Page:Mo sgeal fein.djvu/106

From Wikisource
Jump to navigation Jump to search
This page has been proofread.


chosa, mar asal!” agus é ag féachaint an bóthar siar i ndiaigh an ruda a bhí imthighthe siar ar cos anáirde. “Gabhaim pardún agat!” ar seisean liom-sa. “Is amhlaidh a chaitheas mé féin anuas de’n bhitheamhnach asail sin. Do leagas é d’aon ghnó chun teacht anuas dé. Ag dul soir go Sráid an Mhuillinn atáim. D’fhágas Cill Áirne um thráthnóna chun dul soir go Sráid an Mhuillinn. Bhíos chómh fada soir leis an mBara Dubh nuair a bhuail an t-asal san umam ar an mbóthar. Do rugas air agus do léimeas anáirde air chun é bhreith liom agus marcaigheacht a bheith agam as tamall de’n bhóthar. Chómh luath agus bhíos socair anáirde air agus do fuair sé ná féadfadh sé mé chaitheamh dé, cad a dhein sé ach iompáil an bóthar siar! Níor fhéadas é chasadh toisg gan srian ná ceannrach a bheith agam air. Bhéarfadh sé siar isteach go Cill Áirne mé airís mura mbéadh mé ’ghá leagadh ansan ar an mbóthar. Do rugas ar chluais air a d’iaraidh é chasadh soir, agus is amhlaidh a leagas é, an rógaire bitheamhnaigh!”

Ansan d’inis sé dhom cé ’r bh’ é agus cad é an gnó a bhí soir go Sráid an Mhuillinn aige. Ó thigh na mbocht i gCill Áirne dob eadh a tháinig sé agus go tigh na mbocht i Sráid an Mhuillinn a bhí sé ag dul. Garsún cheithre mblian ndéag nó chúig mblian ndéag ab eadh é. Cheap sé an éagcóir a dhéanamh ar an asal agus thug an t-asal “cor i n-aghaidh an chaim” dó.

Chomáineamair araon linn ansan an bóthar soir, agus dheineamair cuideachtanas d’á chéile go dtí gur shroiseamair an bóithrín ó-thuaidh chun an tíghe ar Cnuc an Eirbaill mar a raibh mo ghaolta-sa ’n-a gcómhnuighe agus mar a raibh mo thriall i gcóir na h-oídhche. Do