Page:Mo sgeal fein.djvu/98

From Wikisource
Jump to navigation Jump to search
This page has been proofread.

ar sisi, “gur aoinne de gharsúnaibh na h-áite seo thú?”

“Ní h-eadh,” arsa mise. “Anoir ó Chluandrochad iseadh mé, agus táim ag déanamh cómhgair soir abhaile. Táim ag tabhairt aghaidh soir ar Chúm na n-Éag. An bhfuil Cúm na n-Éag abhfad soir as so?”

D’fhéach sí go géar orm.

“Ó Chluandrochad!” ar sise. “Aililiú!” ar sisi. “Cúm na n-Éag!” ar sisi. Ansan, fé mar bhéadh a h-iongnadh curtha dhi aici, d’iompuigh sí orm. “Ach,” ar sisi, “tá Cúm na n-Éag ana fhada soir as so, agus tá an tslígh ana gharbh ana mhí-chothromach. Buail mar seo síos i n-aonfheacht liom-sa agus cuirfead ar an mbóthar tú. Tá bóthar breagh réidh agat ó’n gcrois seo thíos soir go Cúm na n-Éag, agus as san soir go dtí muilean Bhaile Mhúirne. Agus go deimhin is fada an bóthar é dhuit-se le siúbhal anois.”

Chomáineas liom síos le n-a cois. Níor bh’fhada go bhfeaca, thíos ag an gcrois, fear agus bata ’n-a láimh aige agus é ag crothadh an bhata chúgham go feargach. Micheál ua Fineagáin a bhí ann. Bhí an duine bocht tar éis an lae chaitheamh a’m chuardach. Nuair eirigh sé ar maidin ní raibh aon tuarisg orm ag aoinne dhó. Chonaic duine éigin mé ag dul anonn go thigh Mhuíntir Thuama. Chuaidh sé anonn. Ní raibh aon tuairisg thall orm ach gur thugas an oídhche ann agus ná feacaidh aoinne mé ag imtheacht ar maidin. Tháinig sé anall. Thall ná abhus ní raibh aon tuairisg orm.

“Cad a dhéanfad i n-aon chor!” ar seisean. “Conus a thabharfad aghaidh ar a athair agus ar a mháthair!”

“Imthigh ort abhaile,” arsa gach aoinne leis. “Thoir sa bhaile rómhat a gheóbhair é, gabhaim-se orm!”

Ar an mbóthar ag dul abhaile a bhí sé nuair a chonaic