Page:Mo sgeal fein.djvu/95

From Wikisource
Jump to navigation Jump to search
This page has been proofread.


ar an Mangartain ó’n mbóthar, ach bhí fhios agam cad é an treó baill ’n-a raibh an cnuc. Shiúbluigheas an bóthar siar go dtí go rabhas, mar a mheasas, ar aghaidh an chnuic ó-dheas, nó, go dtí go raibh, do réir mo bhreitheamhantais, an Mhangarta ar m’ aghaidh ó-thuaidh díreach. Ansan d’imthigheas isteach tar claidh an bhóthair agus thugas m’ aghaidh ó-thuaidh tríd an sliabh. Bhí an talamh ana gharbh, ana mí-chothromach, lán de chlochaibh agus de thurtógaibh agus de phollaibh agus de charaigreachaibh, ach do chomáineas liom ó-thuaidh díreach. Bhí srutháin laethana dhoimhinne rómham le gabháil thórsa. Do stadainn uaireanta ar bruach srutháin acu ag féachaint síos ar na breacaibh beaga a bhíodh ionta thíos, ag sgeinnt anonn ’s anall, agus ag dul isteach fés na clochaibh nuair a chídís mé. Ansan do chomáininn liom ó-thuaidh airís agus mé ag faire chúgham, ag brath air nár bh’ fhada go bhfeicfinn ceann mór ramhar na Mangartan ag eirighe chúgham de dhruim an chnuic ar a rabhas ag siúbhal. Ach bhí an ghrian ag eirighe lastoir agus ní raibh an Mhangarta ag eirighe lastuaidh. Bhí tigh mhuíntir Thuama agus na tighthe eile a bhí sa chómharsanacht ag imtheacht as mo radharc lasteas, agus ní raibh aon rud lastuaidh díom fós, ná lastoir díom, ná laistiar díom, ach an sliabh agus é lán des na clochaibh agus des na turtógaibh agus des na caraigreachaibh. Bhí an ghrian ag druidim suas ar an spéir lastoir agus an brothal ag tosnughadh ar theacht aisti, agus bhí tart ag teacht orm. Bhaineas deoch breagh a’ ceann des na sruthánaibh, agus chomáineas liom ó-thuaidh.

Fé dheire do chonac ceann mór ramhar na Mangartan ag eirighe chúgham. D’féachas go géar air. Do mheasainn go mbíodh sé ag suathadh agus ag guagadh