an cosán a bhí, mar a h-innseadh dom, ó bhun an chnuic suas go dtí a bhara, an cosán a deineadh ann fé chosaibh na ndaoine iasachta a thagadh ann chun Cill Áirne agus na radharcana breaghtha atá tímpal air a dh’fheisgint. Chómh luath agus do thánag ar an gcosán do chomháineas liom suas. Nuair a thagadh an saothar orm, tré dhéine [ 86 ]an chnuic, do stadainn agus d’fhéachainn am’ thímpal ar an ndúthaigh a bhí laistiar díom. Bhí an radharc san ag leathanughadh agus ag dul i mbreaghthacht fé mar a bhíos ag druidim suas. Nuair a bhíos tamall maith suas bhí an radharc chómh breagh chómh mór chómh leathan sin go stadadh m’ anál orm nuair fhéachainn am’ thímpal air. Fé dheire do shroiseas an fiaradh. Do stadas ansan tamall maith ag féachaint am’ thimpal. Dob’ uathbhásach an radharc é! Bhí an lá chómh glan le criostal. Bhí sgamaill bheaga bhána ar an spéir, ach bhíodar ana fhada suas agus bhí an t-aer fútha gan aon bhlúire ceóigh ann, i dtreó gur fhéadas an talamh, agus na páirceana, agus na coillte, agus cuid des na h-aibhníbh, agus cuid des na teampullaibh, agus an chuid des na tighthibh cómhnuighthe ná raibh ró fhada uaim, a dh’fheisgint go soiléir. Bhí Cill Áirne ansúd thíos am’ aice, chómh cómhgarach san dom, dar liom, go measainn go bhféadfainn méaróg chloiche do chaitheamh síos isteach sa tsráid bheag.

Ar éadan an chnuic iseadh bhíos an uair sin. Bhí an tuitim lasmuich dhíom agus a leithéid d’fhánaidh ann go measainn dá sgaoilinn cloch síos ná stadfadh sí go dtí go mbéadh sí ag bun an chnuic. Bhí bara an chnuic go breagh leathan leibhéalta laistiar díom, agus gur dhóich leat nuair a dhruidfeá isteach air nách ar mhullach cnuic a bheifeá i n-aon chor ach ar réidh bhreágh leathan. Do dhruideas isteach air. Ní raibh aon choinne agam, go dtí go rabhas ag siúbhal air anonn ’s anall ar an gcuma san, go raibh an mullach chómh breagh fada fairsing. Bhí na cnuic mhóra eile, agus na cnuic bheaga ar a measg, laistiar agus laisteas agus lastoir díom. Ba dhóich leat ná raibh sa chuid eile acu ach cruiceóga bheaga seachas an beithigheach cnuic a bhí fé [ 87 ]m’ chosaibh. Ní raibh ach Corán Tuathail, a bhí ansúd laistiar díom, go raibh aon téagar ná aon aoírde ann, dar liom. Bhí an Dá Chí agus Mullach an Ois lastoir díom, agus d’fhéachadar ana shuarach. D’fhéachas ó-dheas féachaint an aithneóchainn an “Leitir ná léightear.” Do theip orm glan aon phioc d’á dheabhramh a dhéanamh amach ameasg na sliabh eile. Ní raibh sa n-áit ar fad ach grathain sléibhte. Bhí radharc siar ó-dheas agam ar na h-inbhiribh atá ag teacht isteach ó’n bhfaraige idir na cnucaibh, i dtreó gur dhóich le duine gur b’amhlaidh a bhéadh na cnuic ag dul fé uisge, agus nár bh’ fhada go mbéadh an fharaige os a gcionn; nó gur b’ amhlaidh a bhéadh na cnuic ag eirighe as an uisge, agus nár bh’ fhada go mbéadh an fharaige imthighthe siar ar fad amach as na gleanntaibh sin atá idir na cnucaibh. Ag féachaint ortha dhom thugas fé ndeara láithreach an chosamhlacht chruinn atá idir an radharc a chonac ansúd, idir chnucaibh agus uisge, agus an radharc a chíon aoinne nuair fhéachan sé ar an gcúinne thiar theas de mhapa na h-Éirean ar fhalla thíghe sgoile. Níor fhéadas gan fanmhaint tamall maith ag féachaint ar an mapa úd atá ansúd anois, agus nach fios dómh-sa ná d’aoinne eile cad é an fhaid atá ó cuireadh ann é.

Tar éis mé bheith tamall maith ag féachaint air agus ag machtnamh air, d’iompuigheas agus bhuaileas soir tríd an réidh bhreagh leathan ar an mullach. Ní fada soir a chuas nuair a baineadh árd-gheit asam. Do chonac ar m’ aghaidh amach poll mór leathan doimhinn, síos ansa chnuc. B’ é saghas puill díreach é ’ná an poll a bhéadh ann dá mb’ amhlaidh a bainfí ceann de Chíochaibh Danann ainíos a’ lár na Mangartan agus an Chí sin do chaitheamh thall i n-aice na Chíche eile, mar a bhfuil [ 88 ]sí anois, an taobh a bhí suas di, sa chnuc, ar an dtalamh, agus an ceann caol di, a bhí síos sa chnuc, é suas anois. Ba dhóich leat, dá dtógfaí ó’n dtalamh airís í agus í chur isteach sa pholl, an ceann caol di síos, go líonfadh sí an poll agus go mbéadh mullach na Mangartan ’n-a réidh bhreagh leathan, ar aon leibhéal ó thaobh taobh, mar a bhí sé sar ar tógadh an cnuc eile sin ainíos as.

Má fhanas tamall maith ag féachaint siar ar na sléibhtibh agus ar na h-inbhiribh i n-iarthar Éirean, ó Bhaoí Bhéara go h-inbhear Neidín agus go h-inbhear Thrágha Lí agus go h-inbhear an Daingin, do thugas tamall ba mhó ’ná é ag féachaint uaim síos sa pholl úd gur baineadh, dar liom, an chíoch ba ghiora dhom de Dhá Chích Danann ainíos as uair éigin fadó. Níor fhéadas dul ró achmair do’n pholl. Bhí an tuitim ó ’n-a bhruach síos ró dhíreach agus dá dtéighinn ró imealach ar an mbruach ba bhaoghal dom go n-imteóch’ an fód ó m’ chosaibh agus go sgaoilfí le fánaidh mé. Thánag chómh h-achmair, ámhthach, agus go raibh radharc agam ar an loch uisge atá thíos i mbun an phuill. Féachan an loch san go fada síos agus go grána agus go h-uaigneach agus go dubh.

Shamhluigheas gur bh’ amhlaidh a bhí draoidheacht éigin ag an loch san d’á imirt ar mo shúilibh, d’fhanas chómh fada san ag féachaint síos air. Nuair fhéachainn am’ thímpal tamall, soir ar an Dá Chí nó ó-dheas ar na h-inbhiribh, níor bh’ fhada go n-iompuigheadh mo shúile thar n-ais airís, agus síos ar an loch grána dubh úd. D’fhéachainn anonn ar an dtaobh thoir de’n pholl agus chínn radharc áluinn ann, taobh an phuill ’n-a sheasamh thall, ar m’ aghaidh anonn agus an ghrian ag taithneamh air agus sgáileana na sgamall mbeag leathta amach air agus iad ag gluaiseacht fan é go breagh réidh, díreach mar a [ 89 ]bhí na sgamaill bheaga féin ag gluaiseacht thuas os mo chionn ar an spéir. Ansan, nuair fhéachainn síos airís ar an loch, agus nuair a chuirinn cor díom anonn nó anall, shamhluighinn go mbíodh an loch, agus bun an phuill ar fad, ag suathadh agus ag luasgarnaigh anonn ’s anall, díreach mar a bhíodh mullach an chnuic féin nuair a bhíos ag féachaint air andeas ó’n “Leitir ná léightear.”

Nuair a bhínn cortha de bheith ag féachaint síos ar an loch grána dubh agus anonn ar an dtaobh thoir de’n pholl, agus am’ shuathadh féin anonn ’s anall go bhfeicfinn an luasgarnach laistíos, d’fhéachainn uaim ó-thuaidh ar an ndúthaigh bhreagh a bhí leathta amach lastuaidh díom. Bhí um an dtaca san an bhreacarnach chéadna ar an ndúthaigh sin a bhí ar an dtaobh thoir de’n pholl, mar bhí na sgamaill bheaga tar éis iad féin do leathadh amach ar an spéir go léir, agus bhí na sgáileana beaga leathta amach ar an ndúthaigh go léir. Ní fheaca riamh roimis sin, agus ní fheaca riamh ó shin, radharc chómh breagh leis an radharc a bhí leathta fé m’ shúilibh nuair a bhíos ag féachaint siar agus ó-thuaidh agus soir ar an ndúthaigh sin, agus an bhreacarnach san, sgátha agus soluis, ar leathadh air. Bhí an bhreacarnach chéadna ar an spéir thuas, os cionn na dútha, ach so a bheith de dheifrigheacht idir an mbreacarnach thuas agus an bhreacarnach thíos, .i. an rud ba sgáth laistíos gur sholus lastuas é, agus an rud ba sholus laistíos go mba sgáth lastuas é. Sgamaill gheala ab eadh na sgamaill bheaga a bhí ar an spéir agus bhíodar níba ghile ’ná mar a bhí an spéir ’n-a dtímpal. Tríd an spéir a bhí gan sgamall a thagadh solus na gréine anuas, agus an sgamall beag geal isé chuireadh an sgáth ar an dtír laistíos dé.

Thugas oiread san aimsire ag féachaint ar na [ 90 ]radharcanaibh breaghtha san, ar na sléibhtibh agus ar na h-inbhiribh laisteas díom, ar an ndúthaigh, ní h-eadh, ach ar na dúthaíbh móra leathana lastuaidh díom, ar an bpoll uathbásach a bhí ansúd agam’ chosaibh, ar an loch dubh draoidheachta a bhí ansúd thíos, ag suathadh agus ag luasgarnaigh, i mbun an phuill, agus ar an mbreacarnach sgátha agus soluis a bhí ortha go léir, go raibh an tráthnóna ag teacht sar ar tháinig aon phioc d’á chuimhneamh chúgham go raibh Cnuc an Eirbaill tamall maith soir ó-thuaidh uaim, agus go gcaithfinn dul ann i gcóir na h-oídhche. Ansan féin ba ró dheacair liom imtheacht ó’n radharc. Ag dul i mbreaghthacht a bhí an radharc fé mar a bhí an ghrian ag druidim síos agus an solus ag atharughadh; an solus ag lagudhadh agus na sgáthana ag dorchughadh; agus an loch thíos i mbun an phuill ag dúbhchtaint tuille agus ag dul, ba dhóich le duine, tuille fé ’n ndraoidheacht. Thugas iaracht ar imtheacht. Do stadas tamaillín eile. Thugas iaracht eile ar imtheacht agus do stadas tamaillín chun aon fhéachaint amháin eile thabhairt am’ thímpal ortha go léir. Fé dheire do ritheas as an áit.


B’ usa go mór agus ba shaoráidíghe teacht an cnuc anuas ’ná dul suas. Mar sin féin, bhíos tamall maith ag teacht anuas mar, an fhaid a lean an radharc leathan, ní fhéadainn gan stad anois agus airís chun mo shúile do shásamh air. Um an dtaca n-a rabhas ag bun an chnuic bhí an oídhche ann, i dtreó gur bh’ ar éigin a bhí solus mo dhóithin agam chun na Fleisge do ghabháil. Do ghabhas í, ámhthach, gan mo chosa do fhliuchadh, agus chomáineas liom ó-thuaidh go dtí gur chuireas mo chos ar bhóthar Chille Áirne. Bhí an oídhche dhubh ann um an dtaca san; ach bhí an oídhche go breagh agus go ciúin, [ 91 ]agus níor bh’ fhada gur eirigh an ghealach. Nuair a bhí an ghealach ’n-a suidhe agus an solus agam ba chuma liom an oídhche nó an lá agam. Chomáineas liom an bóthar soir. Thánag go dtí áit ’n-a raibh falla mór árd cloiche ar an dtaobh thuaidh de’n bhóthar, ar mo láimh chlé, agus seana chaisleán laistigh de’n fhalla. Do h-innseadh dom cúpla lá roimis sin go raibh droch ainim ar an seana chaisleán agus ar an áit sin de’n bhóthar; go bhfeictí púca nó sprid nó rud éigin mí-nádúrtha de’n tsórd san ann. Bhí sé ag déanamh amach ar uair an mheadhon-oídhche nuair a thánag go dtí an áit. Bhíos ag cuimhneamh ar an bpúca, ach má bhíos ní le h-aon eagla roimis an bpúca é. Bhíos ’ghá rádh am’ aigne gur mhór an díth céille do dhaoine bheith ’ghá mheas go bhféadfadh púcaí bheith sa n-oídhche ann ach chómh beag agus bheidís ann i lár an lae. Le n-a linn sin siúd chúgham an bóthar anoir ainimhíghe éigin uathbhásach agus é ar cosanáirde go dian. Bhí crainn ar gach taobh de’n bhóthar sa n-áit, i dtreó nár fhéadas i n-aon chor a dhéanamh amach cad é an saghas ruda an t-ainimhíghe. Bhí baitín beag am’ láimh agam. D’árduigheas an baitín d’á luighead agus d’á shuaraíghe é. Do rith an t-ainimhíghe chúgham go dtí go raibh sé ar m’ aghaidh amach. Díreach agus é ag gabháil thorm siar do leagadh ar an mbóthar é. D’eirigh a leath agus ghaibh sé siar ar cos anáirde agus d’fhan an leath eile ar an mbóthar. Bhíos ag iniúchadh ar an leath a bhí ar an mbóthar. Ach níor fhéadas a déanamh amach cad é an saghas ruda é. Le n-a linn sin d’eirigh sé de’n bhóthar agus dhein sé orm.

“Fan uaim amach!” arsa mise, “pé rud tú!” agus mo bhaithín anáirde agam.

Do labhair sé.

“Ó mhaise!” ar seisean, “go mbrisidh an D——l do [ 92 ]chosa, mar asal!” agus é ag féachaint an bóthar siar i ndiaigh an ruda a bhí imthighthe siar ar cos anáirde. “Gabhaim pardún agat!” ar seisean liom-sa. “Is amhlaidh a chaitheas mé féin anuas de’n bhitheamhnach asail sin. Do leagas é d’aon ghnó chun teacht anuas dé. Ag dul soir go Sráid an Mhuillinn atáim. D’fhágas Cill Áirne um thráthnóna chun dul soir go Sráid an Mhuillinn. Bhíos chómh fada soir leis an mBara Dubh nuair a bhuail an t-asal san umam ar an mbóthar. Do rugas air agus do léimeas anáirde air chun é bhreith liom agus marcaigheacht a bheith agam as tamall de’n bhóthar. Chómh luath agus bhíos socair anáirde air agus do fuair sé ná féadfadh sé mé chaitheamh dé, cad a dhein sé ach iompáil an bóthar siar! Níor fhéadas é chasadh toisg gan srian ná ceannrach a bheith agam air. Bhéarfadh sé siar isteach go Cill Áirne mé airís mura mbéadh mé ’ghá leagadh ansan ar an mbóthar. Do rugas ar chluais air a d’iaraidh é chasadh soir, agus is amhlaidh a leagas é, an rógaire bitheamhnaigh!”

Ansan d’inis sé dhom cé ’r bh’ é agus cad é an gnó a bhí soir go Sráid an Mhuillinn aige. Ó thigh na mbocht i gCill Áirne dob eadh a tháinig sé agus go tigh na mbocht i Sráid an Mhuillinn a bhí sé ag dul. Garsún cheithre mblian ndéag nó chúig mblian ndéag ab eadh é. Cheap sé an éagcóir a dhéanamh ar an asal agus thug an t-asal “cor i n-aghaidh an chaim” dó.

Chomáineamair araon linn ansan an bóthar soir, agus dheineamair cuideachtanas d’á chéile go dtí gur shroiseamair an bóithrín ó-thuaidh chun an tíghe ar Cnuc an Eirbaill mar a raibh mo ghaolta-sa ’n-a gcómhnuighe agus mar a raibh mo thriall i gcóir na h-oídhche. Do [ 93 ]sgaramair le chéile ar an áit sin. Ní fheaca riamh ó shin é beó ná marbh.

Ní raibh sé ach tamall beag roim lá nuair a shroiseas an baile. Bhí muíntir an tíghe ’n-a gcodla, nídh nár bh’ iongnadh. Do fágadh biadh agus deoch am’ chóir-se i n-aice na teine. D’itheas an biadh agus d’ólas an deoch. Ansan dúbhart mo phaidireacha agus chuas a chodla. Ní baoghal ná gur chodlas go sámh.

Eidirfhaisneis iseadh an méid sin cainte atá ráidhte i dtaobh na cuarda san a thugas go “Mangartain an aeir aoibhinn,” mar adúbhairt an file. An “Leitir ná léightear” fé ndeara dhom cuimhneamh ar an gcuaird sin. Do chuas suas aon uair amháin eile go mullach na Mangartan, tamall maith i ndiaigh an lae sin, ach ní raibh an lá chómh breagh ná an spéir chómh glan, agus bhí daoine lem’ chois, agus níor fhéach an radharc chómh h-áluinn i n-aon chor, ná chómh h-oirdheirc, ná chómh h-uasal, agus bhí sé an chéad lá úd a chonac é. Is dócha gur lá mar an lá san a bhí ag an bhfile thuas air nuair a thug sé “Mangarta an aeir aoibhinn” ar an gcnuc. D’airigheas féin “Mangarta an Cheóigh,” ’á thabhairt ar an gcnuc gcéadna i n-abhrán eile. Is eagal liom gur minicíghe go mór a bhíon an cnuc ’n-a “Mhangartain cheóigh,” ’ná mar a bhíon sé ’n-a “Mhangartain aeir aoibhinn.”


Public domain
This work is in the public domain in countries where the copyright term is the author's life plus 70 years or less. See Copyright.