Page:Mo sgeal fein.djvu/96

From Wikisource
Jump to navigation Jump to search
This page has been proofread.

agus ’ghá luasgadh féin anonn ’s anall i n-aghaidh gach ciscéim d’á dtugainn. Thuigeas go maith gur bh’ é an fhaid abhí sé uaim fé ndeár an luasgarnach san, nó a dheabhramh. Chomáineas liom ó-thuaidh tamall eile go dtí gur osgail an gleann mór leathan doimhinn fúm thíos lastuaidh díom, agus idir mé agus an Mhangarta.

Bhí tamall maith de’n mhaidin imthighthe um an dtaca san. Bhí ocras ag teacht orm. Bhíos suaithte go maith, agus tuirse orm agus allus orm, ó bheith ag siúbhal tríd an sliabh. D’fhéachas ar an ngleann a bhí ansúd ar leathadh ar m’ aghaidh amach, agus d’fhéachas uaim ó-thuaidh ar an Mangartain—agus chuimhnigheas ar an deich míle úd a bhí níba dheacra do shiúbhal ’ná fiche míle. Ambasa ach do chuimhnigheas gur bh’fhearr gan dul a thuille.

Ansan d’fhéachas am’ thímpal. Bhí fhios agam go raibh Cúm na n-Éag ar m’ aghaidh soir díreach, agus go bhféadfainn cómhgar mór a dhéanamh ach aghaidh a thabhairt soir. Bhí fhios agam, leis, nár bh’ fhada go mbuailfeadh tigh éigin umam, agus nár bhaoghal ná go bhfaghainn mo dhóithin le n-ithe ann. Siúd soir mé tríd an sliabh. Bhíos ag cur na slíghe dhíom soir go dtí gur mheasas nár bh’fhéidir dom gan bheith ag teacht ar Chúm na n-Éag. Thánag ar chúm, ach níor bh’ é Cúm na n-Éag. Thánag ar chúm, ach níor bh’ é Cúm na n-Éag é. Clais mhór fhada ab eadh an cúm, mar a bhéadh gearadh mór fada leathan tríd an sliabh, ó-thuaidh agus ó-dheas, agus sruthán beag ag ruith ó-dheas tríd an ngearadh, le tuitim an tailimh, agus bóthar tríd an ngearadh, fan an tsrutháin. Ba dhóich le duine gur bh’ é rud an gearadh san, tríd an sliabh, ’ná caidhséar a dhein an sruthán do féin, ach amháin go raibh an caidhséar ró mhór, ro leathan, ró dhoimhinn, agus an