Page:Mo sgeal fein.djvu/119

From Wikisource
Jump to navigation Jump to search
This page has been proofread.

raibh léighean na h-Éirean níb’ fhearr agus níob’ uaisle agus níba shine ’ná aon léighean des na léigheanaibh eile sin a dh’ainimnigheas.

Bhíomair araon ag féachaint go daingean agus go dlúth agus go díreach idir an dá shúil ar a chéile an fhaid a bhí sé ag caint.

Seághan mac Éil, Árd-easbog Thuama, isé do chas an t-asachán san liom-sa an lá san, i gColáisde Maighe Nuadhat, os cómhair na n-Easbog eile a bhí ann, agus os cómhair na n-uachtarán, agus os cómhair na gcoláisteánach go léir, agus admhuighim ó chroídhe gur bhain sé an mhóráil díom i gceart. D’ athruigh m’ aigne láithreach. D’imthigh an mhór-uraim a bhí tagaithe agam do’n Bhéarla, agus do lais airís am’ chroídhe an meas a bhí agam riamh roimis sin ar an nGaeluinn. Do chromas airís ar na leabhraibh Gaeluinne sa leabharlann do léigeadh agus do sgrúdadh, agus ar na blúiríní beaga filidheachta do thaithneadh liom do chur síos am’ leabhar sgríbhinne. Nuair a thagainn abhaile ar laethantaibh saoire bhínn ag gluaiseacht anso agus ansúd ar fuid na cómharsanachta ag bailiughadh amhrán agus seana chainteana Gaeluinne ó sheandaoine go mbíodh a leithéidí acu. Is cuimhin liom go ndeigheas siar lá go dtí an Tóchar, mar a raibh Dómhnall ua Loingsigh ’n-a chómhnuighe, agus go bhfuaras ó sheanduine bheag a bhí ’n-a chómhnuighe i n-aice Locha an Bhogaigh, amhrán ar a dtugtí “An Bodach beag tóstalach.” Tá an t-amhrán san i gclódh anois agus ní gádh é chur síos anso. Fuaras uaidh, leis, “An Giolla Ruadh,” an t-amhrán a chuir am’ aigne an tuairisg úd ar an gceól sídhe atá curtha síos agam i “Séadna.”