Page:Mo sgeal fein.djvu/100

From Wikisource
Jump to navigation Jump to search
This page has been proofread.

an chnuic, do stadainn agus d’fhéachainn am’ thímpal ar an ndúthaigh a bhí laistiar díom. Bhí an radharc san ag leathanughadh agus ag dul i mbreaghthacht fé mar a bhíos ag druidim suas. Nuair a bhíos tamall maith suas bhí an radharc chómh breagh chómh mór chómh leathan sin go stadadh m’ anál orm nuair fhéachainn am’ thímpal air. Fé dheire do shroiseas an fiaradh. Do stadas ansan tamall maith ag féachaint am’ thimpal. Dob’ uathbhásach an radharc é! Bhí an lá chómh glan le criostal. Bhí sgamaill bheaga bhána ar an spéir, ach bhíodar ana fhada suas agus bhí an t-aer fútha gan aon bhlúire ceóigh ann, i dtreó gur fhéadas an talamh, agus na páirceana, agus na coillte, agus cuid des na h-aibhníbh, agus cuid des na teampullaibh, agus an chuid des na tighthibh cómhnuighthe ná raibh ró fhada uaim, a dh’fheisgint go soiléir. Bhí Cill Áirne ansúd thíos am’ aice, chómh cómhgarach san dom, dar liom, go measainn go bhféadfainn méaróg chloiche do chaitheamh síos isteach sa tsráid bheag.

Ar éadan an chnuic iseadh bhíos an uair sin. Bhí an tuitim lasmuich dhíom agus a leithéid d’fhánaidh ann go measainn dá sgaoilinn cloch síos ná stadfadh sí go dtí go mbéadh sí ag bun an chnuic. Bhí bara an chnuic go breagh leathan leibhéalta laistiar díom, agus gur dhóich leat nuair a dhruidfeá isteach air nách ar mhullach cnuic a bheifeá i n-aon chor ach ar réidh bhreágh leathan. Do dhruideas isteach air. Ní raibh aon choinne agam, go dtí go rabhas ag siúbhal air anonn ’s anall ar an gcuma san, go raibh an mullach chómh breagh fada fairsing. Bhí na cnuic mhóra eile, agus na cnuic bheaga ar a measg, laistiar agus laisteas agus lastoir díom. Ba dhóich leat ná raibh sa chuid eile acu ach cruiceóga bheaga seachas an beithigheach cnuic a bhí fé