Page:Mo sgeal fein.djvu/97

From Wikisource
Jump to navigation Jump to search
This page has been proofread.

sruthán ró shuarach. Dá mbéadh seachtmhain fearthana ann, ámhthach, agus an fhearthainn trom, ní dóich liom go mbéadh an sruthán ró shuarach chun an chaidhséir a dhéanamh. Do stadas ar bruach an chaidhséir ar feadh tamaill. Bhí cúis staid agam. Bhí an tsál imthighthe ó bhróig liom. Ní raibh puínn greama ag bonn na bróige eile. Agus bhí tuirse agus ocras orm. Bhíos ag féachaint an bóthar ó-thuaidh. Bhí radharc abhfad ó-thuaidh agam, mar bhí an bóthar díreach agus bhí an áit ’n-a rabhas árd go maith os cionn an bhóthair agus os cionn an tsrutháin. Níor bh’ fhada go bhfeaca ag gabháil chúgham an bóthar a-dtuaidh rud a chuir iongnadh agus alltacht orm. Bhí an rud ag siúbhal ar nós duine. Ach ní fheaca ar aon duine riamh a leithéid de cheann le méid. Bhí sé ag siúbhal ana ghéar. Fé mar a bhí sé ag teacht i gcómhgar dom iseadh ba mhó a chonac an deabhramh daona air, ach an ceann a bheith ag dul i méid go h-uathbhásach. Níor bh’fhada go bhfeaca go raibh adharca beaga ar an gceann. Go luath tar éis na n-adharc a thabhairt fé ndeara dhom do thuigeas an sgéal go léir. Bean a bhí ann agus corcán ar a ceann aici, a ceann sáidhte suas i mbéal an chorcáin aici agus an corcán lán d’fhéar thirim, i dtreó ná gortófaí an ceann, agus trí cosa an chorcáin anáirde mar bhéadh trí adhaircíní.

Chómh luath agus thuigeas an méid sin do ritheas síos agus thar sruthán soir agus bhíos ’n-a coinnibh ar an mbóthar um an dtaca ’n-a dtáinig sí suas.

Níor leigeas blúire orm i dtaobh na preibe do bhí bainte aici asam.

“Dia ’s Muire dhuit!” arsa mise léi.

“Dia ’s Muire dhuit a’s Pádraig, a gharsúin,” ar sisi; “ach ní aithnighím thu. Ní dóich liom,”