Page:Mo sgeal fein.djvu/99

From Wikisource
Jump to navigation Jump to search
This page has been proofread.

sé chuige a-dtuaidh an bóthar úd tríd an gceidhséar mé. Bhí fearg air, ach ba mhó an t-áthas a bhí air ’ná an fhearg. Ní leigfeadh sé as a radharc as san amach mé go dtí go rabhamair araon sa bhaile. Nuair a shroiseamair an baile bhí iongnadh orm-sa. Níor labhair sé oiread agus focal amach as a bhéal chun aon ghearáin a dhéanamh orm mar gheall ar an sgannradh a chuireas air! Ní baoghal gur labhras féin ar an sgéal go dtí abhfad ’n-a dhiaigh san.


XII
AR MHULLACH NA MANGARTAN

Abhfad ’n-a dhiaigh san, leis, do chuas go mullach na Mangartan, ach is ó’n dtaobh thuaidh a chuas anáirde air, ó Chill Áirne. Bhíos níba shine agus níba threise an uair sin ’ná mar a bhíos an lá a chuas siar go dtí an “Leitir ná léightear.” Bhíos am’ aonar agus bhí an lá ana bhreagh. D’fhágas Cnuc an Eirbaill chómh luath agus bhí mo bhrecfaist ithte agam, agus chuireas gach aon chómhgar díom siar ó-dheas go dtí go rabhas ag bun an chnuic. Ansan do chuardaigheas an cosán a bhí, mar a h-innseadh dom, ó bhun an chnuic suas go dtí a bhara, an cosán a deineadh ann fé chosaibh na ndaoine iasachta a thagadh ann chun Cill Áirne agus na radharcana breaghtha atá tímpal air a dh’fheisgint. Chómh luath agus do thánag ar an gcosán do chomháineas liom suas. Nuair a thagadh an saothar orm, tré dhéine