Page:Mo sgeal fein.djvu/117

From Wikisource
Jump to navigation Jump to search
This page has been proofread.

sé dhúinn nídh éigin ar a sgríbhfimís aiste Bhéarla dhó. Is cuimhin liom gur thug sé dhúinn, aon tráthnóna amháin, an rádh so chun na h-aiste do sgrí’ air, .i. “Perseverando vinces,” .i. “Beirean buan buadh.”

Bhíomair go léir i n-ár suidhe go ciúin, a pheann agus a dhubh agus a bhlúire páipéir ag gach aoinne agus é ag machtnamh ar a dhícheal a d’iaraidh cuimhneamh ar rud éigin a chuirfeadh sé síos. Uair a’ chluig a tugadh dúinn chun na h-oibre do dhéanamh. D’imthigh an aimsir, agus ba ghairid an mhoill uirthi imtheacht. Ba dhóich le duine ná raibh tar chúig neómataí sa n-uair a’ chloig sin. Do buaileadh an cloigín. Do shín gach aoinne suas a pháipéirín pé beag mór a bhí sgríobhtha aige air.

Um thráthnóna amáireach a bhí chúghainn thánamair go léir chun an halla chéadna. Is orm-sa a bhí an iongnadh nuair a glaodhadh m’ ainim ar dtúis. Do síneadh chúgham anuas an páipéirín chun go léighfinn amach é os a gcómhair go léir. Ansan d’imthigh rud greannmhar orm. Bhí sé air agam mo sgríbhinn féin do léigheadh, rud atá thar éis imtheacht orm go minic ó shin, leis. Bhíos ag treabhadh thríd ar feadh cúpla neómat.

“Tabhair dómh-sa é,” arsa’n múinteóir.

Shíneas chuige suas é. Do léigh sé amach é chómh breágh chómh réidh agus dá mb’ é féin do bhéadh tar éis é sgrí’. Admhuighim gur thaithn sé go maith liom. Thaithn sé go maith leó go léir. Mholadar go mór é pé’r domhan é.

Nuair a bhí deire na bliana ag teacht do ceapadh aiste dhúinn go léir le sgrí’ agus bhí duais aonair le fághail ag an t-é do sgríobhfadh an aiste ab fhearr. Sidé an rud ar a raibh orainn an aiste do sgrí’ .i. “The Elizabethan Age of English Literature.”

Tháinig deire na bliana. Chuamair go léir isteach sa halla mór. Bhí seisear nó mórsheisear Easbog