Page:Mo sgeal fein.djvu/92

From Wikisource
Jump to navigation Jump to search
This page has been proofread.

de’n ghleann. Chromas ar cheistiuchán ar an mbuachaill a bhí lem’ chois ’ghá fhiafraighe dhé cé bhí ’n-a chómhnuighe, “sa tigh úd tall,”—“sa tigh eile úd tall”—agus mar sin, go dtí gur ainimnigh sé duine de mhuíntir Thuama.

“Ná fuil bean as an dtigh sin pósta lastoir i n-áit éigin?” arsa mise.

“Tá go díreach,” ar seisean. “Tá sí pósta ag fear de mhuíntir Laoghaire thoir ar fad ar Prothus.”

“Cad é an ainim atá ar an bhfear san?” arsa mise.

“‘Peadar Ruadh,’ a thugaid siad air,” ar seisean.

Sin a raibh uaim. D’fhéachas go géar ar an dtigh i dtreó gur chuireas a chómharthaí isteach am’ aigne go daingean. Chomáineamair linn suas na ba go dtí gur chuireamair isteach i gcumar bhreagh chlúthmhar iad, mar a raibh a lán eile ba seasga, agus gairbhthean a thaithn leó acu agus iad ag ingíor air go suairc.

Bhíomair ar an gcliathán thuaidh de’n “Leitir ná léightear” an uair sin agus bhí radharc breagh againn. Bhí gleann ana dhoimhinn, ana leathan lastuaidh dínn, agus cnuc ana mhór, ana árd lastuaidh de’n ghleann.

“Cad é an ainim atá ar an gcnuc mór san?” arsa mise.

“Ar airighis riamh teacht thar an Mangartain?” ar seisean.

“D’airigheas go minic,” arsa mise. “‘Mangarta an Cheóigh’ a dh’airighinn i n-amhránaibh air.”

“Ní misde Mangarta an Cheóigh a thabhairt air go deimhin,” ar seisean. “Bíon an ceó go trom agus go dorcha air uaireanta.”

“Is dócha,” arsa mise, “go bhfuil radharc ana mhór ó n-a bhara.”

“Tá,” ar seisean, “radharc ana mhór ó n-a bhara.