Page:Mo sgeal fein.djvu/105

From Wikisource
Jump to navigation Jump to search
This page has been proofread.

agus níor bh’ fhada gur eirigh an ghealach. Nuair a bhí an ghealach ’n-a suidhe agus an solus agam ba chuma liom an oídhche nó an lá agam. Chomáineas liom an bóthar soir. Thánag go dtí áit ’n-a raibh falla mór árd cloiche ar an dtaobh thuaidh de’n bhóthar, ar mo láimh chlé, agus seana chaisleán laistigh de’n fhalla. Do h-innseadh dom cúpla lá roimis sin go raibh droch ainim ar an seana chaisleán agus ar an áit sin de’n bhóthar; go bhfeictí púca nó sprid nó rud éigin mí-nádúrtha de’n tsórd san ann. Bhí sé ag déanamh amach ar uair an mheadhon-oídhche nuair a thánag go dtí an áit. Bhíos ag cuimhneamh ar an bpúca, ach má bhíos ní le h-aon eagla roimis an bpúca é. Bhíos ’ghá rádh am’ aigne gur mhór an díth céille do dhaoine bheith ’ghá mheas go bhféadfadh púcaí bheith sa n-oídhche ann ach chómh beag agus bheidís ann i lár an lae. Le n-a linn sin siúd chúgham an bóthar anoir ainimhíghe éigin uathbhásach agus é ar cosanáirde go dian. Bhí crainn ar gach taobh de’n bhóthar sa n-áit, i dtreó nár fhéadas i n-aon chor a dhéanamh amach cad é an saghas ruda an t-ainimhíghe. Bhí baitín beag am’ láimh agam. D’árduigheas an baitín d’á luighead agus d’á shuaraíghe é. Do rith an t-ainimhíghe chúgham go dtí go raibh sé ar m’ aghaidh amach. Díreach agus é ag gabháil thorm siar do leagadh ar an mbóthar é. D’eirigh a leath agus ghaibh sé siar ar cos anáirde agus d’fhan an leath eile ar an mbóthar. Bhíos ag iniúchadh ar an leath a bhí ar an mbóthar. Ach níor fhéadas a déanamh amach cad é an saghas ruda é. Le n-a linn sin d’eirigh sé de’n bhóthar agus dhein sé orm.

“Fan uaim amach!” arsa mise, “pé rud tú!” agus mo bhaithín anáirde agam.

Do labhair sé.

“Ó mhaise!” ar seisean, “go mbrisidh an D——l do