ar an árdán thuas. Do tugadh dómh-sa an duais aonair. Bhí orm raint de’n aiste do léigheadh i láthair na n‑Easbog.
Is cuimhin liom, i dtosach na sgríbhinne, gur thráchtas ar léighean na Gréige agus gur mholas é; gur thráchtas ar léighean na Rómha agus gur mholas é; gur thráchtas ar na léigheanaibh eile ar fuaid na h‑Euróipe, an Fhrainncis agus an Almáinnis agus an Spáinnis, na saighseana leighinn sin a shíolraidh ó’n nGréigis agus ó’n Laidin, agus do mholas iad. Ansan do thráchtas ar léighean agus ar úghdaraibh Shasana i n‑aimsir Elisabet, agus do mholas idir léighean agus úghdair. Níor dheacair dom iad do mholadh. Bhí eólus maith agam ar a lán acu. Bhíodar agam sa bhaile. Thug mo mháthair léi a‑dtuaidh ó’n Mullach Ruadh iad, beannacht Dé le n‑a h‑anam!
Siné díreach an pháirt de’n sgríbhinn a marcáladh dom le léigheadh os cómhair na n‑Easbog. Do léigheas amach é go h‑árd agus go neamhsgáthmhar.
Bhí duine des na h‑Easbogaibh ’n‑a shuidhe thuas i lár baill, díreach ar m’ aghaidh amach. Nuair a stadas d’eirigh sé ’n‑a sheasamh agus d’fhéach sé idir an dá shúil orm.
“Dheinis an méid sin go maith, a bhuachaill,” ar seisean. “Thugais do chuaird mór-thímpal ortha go léir. Do mholais léighean na Gréige. Do mholais léighean na Rómha. Do mholais léighean na Frainnce agus léighean na Spáinne agus léighean na h‑Almáinne. Ansan do mholais go h‑árd léighean Shasana. Agus féach, oiread agus aon fhocal amháin amach as do bhéal ní dúbhraís i dtaobh léighinn na h‑Éirean.”
Dúbhairt sé a lán eile ansan ’á chur ar mo shúilibh dom go raibh dearmhad mór déanta agam, mar go