Mo Sgéal Féin/11

From Wikisource
Jump to navigation Jump to search
Mo Sgéal Féin
by Peadar Ua Laoghaire
Mo Sgéal Féin is the autobiography of Peadar Ua Laoghaire (1839–1920), published in 1915.

[ 76 ]

XI
AN MHANGARTA

Tá sé chómh maith agam a dh’innsint sa n-áit seo conus mar a dheineas beart a bhí mí-chúibhsach go leór abhfad sar a’ ndeigheas isteach i n-aon sgoil riamh ach amháin an sgoil a thug mo mháthair dom. Bhíos, is dóich liom, tímpal deich mbliana dh’aois, nó b’ fhéidir ag déanamh ar bheith aon bhliain déag. Bhí trí nó ceathair de cholanaibh beaga seasga agam’ athair le cur siar go dtí an Leitir Cheanan, ar an gcnuc, i dtreó go gcaithfidís an samhradh ann agus go bhfágfaí an fhosaidheacht sa bhaile ag na buaibh bainne. Bhí fear oibre againn. Micheál ua Fineagáin ab ainim dó. Bhí dathacha ag imirt ar an nduine mbocht. Dheanfadh sé obair maith go leór ach ní fhéadfadh sé ruith. Dúbhradh leis na ba seasga do chomáint leis siar go dtí an cnuc. Dúbhradh liom-sa dul le n-a chois i dtreó dá mbéadh na ba ag ruith uaidh, [ 77 ]a’ d’iaraidh teacht thar n-ais abhaile, go ndéanfinn-se ruith agus teacht rómpa dhó.

Chomáineamair linn iad, Daingean na Saileach siar; síos ar bhóthar Chnuic an Iúbhair; siar go Béal an Gheártha; siar tré Charaig an Adhmaid; siar chun an Mhuillinn. Ag an Muillean do chuamair ó-dheas thar an ndrochad. Ansan do chomáineamair an bóthar siar iad go Cúil Aodha; fan Loch’ an Bhogaidh siar; tré Dhoirín na Gréine; agus siar go bun an chnucáin mar a dtosnuighean an bóthar ag gabháil suas Cúm na n-Éag. Tháinig tuirse ar Mhicheál ag bun an chnuic sin. Dúbhairt sé liom-sa aire thabhairt dos na buaibh agus do shín an duine bocht ar thaobh an bhóthair agus choidil sé greas dó féin. Ní raibh aon locht ag na buaibh air sin. Bhí féar breagh glas ar gach taobh de’n bhóthar agus d’itheadar a ndóithin dé.

Nuair a bhí a ghreas codlata déanta ag Micheál agus greas maith ingír déanta ag na buaibh do chomáineamair linn airís iad; suas cliathán an chnuic go bara Chúm na n-Éag agus siar bóthar Neidín go dtí gur shroiseamair an Leitir Cheanan, nó, mar a dúbhairt file éigin nó bean chaointe éigin, “an Leitir ná léightear.”

Chuamair isteach i dtigh na ndaoine go mba leó an cnuc. Fuaramair rud le n-ithe agus le n-ól go fial. Bhí sé ’n-a thráthnóna mhór luath. D’fhan Micheál istigh, ach do chuas-sa i n-aonfheacht le fear óg de mhuíntir an tíghe a bhí chun na mbó do chomáint suas an cnuc chun na h-áite ’n-a rabhadar le fanmhaint, i dteannta na mbó eile a bhí ann ar an gcuma gcéadna.

Bhí bean ó’n gcómharsanacht san pósta, ar Prothus, i bparóiste Thuath na Droman, ag dritháir athar dómh-sa. An fhaid a bhíomair ag gabháil suas an cnuc bhí radharc againn ó-dheas ar na tighthibh a bhí ar an dtaobh theas [ 78 ]de’n ghleann. Chromas ar cheistiuchán ar an mbuachaill a bhí lem’ chois ’ghá fhiafraighe dhé cé bhí ’n-a chómhnuighe, “sa tigh úd tall,”—“sa tigh eile úd tall”—agus mar sin, go dtí gur ainimnigh sé duine de mhuíntir Thuama.

“Ná fuil bean as an dtigh sin pósta lastoir i n-áit éigin?” arsa mise.

“Tá go díreach,” ar seisean. “Tá sí pósta ag fear de mhuíntir Laoghaire thoir ar fad ar Prothus.”

“Cad é an ainim atá ar an bhfear san?” arsa mise.

“‘Peadar Ruadh,’ a thugaid siad air,” ar seisean.

Sin a raibh uaim. D’fhéachas go géar ar an dtigh i dtreó gur chuireas a chómharthaí isteach am’ aigne go daingean. Chomáineamair linn suas na ba go dtí gur chuireamair isteach i gcumar bhreagh chlúthmhar iad, mar a raibh a lán eile ba seasga, agus gairbhthean a thaithn leó acu agus iad ag ingíor air go suairc.

Bhíomair ar an gcliathán thuaidh de’n “Leitir ná léightear” an uair sin agus bhí radharc breagh againn. Bhí gleann ana dhoimhinn, ana leathan lastuaidh dínn, agus cnuc ana mhór, ana árd lastuaidh de’n ghleann.

“Cad é an ainim atá ar an gcnuc mór san?” arsa mise.

“Ar airighis riamh teacht thar an Mangartain?” ar seisean.

“D’airigheas go minic,” arsa mise. “‘Mangarta an Cheóigh’ a dh’airighinn i n-amhránaibh air.”

“Ní misde Mangarta an Cheóigh a thabhairt air go deimhin,” ar seisean. “Bíon an ceó go trom agus go dorcha air uaireanta.”

“Is dócha,” arsa mise, “go bhfuil radharc ana mhór ó n-a bhara.”

“Tá,” ar seisean, “radharc ana mhór ó n-a bhara. [ 79 ]Ba dhóich leat go bfeicfeá Éire go léir ó n-a bhara dá mbéadh an lá glan.”

“Tá sé ana ghlan anois,” arsa mise. “Ní bheidh an ghrian ag dul féi go ceann tamaill. Beidh aimsir ár ndóithin againn chun dul suas go dtí a bhara agus an radharc breagh dh’fheisgint. Téanam ort.”

D’féach sé orm.

“An bhfuil fhios agat,” ar seisean, “cad é an fhaid atá an cnuc san uait anois?”

“Ba dhóich liom,” arsa mise, “go bhfuil sé dhá mhíle go maith uainn.”

“Dhá míle!” ar seisean agus iongnadh air. “Isé méid atá an cnuc san uait anois, a mhic ó,” ar seisean, “’ná deich míle; agus dob’ usa dhuit go mór fiche míle de bhóthar a shiúbhal ’ná an deich míle sin!”

Ní dúbhart a thuille, ach dheineas ceapadh am’ aigne féin. Dúbhart liom féin go n-eireóchainn ana mhoch ar maidin amáireach a bhí chúghainn agus go raghainn go bara an chnuic sin sar a mbéadh Micheál ua Fineagáin as a leabaidh.

Thánamair abhaile. Chuas isteach sa tigh. Bhí seana bhean ag caint istigh agus mheasas go raibh fearg uirthi. Do buaileadh isteach am’ aigne gur doicheal a bhí uirthi romham. Níor leigeas aon rud orm. Do shleamhnuigheas chun an doruis. Níor dheacair dom sleamhnughadh chun an doruis, mar ní rabhas tar éis dul abhfad isteach ó’n ndorus. Chómh luath agus fuaras mé féin ar an dtaobh amuich de’n dorus chuireas an talamh díom! Síos liom chun na glaise agus anonn thar glaise, agus suas, ar an dtaobh theas de’n ghlaise agus de’n bhóthar, chun tíghe mhuintir Thuama. Chómh luath agus tánag isteach sa chlós, siúd trí nó ceathair de ghadharaibh ag amhstaraigh orm. Siúd beirt nó triúr [ 80 ]am’ chosaint ortha. Bhuaileas thórsa go léir isteach, idir ghadharaibh agus lucht cosanta. Bhuaileas suas chun na teine. Bhí sé tamall beag tar éis na h-oídhche thuitim. Nuair a shroiseas an teine chonac seana bhean bhreagh mhór bhrothalach mháithreamhail agus í n-a suidhe ar fhuarma i n-aice na teine, i leith mo láimhe clé. D’fhéachas uirthe agus d’imthigheas agus shuidheas ar chathaoir a bhí ar an dtaobh eile de’n teine. Níor labhras le h-aoinne agus níor labhair aoinne liom, ar feadh tamaill. Fé dheire do labhair an bhean mhór liom go breagh séimh sultmhar.

“Seadh, a gharsúin,” ar sisi, “cár ghabhais chúghainn?”

“Go deimhin,” arsa mise, “ba chóir go n-aithneóchadh sibh mé!” agus do gháireas.

Níor labhair aoinne ar feadh tamaill eile, ach bhí an bhean mhór ag cur na súl tríom. Fé dheire do labhair sí airís.

“B’fhéidir gur anoir a ghabhais chúghainn?” ar sisi.

“Is anoir,” arsa mise, “agus Peadar ua Laoghaire is ainim dom.”

“Seadh, a Pheadair uí Laoghaire,” ar sisi, “aithnighim go maith anois tú. Mac do Dhiarmuid iseadh thú.”

“Mac do Dhiarmuid iseadh mé,” arsa mise.

Do cuireadh gach aon chóir orm láithreach agus ní baoghal gur mhothuigheas aon doicheal rómham. Ní raibh aon bhlúire doichil sa n-áit eile rómham ach chómh beag, pé rud a chuir am’ aigne go raibh.

Chuas a chodla. Ach bhí an Mhangarta am’ aigne agam. Chómh luath agus chonac an chéad amhsgarnach de sholus an lae ar maidin bhíos am shuidhe agus amuich. Siúd síos mé go dtí an bóthar. Nuair a thánag ar an mbóthar d’fhéachas uaim ó-thuaidh. Ní raibh aon radharc [ 81 ]ar an Mangartain ó’n mbóthar, ach bhí fhios agam cad é an treó baill ’n-a raibh an cnuc. Shiúbluigheas an bóthar siar go dtí go rabhas, mar a mheasas, ar aghaidh an chnuic ó-dheas, nó, go dtí go raibh, do réir mo bhreitheamhantais, an Mhangarta ar m’ aghaidh ó-thuaidh díreach. Ansan d’imthigheas isteach tar claidh an bhóthair agus thugas m’ aghaidh ó-thuaidh tríd an sliabh. Bhí an talamh ana gharbh, ana mí-chothromach, lán de chlochaibh agus de thurtógaibh agus de phollaibh agus de charaigreachaibh, ach do chomáineas liom ó-thuaidh díreach. Bhí srutháin laethana dhoimhinne rómham le gabháil thórsa. Do stadainn uaireanta ar bruach srutháin acu ag féachaint síos ar na breacaibh beaga a bhíodh ionta thíos, ag sgeinnt anonn ’s anall, agus ag dul isteach fés na clochaibh nuair a chídís mé. Ansan do chomáininn liom ó-thuaidh airís agus mé ag faire chúgham, ag brath air nár bh’ fhada go bhfeicfinn ceann mór ramhar na Mangartan ag eirighe chúgham de dhruim an chnuic ar a rabhas ag siúbhal. Ach bhí an ghrian ag eirighe lastoir agus ní raibh an Mhangarta ag eirighe lastuaidh. Bhí tigh mhuíntir Thuama agus na tighthe eile a bhí sa chómharsanacht ag imtheacht as mo radharc lasteas, agus ní raibh aon rud lastuaidh díom fós, ná lastoir díom, ná laistiar díom, ach an sliabh agus é lán des na clochaibh agus des na turtógaibh agus des na caraigreachaibh. Bhí an ghrian ag druidim suas ar an spéir lastoir agus an brothal ag tosnughadh ar theacht aisti, agus bhí tart ag teacht orm. Bhaineas deoch breagh a’ ceann des na sruthánaibh, agus chomáineas liom ó-thuaidh.

Fé dheire do chonac ceann mór ramhar na Mangartan ag eirighe chúgham. D’féachas go géar air. Do mheasainn go mbíodh sé ag suathadh agus ag guagadh [ 82 ]agus ’ghá luasgadh féin anonn ’s anall i n-aghaidh gach ciscéim d’á dtugainn. Thuigeas go maith gur bh’ é an fhaid abhí sé uaim fé ndeár an luasgarnach san, nó a dheabhramh. Chomáineas liom ó-thuaidh tamall eile go dtí gur osgail an gleann mór leathan doimhinn fúm thíos lastuaidh díom, agus idir mé agus an Mhangarta.

Bhí tamall maith de’n mhaidin imthighthe um an dtaca san. Bhí ocras ag teacht orm. Bhíos suaithte go maith, agus tuirse orm agus allus orm, ó bheith ag siúbhal tríd an sliabh. D’fhéachas ar an ngleann a bhí ansúd ar leathadh ar m’ aghaidh amach, agus d’fhéachas uaim ó-thuaidh ar an Mangartain—agus chuimhnigheas ar an deich míle úd a bhí níba dheacra do shiúbhal ’ná fiche míle. Ambasa ach do chuimhnigheas gur bh’fhearr gan dul a thuille.

Ansan d’fhéachas am’ thímpal. Bhí fhios agam go raibh Cúm na n-Éag ar m’ aghaidh soir díreach, agus go bhféadfainn cómhgar mór a dhéanamh ach aghaidh a thabhairt soir. Bhí fhios agam, leis, nár bh’ fhada go mbuailfeadh tigh éigin umam, agus nár bhaoghal ná go bhfaghainn mo dhóithin le n-ithe ann. Siúd soir mé tríd an sliabh. Bhíos ag cur na slíghe dhíom soir go dtí gur mheasas nár bh’fhéidir dom gan bheith ag teacht ar Chúm na n-Éag. Thánag ar chúm, ach níor bh’ é Cúm na n-Éag. Thánag ar chúm, ach níor bh’ é Cúm na n-Éag é. Clais mhór fhada ab eadh an cúm, mar a bhéadh gearadh mór fada leathan tríd an sliabh, ó-thuaidh agus ó-dheas, agus sruthán beag ag ruith ó-dheas tríd an ngearadh, le tuitim an tailimh, agus bóthar tríd an ngearadh, fan an tsrutháin. Ba dhóich le duine gur bh’ é rud an gearadh san, tríd an sliabh, ’ná caidhséar a dhein an sruthán do féin, ach amháin go raibh an caidhséar ró mhór, ro leathan, ró dhoimhinn, agus an [ 83 ]sruthán ró shuarach. Dá mbéadh seachtmhain fearthana ann, ámhthach, agus an fhearthainn trom, ní dóich liom go mbéadh an sruthán ró shuarach chun an chaidhséir a dhéanamh. Do stadas ar bruach an chaidhséir ar feadh tamaill. Bhí cúis staid agam. Bhí an tsál imthighthe ó bhróig liom. Ní raibh puínn greama ag bonn na bróige eile. Agus bhí tuirse agus ocras orm. Bhíos ag féachaint an bóthar ó-thuaidh. Bhí radharc abhfad ó-thuaidh agam, mar bhí an bóthar díreach agus bhí an áit ’n-a rabhas árd go maith os cionn an bhóthair agus os cionn an tsrutháin. Níor bh’ fhada go bhfeaca ag gabháil chúgham an bóthar a-dtuaidh rud a chuir iongnadh agus alltacht orm. Bhí an rud ag siúbhal ar nós duine. Ach ní fheaca ar aon duine riamh a leithéid de cheann le méid. Bhí sé ag siúbhal ana ghéar. Fé mar a bhí sé ag teacht i gcómhgar dom iseadh ba mhó a chonac an deabhramh daona air, ach an ceann a bheith ag dul i méid go h-uathbhásach. Níor bh’fhada go bhfeaca go raibh adharca beaga ar an gceann. Go luath tar éis na n-adharc a thabhairt fé ndeara dhom do thuigeas an sgéal go léir. Bean a bhí ann agus corcán ar a ceann aici, a ceann sáidhte suas i mbéal an chorcáin aici agus an corcán lán d’fhéar thirim, i dtreó ná gortófaí an ceann, agus trí cosa an chorcáin anáirde mar bhéadh trí adhaircíní.

Chómh luath agus thuigeas an méid sin do ritheas síos agus thar sruthán soir agus bhíos ’n-a coinnibh ar an mbóthar um an dtaca ’n-a dtáinig sí suas.

Níor leigeas blúire orm i dtaobh na preibe do bhí bainte aici asam.

“Dia ’s Muire dhuit!” arsa mise léi.

“Dia ’s Muire dhuit a’s Pádraig, a gharsúin,” ar sisi; “ach ní aithnighím thu. Ní dóich liom,” [ 84 ]ar sisi, “gur aoinne de gharsúnaibh na h-áite seo thú?”

“Ní h-eadh,” arsa mise. “Anoir ó Chluandrochad iseadh mé, agus táim ag déanamh cómhgair soir abhaile. Táim ag tabhairt aghaidh soir ar Chúm na n-Éag. An bhfuil Cúm na n-Éag abhfad soir as so?”

D’fhéach sí go géar orm.

“Ó Chluandrochad!” ar sise. “Aililiú!” ar sisi. “Cúm na n-Éag!” ar sisi. Ansan, fé mar bhéadh a h-iongnadh curtha dhi aici, d’iompuigh sí orm. “Ach,” ar sisi, “tá Cúm na n-Éag ana fhada soir as so, agus tá an tslígh ana gharbh ana mhí-chothromach. Buail mar seo síos i n-aonfheacht liom-sa agus cuirfead ar an mbóthar tú. Tá bóthar breagh réidh agat ó’n gcrois seo thíos soir go Cúm na n-Éag, agus as san soir go dtí muilean Bhaile Mhúirne. Agus go deimhin is fada an bóthar é dhuit-se le siúbhal anois.”

Chomáineas liom síos le n-a cois. Níor bh’fhada go bhfeaca, thíos ag an gcrois, fear agus bata ’n-a láimh aige agus é ag crothadh an bhata chúgham go feargach. Micheál ua Fineagáin a bhí ann. Bhí an duine bocht tar éis an lae chaitheamh a’m chuardach. Nuair eirigh sé ar maidin ní raibh aon tuarisg orm ag aoinne dhó. Chonaic duine éigin mé ag dul anonn go thigh Mhuíntir Thuama. Chuaidh sé anonn. Ní raibh aon tuairisg thall orm ach gur thugas an oídhche ann agus ná feacaidh aoinne mé ag imtheacht ar maidin. Tháinig sé anall. Thall ná abhus ní raibh aon tuairisg orm.

“Cad a dhéanfad i n-aon chor!” ar seisean. “Conus a thabharfad aghaidh ar a athair agus ar a mháthair!”

“Imthigh ort abhaile,” arsa gach aoinne leis. “Thoir sa bhaile rómhat a gheóbhair é, gabhaim-se orm!”

Ar an mbóthar ag dul abhaile a bhí sé nuair a chonaic [ 85 ]sé chuige a-dtuaidh an bóthar úd tríd an gceidhséar mé. Bhí fearg air, ach ba mhó an t-áthas a bhí air ’ná an fhearg. Ní leigfeadh sé as a radharc as san amach mé go dtí go rabhamair araon sa bhaile. Nuair a shroiseamair an baile bhí iongnadh orm-sa. Níor labhair sé oiread agus focal amach as a bhéal chun aon ghearáin a dhéanamh orm mar gheall ar an sgannradh a chuireas air! Ní baoghal gur labhras féin ar an sgéal go dtí abhfad ’n-a dhiaigh san.

Public domain
This work is in the public domain in countries where the copyright term is the author's life plus 70 years or less. See Copyright.