Page:Mo sgeal fein.djvu/103

From Wikisource
Jump to navigation Jump to search
This page has been proofread.

bhí na sgamaill bheaga féin ag gluaiseacht thuas os mo chionn ar an spéir. Ansan, nuair fhéachainn síos airís ar an loch, agus nuair a chuirinn cor díom anonn nó anall, shamhluighinn go mbíodh an loch, agus bun an phuill ar fad, ag suathadh agus ag luasgarnaigh anonn ’s anall, díreach mar a bhíodh mullach an chnuic féin nuair a bhíos ag féachaint air andeas ó’n “Leitir ná léightear.”

Nuair a bhínn cortha de bheith ag féachaint síos ar an loch grána dubh agus anonn ar an dtaobh thoir de’n pholl, agus am’ shuathadh féin anonn ’s anall go bhfeicfinn an luasgarnach laistíos, d’fhéachainn uaim ó-thuaidh ar an ndúthaigh bhreagh a bhí leathta amach lastuaidh díom. Bhí um an dtaca san an bhreacarnach chéadna ar an ndúthaigh sin a bhí ar an dtaobh thoir de’n pholl, mar bhí na sgamaill bheaga tar éis iad féin do leathadh amach ar an spéir go léir, agus bhí na sgáileana beaga leathta amach ar an ndúthaigh go léir. Ní fheaca riamh roimis sin, agus ní fheaca riamh ó shin, radharc chómh breagh leis an radharc a bhí leathta fé m’ shúilibh nuair a bhíos ag féachaint siar agus ó-thuaidh agus soir ar an ndúthaigh sin, agus an bhreacarnach san, sgátha agus soluis, ar leathadh air. Bhí an bhreacarnach chéadna ar an spéir thuas, os cionn na dútha, ach so a bheith de dheifrigheacht idir an mbreacarnach thuas agus an bhreacarnach thíos, .i. an rud ba sgáth laistíos gur sholus lastuas é, agus an rud ba sholus laistíos go mba sgáth lastuas é. Sgamaill gheala ab eadh na sgamaill bheaga a bhí ar an spéir agus bhíodar níba ghile ’ná mar a bhí an spéir ’n-a dtímpal. Tríd an spéir a bhí gan sgamall a thagadh solus na gréine anuas, agus an sgamall beag geal isé chuireadh an sgáth ar an dtír laistíos dé.

Thugas oiread san aimsire ag féachaint ar na