Page:Mo sgeal fein.djvu/104

From Wikisource
Jump to navigation Jump to search
This page has been proofread.

radharcanaibh breaghtha san, ar na sléibhtibh agus ar na h-inbhiribh laisteas díom, ar an ndúthaigh, ní h-eadh, ach ar na dúthaíbh móra leathana lastuaidh díom, ar an bpoll uathbásach a bhí ansúd agam’ chosaibh, ar an loch dubh draoidheachta a bhí ansúd thíos, ag suathadh agus ag luasgarnaigh, i mbun an phuill, agus ar an mbreacarnach sgátha agus soluis a bhí ortha go léir, go raibh an tráthnóna ag teacht sar ar tháinig aon phioc d’á chuimhneamh chúgham go raibh Cnuc an Eirbaill tamall maith soir ó-thuaidh uaim, agus go gcaithfinn dul ann i gcóir na h-oídhche. Ansan féin ba ró dheacair liom imtheacht ó’n radharc. Ag dul i mbreaghthacht a bhí an radharc fé mar a bhí an ghrian ag druidim síos agus an solus ag atharughadh; an solus ag lagudhadh agus na sgáthana ag dorchughadh; agus an loch thíos i mbun an phuill ag dúbhchtaint tuille agus ag dul, ba dhóich le duine, tuille fé ’n ndraoidheacht. Thugas iaracht ar imtheacht. Do stadas tamaillín eile. Thugas iaracht eile ar imtheacht agus do stadas tamaillín chun aon fhéachaint amháin eile thabhairt am’ thímpal ortha go léir. Fé dheire do ritheas as an áit.


B’ usa go mór agus ba shaoráidíghe teacht an cnuc anuas ’ná dul suas. Mar sin féin, bhíos tamall maith ag teacht anuas mar, an fhaid a lean an radharc leathan, ní fhéadainn gan stad anois agus airís chun mo shúile do shásamh air. Um an dtaca n-a rabhas ag bun an chnuic bhí an oídhche ann, i dtreó gur bh’ ar éigin a bhí solus mo dhóithin agam chun na Fleisge do ghabháil. Do ghabhas í, ámhthach, gan mo chosa do fhliuchadh, agus chomáineas liom ó-thuaidh go dtí gur chuireas mo chos ar bhóthar Chille Áirne. Bhí an oídhche dhubh ann um an dtaca san; ach bhí an oídhche go breagh agus go ciúin,