Page:Mo sgeal fein.djvu/102

From Wikisource
Jump to navigation Jump to search
This page has been proofread.

sí anois, an taobh a bhí suas di, sa chnuc, ar an dtalamh, agus an ceann caol di, a bhí síos sa chnuc, é suas anois. Ba dhóich leat, dá dtógfaí ó’n dtalamh airís í agus í chur isteach sa pholl, an ceann caol di síos, go líonfadh sí an poll agus go mbéadh mullach na Mangartan ’n-a réidh bhreagh leathan, ar aon leibhéal ó thaobh taobh, mar a bhí sé sar ar tógadh an cnuc eile sin ainíos as.

Má fhanas tamall maith ag féachaint siar ar na sléibhtibh agus ar na h-inbhiribh i n-iarthar Éirean, ó Bhaoí Bhéara go h-inbhear Neidín agus go h-inbhear Thrágha Lí agus go h-inbhear an Daingin, do thugas tamall ba mhó ’ná é ag féachaint uaim síos sa pholl úd gur baineadh, dar liom, an chíoch ba ghiora dhom de Dhá Chích Danann ainíos as uair éigin fadó. Níor fhéadas dul ró achmair do’n pholl. Bhí an tuitim ó ’n-a bhruach síos ró dhíreach agus dá dtéighinn ró imealach ar an mbruach ba bhaoghal dom go n-imteóch’ an fód ó m’ chosaibh agus go sgaoilfí le fánaidh mé. Thánag chómh h-achmair, ámhthach, agus go raibh radharc agam ar an loch uisge atá thíos i mbun an phuill. Féachan an loch san go fada síos agus go grána agus go h-uaigneach agus go dubh.

Shamhluigheas gur bh’ amhlaidh a bhí draoidheacht éigin ag an loch san d’á imirt ar mo shúilibh, d’fhanas chómh fada san ag féachaint síos air. Nuair fhéachainn am’ thímpal tamall, soir ar an Dá Chí nó ó-dheas ar na h-inbhiribh, níor bh’ fhada go n-iompuigheadh mo shúile thar n-ais airís, agus síos ar an loch grána dubh úd. D’fhéachainn anonn ar an dtaobh thoir de’n pholl agus chínn radharc áluinn ann, taobh an phuill ’n-a sheasamh thall, ar m’ aghaidh anonn agus an ghrian ag taithneamh air agus sgáileana na sgamall mbeag leathta amach air agus iad ag gluaiseacht fan é go breagh réidh, díreach mar a