Page:Mo sgeal fein.djvu/101

From Wikisource
Jump to navigation Jump to search
This page has been proofread.

m’ chosaibh. Ní raibh ach Corán Tuathail, a bhí ansúd laistiar díom, go raibh aon téagar ná aon aoírde ann, dar liom. Bhí an Dá Chí agus Mullach an Ois lastoir díom, agus d’fhéachadar ana shuarach. D’fhéachas ó-dheas féachaint an aithneóchainn an “Leitir ná léightear.” Do theip orm glan aon phioc d’á dheabhramh a dhéanamh amach ameasg na sliabh eile. Ní raibh sa n-áit ar fad ach grathain sléibhte. Bhí radharc siar ó-dheas agam ar na h-inbhiribh atá ag teacht isteach ó’n bhfaraige idir na cnucaibh, i dtreó gur dhóich le duine gur b’amhlaidh a bhéadh na cnuic ag dul fé uisge, agus nár bh’ fhada go mbéadh an fharaige os a gcionn; nó gur b’ amhlaidh a bhéadh na cnuic ag eirighe as an uisge, agus nár bh’ fhada go mbéadh an fharaige imthighthe siar ar fad amach as na gleanntaibh sin atá idir na cnucaibh. Ag féachaint ortha dhom thugas fé ndeara láithreach an chosamhlacht chruinn atá idir an radharc a chonac ansúd, idir chnucaibh agus uisge, agus an radharc a chíon aoinne nuair fhéachan sé ar an gcúinne thiar theas de mhapa na h-Éirean ar fhalla thíghe sgoile. Níor fhéadas gan fanmhaint tamall maith ag féachaint ar an mapa úd atá ansúd anois, agus nach fios dómh-sa ná d’aoinne eile cad é an fhaid atá ó cuireadh ann é.

Tar éis mé bheith tamall maith ag féachaint air agus ag machtnamh air, d’iompuigheas agus bhuaileas soir tríd an réidh bhreagh leathan ar an mullach. Ní fada soir a chuas nuair a baineadh árd-gheit asam. Do chonac ar m’ aghaidh amach poll mór leathan doimhinn, síos ansa chnuc. B’ é saghas puill díreach é ’ná an poll a bhéadh ann dá mb’ amhlaidh a bainfí ceann de Chíochaibh Danann ainíos a’ lár na Mangartan agus an Chí sin do chaitheamh thall i n-aice na Chíche eile, mar a bhfuil